Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
gne-alt-fograiochta:-leargas-ar-an-saol-i-gcaitheamh-bliana-i-ngaeltacht-na-ndeise-–-na-ceithre-raithe-sna-deise-ar-tg4

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Léargas ar an saol i gcaitheamh bliana i nGaeltacht na nDéise – Na Ceithre Ráithe sna Déise ar TG4

| Tuairisc.ie | ,

Tá saol ar leith á chaitheamh ag muintir Ghaeltacht bheag na nDéise in iardheisceart Phort Láirge agus tabharfar léargas i sraith nua ceithre chlár ar an dlúthphobal sin i gcaitheamh bliana, aon chlár amháin in aghaidh na ráithe.  Tugtar cuireadh don lucht féachana leis an tsraith faisnéise seo bliain a chaitheamh i nGaeltacht na nDéise, áit a mbíonn na scéalta, mar is amhlaidh leis na séasúir, síoraí ag athrú.

Le tírdhreach álainn Chósta an Chopair agus Shléibhte an Chomaraigh sa chúlra, feicfimid mar a chaitear an saol i nGaeltacht iarthar Phort Láirge. Sa tsraith, a bhfuil scannánú álainn déanta air, gheobhaidh muid blaiseadh ceart den saol a chaitheann muintir an cheantair Ghaeltachta seo ina bhfuil an Ghaeilge ag dul ó neart go neart i gcónaí.

Tosóidh turas s’againne tráthnóna te samhraidh. Tá an scoilbhliain thart agus tá na scoláirí ag tosú ina gcuid jabanna samhraidh ag tógáil oisrí agus ag tarraingt piontaí pórtair Tigh Uí Mhuirithe, a cóiríodh amach le gairid.  De réir mar a bhíonn an teocht ag ardú, tugann na múrtha de shnámhaithe farraige na háite a n-aghaidh ar an gcósta le fáil faoi réir do shnámh bailithe airgid an RNLI. Tá foireann an tSeanphobail ar ais le chéile arís agus tá na himreoirí réidh le brú a chur ar fhoirne eile ar pháirc na hiomána.

Ní bhíonn sé i bhfad faraor go mbíonn sé ina Mheán Fómhair agus na páistí ag filleadh arís ar an scoil agus anuas air sin, tá tús arís leis na ranganna ceoil, agus is maith a thuigeann teaghlach ceoil amháin i mBarr na Stuac é sin.  Agus an tráthnóna ag éirí níos giorra, tá sé in am ag iománaithe an tSeanphobail a bheith dáiríre faoin gcluiche agus bíonn cuma dhiamhair ar chúrsaí aimsire na Samhna nuair a thugann seandálaí cuairt ar liosanna na dúiche agus tá na páistí ag críochnú amach a gcuid éadaí Oíche Shamhna le dul ag imirt Bob nó Bia.

Bíonn teaghlach amháin réidh le fáilte a chur roimh leanbh óg nuair a thagann an geimhreadh – bhuel, is í an Nollaig í nach í?! Tá an Nollaig faoi lán seoil anois agus cuirtear fios ar phíobaire uilleann a bhfuil aithne mhór air chun roinnt deisiúcháin a dhéanamh ar bhonn práinne. Tá leanaí Scoil Náisiúnta na Rinne ag prapáil dá gceolchoirm bhliantúil Nollag. Lá Fhéile Stiofáin tagann an pobal le chéile don phoc fada traidisiúnta – nós atá fós an-láidir sna Déise.

Agus an geimhreadh ag dul chun soininne, tugann fear agus a ghariníon a seolta leo le haghaidh séasúr eile ar an bhfarraige. Ar ais ar thalamh tirim tá ealaíontóirí na dúiche faoi bhláth, tá a ghuth aimsithe ag láithreoir raidió uaillmhianach áitiúil agus tugtar moladh mór d’ealaíontóir óg portráide as a cuid péintéireachta. Tá Tionól Nioclás Tóibín ar ais arís tar éis briseadh dhá bhliain. I saol an spóirt, is é cás an leoin agus na luiche atá ann agus Meánscoil San Nioclás ag tabhairt aghaidh ar fhathaigh Choláiste Íde agus Iosef ó Mhainistir na Féile i gCluiche Ceannais Scoileanna na Mumhan. Leis an scoil ar fad taobh thiar dóibh, ionann is 170 scoláire, an mbeidh iománaithe óga na Rinne ábalta bua gan choinne a fháil ar fhoireann Luimnigh?

Is machnamh ar an saol i nGaeltacht na nDéise an tsraith seo a ndearna Fionn Mac Giolla Chuda, Stiúrthóir Grianghrafadóireachta as an áit, léiriú agus scannánú fíor-álainn uirthi. Léirítear croí an phobail bhig Ghaeltachta seo sna cláracha agus téann siad go croí na nithe a ghríosaíonn muintir na dúiche seo. Cuirfidh ceoltóirí ón gceantar agus filíocht le Áine Uí Fhoghlú go mór leis na cláracha chomh maith.  Léiriúchán le Red Shoe Productions do TG4.

Ag tosú Déardaoin 24 Samhain ag 8pm agus aon am, aon áit ar Sheinnteoir TG4.

Níos mó