Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
imni-faoi-chinneadh-nach-ga-eisteacht-phoibli-a-chur-siar-toisc-‘bearla-brea-liofa’-a-bheith-ag-cach

Imní faoi chinneadh nach gá éisteacht phoiblí a chur siar toisc ‘Béarla breá líofa’ a bheith ag cách

| Ciaran O Suilleabhain | ,

Údar imní do ghníomhaithe teanga agus saineolaithe dlí cinneadh sa Chúirt Uachtarach nár ghá éisteacht de chuid an Bhoird Pleanála a chur siar mar go bhfuil “Béarla breá líofa” ag bean Ghaeltachta atá le teacht os a chomhair.

Cinneadh sa Chúirt Uachtarach an tseachtain seo caite go raibh sé “míréasúnta” 17 mí a chaitheamh ag aistriú acht Oireachtais, ach cinneadh chomh maith nár ghá ach ionstraimí reachtúla áirithe a aistriú. 

Agus cinneadh phainéal breithiúna de chuid na Cúirte Uachtaraí á mhíniú aige, dúirt an Breitheamh Gerard Hogan nár ghá an éisteacht a chur siar mar go raibh Béarla ar a toil ag an té a bhí ag éileamh go gcuirfí ionstraimí reachtúla ar fáil i nGaeilge. 

“Ós rud é go bhfuil Béarla breá líofa ag an tríú freagróir ainmnithe [Siobhán Denvir-Bairéad] san achomharc, níl aon chúis, mar shampla, srian a chur leis an éisteacht ó bhéal sa chás seo,” a dúradh i gcinneadh na Cúirte.

Dúradh chomh maith nach gá eisceacht a dhéanamh in aon chás eile amach anseo mura mbeadh “fianaise shoiléir agus dhian” ann go mbeadh an té a bheadh i gceist faoi bhuntáiste toisc gan Gaeilge a bheith aige. Níor cheart go mbeadh an cinneadh go gcaithfí ionstraimí reachtúla áirithe a aistriú ina chúis le “faoiseamh breise” a fháil. Sa chás go dteipfeadh ar an stát “sa dualgas bunreachtúil” seo amach anseo ba leor an méid sin “a dhearbhú”. 

Dar le Conradh na Gaeilge gur údar imní é an meon nach gá seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil do dhuine mar go bhfuil Béarla líofa acu. 

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn nach bhfuil aon bhaint ag cearta teanga lucht labhartha na Gaeilge lena líofacht nó easpa líofachta sa Bhéarla.

“Eascraíonn cearta teanga as eolas ar theanga amháin seachas aineolas ar theanga eile. Cinnte níor mhaith leis an mBreitheamh Hogan go gcuirfí iallach air i gcomhthéacs oifigiúil Gaeilge seachas Béarla a úsáid in aghaidh a thola toisc a chumas soiléir sa Ghaeilge,” arsa Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Dearbhaíodh sa Chúirt Uachtarach cinneadh a rinneadh san Ard-Chúirt anuraidh faoin dualgas bunreachtúil atá ar an Stát leaganacha Gaeilge d’achtanna Oireachtais a chur ar fáil.

Dúradh gurbh fhurasta trua a bheith agat don Stát faoi na deacrachtaí a bhain le haistritheoirí oilte a fháil, ach nach bhféadfá a rá gur “moill” réasúnta a bhí i gceist sa chás seo.

Sa chúirt anuraidh d’éirigh le hathbhreithniú breithiúnach Shiobháin Denvir-Bairéad agus dhá chomhlacht forbartha a mhaígh gur chóir go mbeadh reachtaíocht ar fáil dóibh i nGaeilge agus go raibh siad faoi mhíbhuntáiste dá ceal.

Rinne an Stát achomharc faoin gcinneadh sin.

Cinneadh chomh maith sa Chúirt Uachtarach an tseachtain seo caite, áfach, nár ghá ach cineál áirithe ionstraimí reachtúla a aistriú go Gaeilge.

Rialacháin bhreise a bhíonn in ionstraimí reachtúla a thugtar isteach le feidhm a thabhairt d’aidhmeanna achtanna. 

Ní raibh aon cheist, a dúradh, go mbeadh na freagróirí faoi aon mhíbhuntáiste d’uireasa na n-ionstraimí go léir a raibh siad ag iarraidh leagan Gaeilge díobh. B’amhlaidh an scéal mar go raibh Béarla líofa ag na freagróirí agus ní bheadh a lucht dlí faoi mhíbhuntáiste agus cás á dhéanamh acu i gcoinne an CPO (ordú ceannaigh éigeantaigh) a bhfuiltear ag cur ina aghaidh.

Deir an t-aturnae Antain Delap, gur “cúlú” a bhí i gcinneadh na Cúirte Uachtaraí “ar an tuiscint a bhíodh ann go dtí seo go raibh sé de bhuncheart ag an saoránach cás a chur i láthair na cúirte i nGaeilge agus go mbeadh fáil aige i nGaeilge ar aon cháipéis nó seirbhís a bhí ag teastáil uaidh chun sin a dhéanamh”.

Deir Delap, ar éirigh le cás a thug sé féin in aghaidh an stáit faoi gan rialacha na n-uaschúirteanna a bheith ar fáil i nGaeilge, gur údar imní cinneadh na Cúirte Uachtaraí i dtaobh na n-ionstraimí reachtúla agus go gcuirfeadh sé “daoine ag smaoineamh sula lorgódh siad athbhreithniú bhreithiúnach” ag éileamh a gcearta teanga agus cáipéisí dlí i nGaeilge.

Deir Delap go bhfágann an cinneadh go bhfuil idirdhealú déanta anois ag an gcúirt is uachtaraí sa stát ar na cineálacha ionstraimí reachtúla is ceart a aistriú go Gaeilge agus na cinn nach gá iad a aistriú. “Ní gá iad a aistriú mura ndéanann an t-ionstraim leasú ar an bpríomh-acht nó má bhaineann sé le teacht ar sheirbhís i nGaeilge is tú ag teacht os comhair cúirte, rialacháin chúirte, mar shampla. Seachas sin ní gá ionstraimí reachtúla a aistriú agus cúlú é sin ón tuiscint a bhíodh ann sna cúirteanna. Ach cinneadh sa Chúirt Uachtarach anois atá ann agus caithfear urraim a léiriú dó san Ard-Chúirt,” arsa Antain Delap.

Deir Delap gur “cúlú” an cinneadh faoi na hionstraimí reachtúla ar an tuiscint, mar shampla, a bhí i mbreithiúnas an Bhreithimh Hardiman i gcás cáiliúil eile sa Chúirt Uachtarach a raibh baint aige le stádas na Gaeilge sa dlí, Ó Beoláin v. Fahy.

Dúirt an Breitheamh Hardiman sa bhreith sin nach bhféadfaí aon bhac a chur ar dhaoine a raibh an cumas acu nó an fonn orthu cás a dhéanamh i nGaeilge. Dúirt sé nach bhféadfaí aon duine a bheadh ag iarraidh cás nó cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge a chur faoi aon mhíbhuntáiste in aon chomhthéacs “náisiúnta nó oifigiúil”.

Deir an léachtóir le dlí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, Seán Ó Conaill go léiríonn cásanna amhail cás na Cúirte Uachtaraí an tseachtain seo caite gur “stát a bhfuil teipthe air” atá againn.

“Sin a deirtear go minic i mBéarla faoi go leor rudaí eile – gur ‘failed state’ sin. Ach tá sé fíor sa chás seo. Níl ag éirí linn dlí an stáit a aistriú go dtí príomhtheanga oifigiúil an stáit. Agus níos measa nuair a lorgaíonn daoine a gcearta teanga déanann an stát achomharc.

“Tá sin náireach. Cén fáth nach féidir linn reachtaíocht a chomhdhréachtú sa dá theanga, mar a tharlaíonn sa Bhreatain Bheag agus i gCeanada. Bheadh sin níos éifeachtaí agus ní bheadh mórán costais bhreise ag baint leis. Sin an plean ba cheart a bheith againn,” arsa Seán Ó Conaill.

Níos mó