Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
‘is-afraidiseach-i-an-ghaelainn-agus-is-mo-a-tionchar-ag-an-oireachtas…’

‘Is afraidíseach í an Ghaelainn agus is mó a tionchar ag an Oireachtas…’

| An Cailin sa Chathair | ,

Tá sé nach mór linn, a chairde. An rud a bhfuilimid ar fad ag tnúth leis le trí bliana anuas: an tOireachtas. Muna mbeidh tú ag tabhairt fé Chill Áirne an chéad deireadh seachtaine de mhí na Samhna, an Gael tú fiú? Ní gá ach Corn Uí Riada a lua liom agus bím cheana féin ag cuimhneamh ar cé a chífead ann agus gan dabht, cé leis a mbead ag deireadh na hoíche.

Beidh scoth na nGaeilgeoirí cruthaitheacha i láthair –  ceol, rince, agus craic. Gan amhras i mbliana is go Ciarraí a bheidh ár dtriail, agus tá a fhios againn ar fad, an rud a tharlaíonn in óstán an Ghleneagle… bhuel ligfimís orainn go bhfanfaidh sé ann ach go háirithe!

Táim féin ag súil go mór leis an Oireachtas, agallaimh bheirte, lúibíní, sean-nós…Ach dáiríre, táim féin ag súil le rud ábhairín níos fisiciúla ón Oireachtas i mbliana. Agus nílim ag caint ar  an rince seite náParkrun. Samhlaigh é. Fir bhreátha láidre ó Chonamara agus Chiarraí (agus mná gan dabht ach is ar na fir a bheadsa féin ag féachaint!), blas álainn, más dothuigthe, acu. A láidre is atá a chanúint, nach fearr é? 

Daoine níos intleachtúla ná mise ag plé rialacha gramadaí. Ceol Gaelach mar soundtrack agus tú ag ól piúint i measc do chairde, réidh chun imeacht ar an tseilg. Tá gach aon Ghael singil ag tnúth leis seo ó cuireadh Oireachtas 2020 ar ceal. Eachtra gnéasach le fear Gaelach, agus amhránaíocht ar an sean-nós. Sin atáim ag súil leis ón deireadh seachtaine. San ord san.

Bíonn draíocht ag an Oireachtas. Seanchairde agus daoine nua ag bualadh le chéile, leanaí sceitimíneacha ag rith timpeall, tuismitheoirí sásta agus mic léinn ag ól vodka ar a slí isteach ón mbrú óige. Beimid fé gheasa ag na taispeántais is fearr dár gcultúr, agus ní fonn bualadh bos amháin a bheidh ar dhaoine, má thuigeann tú leat mé.

Más afraidíseach í an Ghaelainn (agus is í), luíonn sé le ciall gur tionchar níos mó a bhíonn aici ag an Oireachtas. Ag féachaint ar na comórtais, ní lochtófar éinne a bheadh ag cuimhneamh ar cé chomh maith is a láimhseálann na ceoltóirí a n-uirlisí ceoil, an fhidil, an fheadóg mhór… Chuirfeadh sé ag smaoineamh tú go gcaithfidh go bhfuilid breá abálta ar a n-uirlisí eile a láimhseáil, leis. 

Tá gach rud níos fearr as Gaelainn, agus ní haon eisceacht é an bualadh craicinn. Is féidir linn ar fad aontú ná bhfuil rud ar bith níos sexy ná nuair a bhíonn Gaelainn ag do chéile leapan. 

Canathaobh nach dtapfá an deis ag an bhféile is mó Gaelainne sa tír cúpla focal (nó níos mó) a úsáid chun rudaí a spiceáil suas? Nach beatha teanga í a labhairt. Treoracha a thabhairt, cur síos a dhéanamh ar cad a theastaíonn uait a dhéanamh agus cad a theastaíonn uait go ndéanfaidh sé/sí leat, cad atá á dhéanamh agat agus tú á dhéanamh… Is turn-on iontach é sin. Iarr ar do pháirtí craicinn labhairt leat as Gaelainn, go háirithe más canúint dhifriúil atá acu agus lig do do shúile casadh timpeall i do cheann! 

B’fhéidir go bhfuil crush beag agat ar dhuine deas dathúil atá feicthe agat ar Mholscéal, BLOC nó na mílte clár ar TG4. Ana-sheans go mbeidh siad ag an Oireachtas. Ná hiarr orthu autograph a thabhairt duit. Ana-sheans go bhfaighfidh tú i bhfad níos mó ná mar a bhís ag súil leis!

Má thá tú cosúil liomsa, ag tnúth le bheith thuas i leaba duine éigint ag déanamh bhur rince féin nuair a chríochnóidh Pólca4, bí sábháilte agus fan saor ó strus: 

Úsáid coiscíní. Ceannaigh iad agus bíodh siad gar duit. Tá a fhios agam go bhfuilimid i lár gearrchéim costais maireachtála ach is fiú infheistíocht a dhéanamh iontu. Ní theastaíonn toircheas neamhphleanáilte nó STI uait. Mná, faighigí iad chomh maith nó ní bheidh aon bhualadh craicinn ann agus loitfidh an frustrachas gnéis Club na Féile duit. Muna n-úsáideann, déan cinnte de tastáil STI a dhéanamh (is féidir iad seo a fháil saor in aisce ó shuíomh idirlín Sexual Wellbeing).

Ná póg duine atá pósta/ geallta/ i gcaidreamh nach pósadh/ gealltanas/ caidreamh oscailte é. Tá pobal na Gaelainne ró-bheag, beidh an scéal ar Nuacht TG4 an mhaidin ina dhiaidh. Beidh an-chuid daoine singile ann. Ar mhaithe leat féin, ná dein é!

Más duine pósta/ geallta/ i gcaidreamh nach pósadh/ gealltanas/ caidreamh oscailte é, mholfainn gan an tOireachtas a úsáid chun imeacht thar claí. 

Tabhair aire duit féin agus do chairde. Píosa craice a bheidh ann. Má chíonn tú aon rud as ord, abair amach é.

Pé rud a dheineann tú, agus pé duine lena dheineann tú é, cuimhnigh gur deireadh seachtaine lán le cultúr agus craic é Oireachtas na Samhna. Tá súil agam go mbeidh cúpla scéal dána agam daoibh ina dhiaidh!

Bígí go maith!

Níos mó