Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
‘is-easca-a-bheith-amhrasach-agus-dochasach-faoi-cop27-ag-an-am-ceanna’

‘Is éasca a bheith amhrasach agus dóchasach faoi COP27 ag an am céanna’

| An Gael Glas | ,

Tá súil an domhain ag féachaint ar an Meánoirthear le linn mhí na Samhna. Foirne náisiúnta ag bailiú ann i dtír nach bhfuil róthóghta le cearta daonna, iad go léir ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar a n-iomaitheoirí. Eitleáin phríobháideacha ag teacht agus imeacht cosúil le fheithidí. An gnáthlucht leanúna ag gearán go bhfuil tús áite tugtha do na corparáidí agus go bhfuil sé róchostasach dóibh freastal air (nó nach bhfuil cead acu fiú muna bhfuil rialtas na tíre sásta leo). 

Cuid de na himreoirí is fearr ag fanacht sa bhaile agus daoine eile ag teacht ar ais ag obair tar éis dóibh dul ar scor. Buaiteoirí agus lucht caillte, pionóis agus cur i gcéill, agus Coca-Cola i lár an aonaigh mar urraitheoir…sea, tá réamhbhlaiseadh iontach tugtha dúinn COP27 den tseafóid a bheidh le feiceáil i gCatar ag deireadh na míosa.

Bheadh sé éasca glacadh le tuairim Greta Thunberg nuair a deir sí nach bhfuil sa chomhdháil ach “sciúradh glas,” ach ag an am céanna a bheith dóchasach go dtiocfaidh luach éigin as. Bíonn an meascán sin den tsoiniciúlacht agus dóchas le feiceáil gach bliain aimsir COP, agus cé go raibh cuid acu ann a bhí i bhfad níos measa ó thaobh torthaí de (København 2009 mar shampla) agus cuid eile a bhí in ann comhréiteach sásúil a bhaint amach, ní léir go raibh aon tionchar acu go léir seachas gealltanais. 

Buanna polaitiúla in ionad buanna aeráide atá feicthe againn bliain i ndiaidh bliana, agus na hastaíochtaí ag méadú i gcónaí. An t-aon bhuntáiste atá leis na gealltanais seo dar le do cholúnaí dílis ná go dtugann siad deis don ghníomhaí sa bhaile brú a chur ar na rialtais náisiúnta beart a dhéanamh i ndiaidh a mbriathair nuair a thagann na hionadaithe abhaile.

Mar sin féin, tá gá leis an gcomhdháil, fiú toisc go mbeidh dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta ag teastáil sa todhchaí. Tá athrú suntasach tagtha ar an saol le trí bliana anuas agus tá tíortha ag déileáil le fadhbanna nua nach raibh ann roimh theacht Covid-19. Éigeandáil fuinnimh, boilsciú, cogaí, praghas bia, aiséirí na heite fíordheise – cuirfidh siad go léir drogall ar na tíortha saibhre airgead agus cabhair a thabhairt do na tíortha bochta atá ar an líne tosaigh i gcónaí ó thaobh na héigeandála aeráide de. 

Chruthaigh ionradh na Rúise ar an Úcráin fadhbanna gáis san Eoraip, agus tá tíortha an Aontais ag sirtheoireacht ar fud na hAfraice anois chun tobair gháis nua a aimsiú. Ná bac le gealltanas faoin ngás a choimeád faoi thalamh, nuair a thagann an crú ar an tairne is léir go dtuigeann polaiteoirí na hEorpa nach dtabharfadh éinne vóta dóibh nuair atá siad préachta leis an bhfuacht ina n-árasán…

Anois, dá mbeimis ag maireachtáil ar domhan ina bhfuil ár gceannairí dáiríre faoin bhfadhb, d’fheicfimis na torthaí seo a leanas. Gan dabht, beidh cuid acu idir camáin acu le linn na comhdhála agus seans go dtiocfar ar réiteach éigin le ceann nó dhó, ach chun an fhírinne a rá, táim lánchinnte go mbeidh colún eile ag an nGael Glas faoi COP28 (sa chathair “ghlas” iomráiteach sin, Dubai…) an bhliain seo chugainn agus na spriocanna céanna luaite ann. 

1: Deireadh a chur le fóirdheontais do chomhlachtaí bhreosla iontaise.

2: Spriocdháta a thabhairt chun éirí as úsáid guail

3: Comhaontú a shocrú chun dul i ngleic leis na hastaíochtaí talmhaíochta — ach slí mhaireachtála na bhfeirmeoirí a chosaint chomh fada agus is féidir

4: I bhfad níos mó airgid a sholáthar do thíortha bochta chun dochar aeráide a mhaolú agus chun cabhair a thabhairt do theifigh aeráide.

5: Níos mó spáis a thabhairt do grúpaí sóisialta agus gníomhaithe aeráide, agus cead a thabhairt dóibh bailiú le chéile agus agóid a dhéanamh

6: Pobail bhundúchasacha ar fud na cruinne a chur i lár na comhdhála.

Mar a dúirt mé anuraidh, ní bhíonn éinne go hiomlán sásta i ndiaidh na COPanna, agus sin mar a bheidh sé i mbliana. Ba cheart aird a thabhairt dó. Ní bheidh tionchar mór aige go díreach ar do shaol má éiríonn leis – is iad na cinntí a dhéanfaidh rialtas na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh a chuirfidh isteach orainn, bíodh siad maith nó olc. 

Ach tabharfaidh COP27 stiúradh dóibh na cinntí sin a dhéanamh. Agus bí cinnte go mbeidh tionchar ann má theipeann ar na cainteanna agus ar chóras COP go ginearálta – is mór an difríocht idir ardú teochta 1.5ºC, 2ºC agus 3ºC. Mar sin, caithfimid an bhearna sin idir gealltanais agus gníomh a laghdú agus a líonadh. Go dtí go bhfuil na hastaíochtaí ag laghdú agus slí mhaireachtála againn nach bhfuil ag brath go hiomlán ar charbón, ní bheimid slán.

Níos mó