Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
‘leargas-cuimsitheach-ar-phobal-aiteach-na-heireann’-i-ndrama-nua-a-leireofar-ag-imram

‘Léargas cuimsitheach ar phobal aiteach na hÉireann’ i ndráma nua a léireofar ag IMRAM

| sean o dubhchon | ,

Léireofar an dráma LADTA+ Grindr, Saghdar agus Cher amárach, an 17 Samhain, ag 20.00 in Amharclann an Smock Alley i mBaile Átha Cliath mar chuid d’Fhéile IMRAM. Is iad Eoin McEvoy, Ciara Ní É agus Sam Ó Fearraigh a scríobh Grindr, Saghdar agus Cher. Tá siad ina mball den ghrúpa ‘Aerach Aiteach Gaelach’, an compántas drámaíochta atá ag léiriú an dráma. 

Rinneadh an chéad léamh den dráma ag Oireachtas na Samhna ag tús na míosa seo agus chuir Oireachtas na Gaeilge maoiniú ar fáil d’Aerach Aiteach Gaelach leis an dráma a fhorbairt. Tá sé suntasach go raibh an chéad léamh den dráma ag príomhfhéile na nGael agus mhínigh Eoin McEvoy go bhfuil “Oireachtas na Gaeilge tar éis a bheith ar fheabhas ag tacú le hobair Aerach Aiteach Gaelach, ionas gur féidir linn saothar nua a chruthú agus a chur ar na súile don phobal ag an Oireachtas.” 

Sa dráma Grindr, Saghdar agus Cher, feictear an caidreamh a bhíonn ag daoine LADTA+ lena bpobal féin. Tá triúr carachtar sa dráma, agus scéal an duine acu. Titeann na scéalta ar fad amach ar aon oíche amháin, ach go bhfuil dearcadh ar leith ag gach carachtar, agus go bhfuil caidreamh acu leis an bpobal aiteach trí chéile. 

Faighimid léargas comhaimseartha ar phobal aiteach na tíre seo sa dráma, agus scoth na scéalaíochta ó thús deireadh. Ceann de na gnéithe is cumhachtaí faoin dráma seo ná cé chomh héagsúil is atá na carachtair. Tá carachtar amháin atá an-chompordach agus amuigh mar fhear aerach, carachtar eile ar leispiach í agus atá ar oíche na gcearc le scata ban díreach, agus feicimid an tríú carachtar ag dul isteach i mbeár aerach den chéad uair. 

Léiríonn an dráma seo cé chomh hilghnéitheach is atá an pobal LADTA+. Tugtar dúshláin do steiréitíopaí sna scéalta agus tá daonnacht agus doimhneacht iontach sna carachtair ar fad. 

Tháinig an grúpa sóisialta LADTA+ An Queercal Comhrá le chéile le linn fhéile na bliana seo chomh maith, agus tá imeachtaí de chuid an Queercal Comhrá ar chlár imeachtaí an Oireachtais le roinnt mhaith blianta anuas.

Is ar tholg Chiara Ní É a tháinig na scríbhneoirí leis an smaoineamh don seó Grindr, Saghdar agus Cher. Bhí fonn mór ar Eoin agus ar Chiara dráma eile a scríobh tar éis dóibh Idir Mise agus Craiceann Do Chluaise a chur os comhair an phobail i mí Mheán Fómhair 2021. 

D’fhreastail sluaite móra ar an dráma sin i gClub an Chonartha mar chuid den Dublin Fringe Festival, agus d’éirigh go hiontach leis. Sa dráma Idir Mise agus Craiceann Do Chluaise, leanamar an t-aistear a rinne fear aiteach óna óige i mBaile Átha Cliath, a theacht in aois i Sasana go dtí a shaol ina dhiaidh dó filleadh ar Éirinn. 

Dar le hEoin McEvoy, is scéal faoin “duine aiteach ag plé leis an saol díreach” é Idir Mise agus Craiceann Do Chluaise. Ba thairbheach an taithí a bhí ag Eoin agus Ciara ag obair lena chéile ar an dráma sin, agus theastaigh uathu go mbeadh Sam Ó Fearraigh páirteach sa togra nua seo. Mhínigh Eoin McEvoy go bhfuil “glór an-sainiúil aige agus taitníonn a chuid oibre go mór” leis an mbeirt eile. 

Ní hamháin gur scríobh Eoin, Ciara agus Sam an dráma nua seo , ach beidh siad ar an ardán ag aisteoireacht ann freisin. Cuirfear tús leis an dráma le roinnt ceoil ó Jill McMahon, Lauren Ní Chasaide agus Aidan O’Leary ón mbanna ceoil Bandia, agus beidh píosaí ceoil uathu i rith an dráma, ag pointí ar leith, ionas go mbraithfidh daoine sa lucht féachana gur i mbeár aiteach atá siad. 

Tá Bandia i ndiaidh leaganacha Gaeilge a dhéanamh de roinnt mhaith popamhráin aitheanta agus tá seinnliosta spleodrach bríomhar curtha le chéile acu a chuirfidh go mór leis an seó. Déanfar íomhánna an ealaíontóra Margaret Lonergan a theilgeadh le linn an dráma chomh maith. 

Ní hamháin go mbeidh daoine in ann freastal ar an dráma Grindr, Saghdar agus Cher, ach beidh deis casadh leis an ngrúpa LADTA+ An Queercal Comhrá ina dhiaidh. Mhínigh Eoin go cuimsitheach cé chomh tábhachtach is atá sé go bhfuil grúpa ar nós an Queercal Comhrá ann. 

“Tháinig an Queercal Comhrá le chéile tar éis an dráma ag Oireachtas na Samhna. Bhí sé go hálainn mar go raibh daoine ann nach mbeadh linn i mBaile Átha Cliath go hiondúil, daoine as áiteanna ar fud na tíre agus daoine ón Eoraip chomh maith, atá ag obair sa Bhruiséil agus sa Lucsamburg. Bhí an-oíche ar fad againn ansin, ag freastal ar an dráma agus ag caint lena chéile ina dhiaidh sin agus tarlóidh an rud céanna i ndiaidh an tseó ag IMRAM ar an seachtú lá dhéag.

“Mar sin, beimid ag teacht le chéile in am don seó ag a hocht, agus nuair atá an seó críochnaithe, thart ar a naoi, beimid ag bualadh isteach go Street 66. Is grúpa an-tábhachtach é an Queercal Comhrá do na daoine a bhíonn ag freastal air. Buailimid le chéile ar an tríú Déardaoin de gach mí go hiondúil i gClub an Chonartha, ach amanna, déanaimid imeachtaí difriúla, faoi mar a bheidh ar siúl an tseachtain seo,” a dúirt Eoin. 

Mhínigh sé gur “spás é sin do dhaoine theacht le chéile, labhairt le daoine atá cosúil leo”. 

“Is spás é do dhaoine a bhfuil an-suim acu sa Ghaeilge, daoine a labhraíonn Gaeilge ina saol laethúil agus atá aiteach. Bímid ag caint faoi gach uile chineál ruda, ach is teaghlach de chineál muid agus tugaimid aire dá chéile nuair atá gá le sin. Cuirimid baill an ghrúpa ag gáire. Is rud álainn ar fad é. 

“Mar sin, mholfainn d’aon duine a bhfuil Gaeilge acu, agus atá aiteach, smaoineamh ar theacht chuig na cruinnithe sin, agus d’fhéadfaí theacht chuig an dráma seo ar an Déardaoin agus bualadh le gach duine ina dhiaidh. Bíonn fáilte mhór roimh gach uile dhuine i gcónaí,” a dúirt sé. 

Beidh deis ag daoine Grindr, Saghdar agus Cher a fheiceáil ar an Déardaoin 17 Samhain ag 8:00i.n. in Amharclann an Smock Alley i mBaile Átha Cliath. Is féidir ticéid a cheannach anseo

Níos mó