Tá iarrtha ag Aire na Meán agus na Gaeltachta Catherine Martin ar RTÉ eolas a chur ar fáil faoi conas atá sé i gceist acu deireadh a chur leis an éagsúlacht idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ.
Dheimhnigh an tAire sa Dáil go raibh litir curtha aici chuig RTÉ ag iarraidh go dtabharfaí soiléiriú maidir le ceist an phá i RnaG, ceist atá ina cnámh spairne le fada ag lucht ceardchumainn sa stáisiún Gaeltachta
Gheall RTÉ anuraidh go rachfaí i ngleic leis an gceist mar chuid d’athbhreithniú atá á dhéanamh acu ar ghráid na bpost go léir san eagraíocht agus go gcuirfí tuairisc faoi bhráid an Choiste um Chuntais Phoiblí faoin scéal.
Níl an leagan amach céanna ar struchtúr foirne RnaG agus atá ar struchtúr foirne RTÉ, ach maítear, mar shampla, gur chóir go mbeadh Clár-Reachtaire i RnaG ar an scála céanna pá is a bheadh ag léiritheoir i RTÉ toisc na freagrachtaí céanna a bheith orthu.
Idir €45,000-€64,000 a fhaigheann Clár-Reachtaire i RnaG, grád nach ann dó aon áit eile i RTÉ, mar a bhfuil 167 grád ar fad.
Imelda Munster, Teachta Dála de chuid Shinn Féin, a cheistigh an tAire faoi chúrsaí pá i RnaG.
“Ní féidir glacadh ar chor ar bith le leithcheal a bheith á dhéanamh ar oibrithe a bhíonn ag obair trí Ghaeilge. Ba mhaith liom go gcruthódh siad [RTÉ] a mhalairt dom, ach ní mór an t-údar muiníne atá tugtha dom go dtí seo,” arsa Munster.
Dúirt an tAire Catherine Martin gur gnó do RTÉ cúrsaí fostaíochta agus pá sa stáisiún ach go raibh an imní chéanna uirthi féin faoi cheist na héagsúlachta pá is a bhí ar Munster agus na Teachtaí Dála eile de chuid Shinn Féin a labhair faoin ábhar, Matt Carthy agus Aengus Ó Snodaigh.
“Tá sé ríthábhachtach domsa go dtugtar stádas comhionann don Ghaeilge i ngach réimse den saol, ach go háirithe i leith na craoltóireachta. Mar a dúirt mé cheana, tá ról ríthábhachtach aici i múnlú féiniúlacht agus chultúr na hÉireann,” arsa Catherine Martin.
Dúirt Martin go raibh sé “riachtanach agus tábhachtach” go ndéileálfadh RTÉ go hiomlán leis na ceisteanna a phléigh an Coiste um Chuntais Phoiblí maidir le pá daoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge.
Dúirt Catherine Martin gur iarr sí chomh maith ar RTÉ eolas a chur ar fáil don choiste faoin scéal.
Tá RTÉ ag súil go mbeidh an t-athbhreithniú ar ghráid na bpost sa stáisiún críochnaithe faoi lár na bliana seo chugainn.