Tá cinneadh déanta ag an gCúirt Uachtarach go raibh sé “míréasúnta” 17 mí a chaitheamh ag aistriú acht Oireachtais.
Ina bhreithiúnas dhearbhaigh an Breitheamh Gerard Hogan cinneadh a rinneadh san Ard-Chúirt anuraidh faoin dualgas bunreachtúil atá ar an Stát leaganacha Gaeilge d’achtanna Oireachtais a chur ar fáil.
Dúirt an Breitheamh Hogan go dtugtar isteach sa dlí timpeall 40 nó 50 acht gach bliain. Dúirt sé gur údar mór imní é go bhfuil 450 acht le haistriú go Gaeilge agus gur léirigh an mhoill go ‘”soiléir” nach raibh an stát ag cloí le dualgas bunreachtúil follasach
Dúirt an Breitheamh gurbh fhurasta trua a bheith agat don Stát faoi na deacrachtaí a bhain le haistritheoirí oilte a fháil, ach nach bhféadfá a rá gur “moill” réasúnta a bhí i gceist sa chás seo.
Sa chúirt anuraidh d’éirigh le hathbhreithniú breithiúnach Shiobháin Denvir-Bairéad agus dhá chomhlacht forbartha a mhaígh gur chóir go mbeadh reachtaíocht ar fáil dóibh i nGaeilge agus go raibh siad faoi mhíbhuntáiste dá ceal.
Athdhearbhaíodh san Ard-Chúirt mí Bealtaine seo caite an dualgas bunreachtúil atá ar an Stát leaganacha Gaeilge d’achtanna Oireachtais a chur ar fáil agus dúirt an Breitheamh Bronagh O’Hanlon ina cinneadh go raibh an mhoill 17 mí ar fhoilsiú leagan Gaeilge den Acht Pleanála 2018 “míréasúnta”.
Rinne an Stát – an tAire Tithíochta agus an tArd-Aighne – achomharc in aghaidh an bhreithiúnais sin agus mhaígh siad nár chóir bac a chur ar údarás poiblí amhail an Bord Pleanála dul ar aghaidh le héisteacht ó bhéal toisc nach bhfuil leaganacha Gaeilge d’ionstraimí reachtúla ar fáil.
Thoiligh an Chúirt Uachtarach éisteacht a thabhairt d’achomharc an Stáit, gan bacadh leis an Chúirt Achomhairc, toisc gur ardaíodh ceisteanna tábhachtacha dlí sa chás a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an riarachán poiblí go ginearálta.
Mí Iúil 2018 a shínigh an tUachtarán an tAcht atá i gceist ach níor cuireadh aistriúchán Gaeilge ar fáil don phobal go dtí Aibreán 2020.
Bhí an leagan Gaeilge den acht á lorg ag Siobhán Denvir-Bairéad, Gleann Mór Céibh Teoranta agus Gleann Mór Cuan Teoranta, mar aon le leagan Gaeilge de na hionstraimí reachtúla éagsúla a bhain leis.
Bhí na téacsanna Gaeilge sin ag teastáil ó Shiobhán Denvir-Bairéad le haghaidh éisteacht ó bhéal ag an mBord Pleanála ionas go bhféadfadh sí cur in aghaidh ordú ceannaigh éigeantaigh Uisce Éireann ar thalamh dá cuid ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara.
Ordaíodh san Ard-Chúirt anuraidh chomh maith gur gá don Roinn Tithíochta ionstraimí reachtúla áirithe a aistriú go Gaeilge, ach chuir an Chúirt Uachtarach an cinneadh sin ar ceal.
Dúirt an Breitheamh Hogan nach mbíonn dualgas ann de ghnáth leagan Gaeilge a chur ar fáil d’ionstraimí reachtúla ach i gcásanna eisceachtúla ar leith.
Ní raibh aon ghá le moill a chur ar an éisteacht ó bhéal os comhair an Bhoird Pleanála ó tharla go bhfuil Béarla líofa ag Siobhán Denvir-Bairéad, a dúirt an Breitheamh.
Mhaígh an Stát gur ‘dearmad dlí’ é ag an Ard-Chúirt a rá go raibh sé “míréasúnta” 17 mí a chaitheamh ag aistriú acht oireachtais.
Mhaígh – an tAire Tithíochta agus an tArd-Aighne – nár chóir bac a chur ar údarás poiblí amhail an Bord Pleanála dul ar aghaidh le héisteacht ó bhéal toisc nach bhfuil leaganacha Gaeilge d’ionstraimí reachtúla ar fáil.
Maíodh dá seasfaí le breithiúnas na hArd-Chúirte gur “beag teorainn a bheidh leis an dualgas tiontú i nGaeilge a chur ar fáil ar ionstraimí reachtúla eile”.