Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ni-leor-‘e15-30,000’-sa-bhliain-chun-maireachtail-i-mbaile-atha-cliath

Ní leor ‘€15-30,000’ sa bhliain chun maireachtáil i mBaile Átha Cliath

| jeff neville | ,

Lá stairiúil a bhí ann Dé Céadaoin nuair a foilsíodh liosta ainmneach na mban a shínigh conarthaí leis an IRFU. Dúirt an IRFU go raibh siad chun conarthaí a thabhairt d’imreoirí rugbaí Éireann na mban agus rinne siad é sin, ach ní féidir rá go bhfuil mórán daoine ar bís faoi.

Bhí luach idir €15,000-€30,000 ar gach conradh (d’fhéadfadh siad níos mó a fháil dá éireodh leo roinnt spriocanna a aimsiú) agus, cé nach bhfuil a fhios againn cé a fuair cén rud, tá rud amháin soiléir: ní féidir maireachtáil i mBaile Átha Cliath ar an airgead sin faoi láthair. 

Deirim Baile Átha Cliath mar go gcaithfidh gach imreoir a bheith ann ar a laghad ceithre lá sa tseachtain don treanáil náisiúnta. Is imreoirí lán-aimseartha iad. Ach, seachas Linda Djougang, níor shínigh imreoir ar bith atá ag imirt rugbaí lasmuigh de Laighin conradh. Tá formhór na n-imreoirí ag imirt i ndeisceart Baile Átha Cliath. Bhí rogha ag na himreoirí ag tús mí Dheireadh Fómhair glacadh le conradh ach níor bhac go leor acu mar gheall go raibh a fhios acu faoin airgead.

Síníodh 29 gconradh ar an iomlán (19 imreoir seachtar-an-taobh agus deich n-imreoir cúig-dhuine-dhéag-an-taobh). Ní raibh ach frapa amháin (Linda Djougang atá ag imirt rugbaí thar lear sa Fhrainc) ar an liosta. Ní raibh húcálaí nó imreoir ón dara sraith ar an liosta (is imreoir dara sraith í an tríú imreoir is luachmhaire ar fhoireann faoi láthair). Meas tú cén fáth? Céard a tharlóidh don deichniúr sin nuair a imíonn lucht seachtar-an-taobh go dtí comórtas éigin? An mbeidh siad ag traenáil leo féin? An scaoilfear ar ais chuig a gclubanna iad? Ní hamháin sin, ach cé aige nó aici a bhfuil an chumhacht chun na himreoirí seo a scaoileadh ar ais go na clubanna chun imirt leo, nó cathain a bheidh cead acu?

Tá cluiche ceannais AIL na mban fógartha don Aoine an 9 Nollaig i mBaile Átha Cliath. Beidh sé deacair go leor d’imreoirí nach bhfuil conradh acu; beidh orthu lá saor ón obair a fháil chun imirt, go háirithe má tá orthu taisteal don chluiche. Ach chomh maith le sin, beidh na himreoirí náisiúnta seachtar-an-taobh imithe mar gheall go bhfuil comórtas ar siúil san Afraic Theas an deireadh seachtaine céanna. Tá foirne an chluiche sin tar éis fáil níos laige ar an bpointe boise. 

Bhí fadhb ann anuraidh i rith Craobh an Sé Náisiún nuair a bhí ar na himreoirí céanna (na himreoirí seachtar-an-taobh) imeacht go comórtas seachtar-an-taobh thar lear leath bealaigh tríd an gcraobhchomórtas. Tharla sé díreach sula raibh ar Éirinn aghaidh a thabhairt ar Shasana, an fhoireann is fearr ar domhan faoi láthair. Dúradh ag an am nach raibh sé sin ceart agus nár cheart dó tarlú arís. Ach i mbliana, beidh na himreoirí seachtar-an-taobh imithe don chluiche in aghaidh na Fraince. Níl ciall ar bith leis. 

Tá 29 imreoir ag traenáil lánaimseartha anois a bheidh ag imirt sa tsraith chéanna le himreoirí amaitéaracha – an rud maith é sin? Go háirithe nuair nach bhfuil ceann amháin de na himreoirí sin ag imirt le club lasmuigh de chúige amháin? Agus céard faoina bhfuil i ndán do na gclubanna sin? Is léir más maith leat rugbaí a imirt go proifisiúnta, beidh ort a bheith ag imirt i mBaile Átha Cliath. Ba chuma faoi thodhchaí nó leas na gclubanna lasmuigh de Laighin.

Breathnaigh ar liosta na n-imreoirí nach bhfuil conradh sínithe acu ar fáth éigin: Nichola Fryday, Sam Monaghan, Neve Jones, Edel McMahon, Nicole Cronin, Hannah O’Connor, Chloe Pearse, Eimear Considine, Laura Feely, Aoife Doyle, Alise Hughes, Aoife McDermott, Christy Haney, Emma Hooban, Katie O’Dwyer. 

Tá a fhios agam go bhfuil conradh ag Fryday thall i Sasana le Exeter ach, más rud go raibh an IRFU dáiríre faoi seo, meas tú an ndéanfaidís iarracht ollmhór a dhéanamh captaen na foirne idirnáisiúnta a thabhairt abhaile chun imirt anseo go lánaimseartha? 

Mar a luaigh mé cheanna féin, ní leor é €15,000-€30,000 chun maireachtáil i mBaile Átha Cliath. Ní leor é chun duine a mhealladh ó thír eile ach an oiread. Ní féidir rá nach bhfuil céim tugtha ag an IRFU maidir leis seo; dúirt siad go raibh siad chun conarthaí a chur ar fáil agus rinne siad an méid sin. Ach ní chúis cheiliúrtha atá ann mar a ceapadh.

Liosta na nImreoirí Gairmiúla: Kathy Baker, Natasja Beehan, Claire Boles, Enya Breen, Megan Burns, Aoife Dalton, Kathryn Dane, Méabh Deely, Linda Djougang, Vicky Elmes Kinlan, Kate Farrell McCabe, Stacey Flood, Katie Heffernan, Eve Higgins, Brittany Hogan, Erin King, Lucinda Kinghan, Emily Lane, Anna McGann, Lucy Mulhall, Amee-Leigh Murphy Crowe, Dannah O’Brien, Maeve Óg O’Leary, Beibhinn Parsons, Aoibheann Reilly, Leah Tarpey, Aoife Wafer, Kayla Waldron, Dorothy Wall

Níos mó