Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
‘oscloidh-‘badh-b’fheidir’-aigne-an-leitheora’

‘Osclóidh ‘Bádh B’fhéidir’ aigne an léitheora’

| sean o dubhchon | ,

Is leabhar ceannródaíoch é Bádh B’fhéidir, an cnuasach gearrscéalta is déanaí ón scríbhneoir Seán Ó Muireagáin, a léiríonn forbairt ar a stíl eisceachtúil scríbhneoireachta agus a bhaineann le roinnt mhaith téamaí nach bhfuil pléite aige ina shaothar cheana. 

Cúig ghearrscéal ar fad atá sa leabhar agus tá na gearrscéalta ar fad an-éagsúil lena chéile. Is é cumhacht nó easpa cumhachta an téama is mó a nascann na scéalta ar fad le chéile agus déanfar an téama sin a phlé i slite difriúla. Tá rud éigean osnádúrtha faoi na scéalta agus is sa seánra ficsean eolaíochta a scríobhadh tromlach na scéalta. Tá saothar ficsin eolaíochta fíorghann sa Ghaeilge agus is dea-shampla é an leabhar seo den seánra in aon teanga, ach saothar ar féidir le léitheoirí seánraí eile sult agus tairbhe a bhaint as chomh maith. 

Tá macallaí de na húrscéalta Nineteen Eighty Four le George Orwell agus The Hunger Games le Suzanne Collins sa chéad scéal ‘An Chóir Chodlata’. Feicimid an smacht atá ag mionlach fíorbheag ar an bpobal i gcoitinne, iad rialaithe ag bunreacht a chuirtear i bhfeidhm go docht. Tá réimeas ollsmachtach sa tír. Roghnaítear feidhmitheoirí na bunreachta agus iad ina bpáiste, agus déantar múnlú inchinne orthu ionas nach gceisteoidh siad an bunreacht agus nach dtabharfaidh siad dúshlán don status quo. 

Scéal measartha scanrúil is ea é ‘An Chóir Chodlata’, ina gcuirtear ceisteanna faoin tsochaí ina bhfuilimid anois. Smaoiníonn an léitheoir faoin míchothromaíocht, smacht corparáideach agus an slad a dhéantar ar saoirse smaointeoireachta timpeall an domhain. Is i dtodhchaí dhiostóipeach atá an scéal seo suite, bunaithe ar eachtraí staire, ach a thógann ceisteanna móra faoin saol ina mairimid sa lá atá inniu ann. Scéal cumhachtach corraitheach is ea é, a fhanann leis an léitheoir. 

Is scéal an-phearsanta é ‘An Turas’, a dhéanann cur síos ar mhothúcháin chomhchoiteann: easpa smachta inar saol féin. Tá stíl an scéil thar a bheith éifeachtach. Téimid ar thuras leis an reacaire; turas a bhfuil ábhar machnaimh ann don léitheoir. Tá aon charachtar amháin ann agus cloisimid an dá ghlór ina hintinn: glór dearfach agus glór diúltach. Is léir dúinn go bhfuil an reacaire ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar a chuid deacrachtaí, agus d’aon duine a bhí, nó atá, in áit dhorcha mar seo, tuigfidh siad cé chomh cumhachtach is atá sé an píosa scríbhneoireachta. 

Tá inchreidteacht sa scéal seo atá fíorannamh, agus éiríonn leis an scríbhneoir éacht a bhaint amach lena chuid scéalaíochta. Comhtharlú a bhí ann gur léigh mé an gearrscéal seo i mí na Samhna, tréimhse den bhliain ina mbíonn neart plé agus cainte déanta mar gheall ar chúrsaí mheabhairshláinte agus imní, agus ‘Movember’ buailte linn. Is é seo an sampla is fearr de scéal nó de shaothar a phléann an téama sin atá léite agam riamh. 

Sa scéal ‘Aiséirí’, leanaimid foireann spásairí atá ag iarraidh pláinéad nua a shroicheadh agus coilíniú a dhéanamh ar an bpláinéad sin. Tá an coilíniú mar théama lárnach i gcúpla scéal, agus iarrtar ar an léitheoir smaoineamh faoi thodhchaí na cruinne, go háirithe leis an tionchar atá ag athrú aeráide agus téamh domhanda orainn. Cuirtear in iúl dúinn nach mbeidh áit do chách ar an bpláinéad nua seo, agus tá ceisteanna móra a chur faoin gcaoi a roghnaítear an líon beag daoine a bheidh ámharach. Tá ceisteanna tábhachtacha a chur faoi conas a chuirimid luach ar bheatha an duine. I gcás an choilínithe, impítear ar an léitheoir machnamh a dhéanamh: an bhfuil an coilíniú ceart agus cothrom má shábhálann sé an cine daonna, fiú má chuireann sé isteach ar dhaonra agus ar thimpeallacht pláinéad eile?

Seasann an gearrscéal ‘Fuil’ amach go mór ós rud é go raibh an scéal suite san am a chuaigh thart, seachas sa todhchaí nó i saol diostóipeach. Déantar tagairtí do phlá agus do thiarnaí san Eoraip arr thaitin sé leo a bheith ag ól fuil dhaonna, rud a bhfuil stair, béaloideas agus litríocht aitheanta bunaithe air. 

Cé go bhfuil slad leanúnach a dhéanamh ag na tiarnaí sa scéal seo, feictear saighdiúirí na dtiarnaí ag ligean dóibh sin a dhéanamh, go dtí go bhfuil siad féin i mbaol. Tagann ceist na cumhachta agus an coilíniú isteach sa scéal seo freisin, agus an tromlach ag iarraidh an mionlach cumhachtach a bhrú siar. Ach, is scéal é seo faoin ngrá gan choinníoll ag an am céanna. Tugann sé uilíocht ghalánta don scéal agus is féidir é a léamh mar scéal uafáis nó mar scéal grá. 

Faightear léargas cuimsitheach ar an saol ina bhfuilimid faoi láthair sa scéal ‘An Choilíneacht’, agus téamaí ar nós an phatrarcacht, cumhacht chorparáideach agus cearta na mban curtha go mór chun tosaigh. Tá struchtúr an scéil seo thar a bheith cliste. In ionad é a bheith suite sa lá atá inniu ann, tá an scéal suite cúpla céad bliain amach romhainn. Tá an príomhcharachtar Hrdy ag tabhairt ceacht staire dá ábhar oide óg Éileas, agus é ag iarraidh cur in iúl di gur tharla an-chuid barbarthacht sna blianta a chuaigh thart. Tá neart ábhar machnaimh sa scéal faoin mbealach go ligtear leis an mionlach fíorbheag (cúpla míle duine, mar a deir Hrdy) a bheith i gceannas ar gach gné dár saolta, agus go leanann siad ar aghaidh gan cur i gcoinne.

Osclaíonn Bádh B’fhéidir aigne an léitheora agus tá saincheisteanna móra a gcur (agus a bhfreagairt) sna scéalta seo. Ach, cé go bhfuil téamaí móra, agus cinn atá trom in uaireanta, á bplé, is é bua scéalaíochta agus reacaireachta an údair an ghné is eisceachtúla den leabhar seo. 

Is léir go bhfuil an-tuiscint ag an scríbhneoir ar dhaoine agus tá an leabhar lán de charachtair casta inchreidte, gur féidir leis an léitheoir comhbhá a bheith acu dóibh. Ní chuireann Seán Ó Muireagáin focal amú agus tá ardmholadh tuilte aige dá shaibhreas teanga agus den chomhrá cumhachtach atá scríofa idir na carachtair aige. 

Ní aon amhras ach gur mórshaothar é seo, i gcuid scríbhneoireacht an údair féin agus i seánra an ficsean eolaíochta. Tá Bádh B’fhéidir eisceachtúil agus ní dhéanfainn gearán riamh faoi bheith ‘báite’ sa leabhar seo. Tá Bádh B’fhéidir scríofa ag Seán Ó Muireagáin agus foilsithe ag Éabhlóid ainmnithe don duais Leabhar Gaeilge na Bliana le Love Leabhar Gaeilge ag An Post Irish Book Awards 2022. Is féidir é a cheannach anseo.

Níos mó