Tá rún go bhfaighfí réidh leis an bplean cúrsaí nua Gaeilge a thabhairt isteach don Ardteist curtha faoi bhráid Ard-Fheis Shinn Féin ag Ardchomhairle an pháirtí.
Deir an Ardchomhairle gur “pionós” ar chainteoirí líofa Gaeilge a bheadh sna cúrsaí nua T1 agus T2.
Tá conspóid mhór le tamall faoi mholadh an NCCA go dtabharfaí dhá chúrsa nua isteach don Ardteist – cúrsa T1 a bheadh dírithe ar chainteoirí dúchais is líofa agus cúrsa T2 a deirtear a bheadh oiriúnach do dhaltaí eile.
Fógrófar chomh maith ag an Ard-Fheis atá ar siúl san RDS amárach go mbeidh an páirtí ag eagrú tionól Gaeltachta mar chuid de Choimisiún Shinn Féin ar Thodhchaí na hÉireann.
Cuirfear rún eile faoi bhráid an pháirtí ag achainí ar an Aire Oideachais polasaí don ghaeloideachais a thabhairt isteach roimh shamhradh 2023.
De réir na bhfigiúirí is déanaí téann beagnach leath de dhaltaí Gaelscoile an stáit ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil Bhéarla ar fhágáil na bunscoile dóibh.
Tá polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht á ullmhú ag an Roinn Oideachais faoi láthair.
Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley sa Dáil le déanaí go mbeadh dáta foilsithe an pholasaí ag brath ar cén fhad a thógfadh próiseas comhairliúcháin phoiblí faoin bpolasaí a chur i gcrích.
I measc na rún eile a chuirfear faoi bhráid na hArd-Fheise amárach tá rún ag moladh saothar lucht an ghaeloideachais ar fud na tíre agus rún ag moladh feachtas an Dream Dearg ar son na reachtaíochta Gaeilge.
De réir rúin eile thabharfaí beannacht lucht na hArd-Fheise do pholasaí pleanála an pháirtí don Ghaeltacht a chuirfeadh coinníollacha teanga níos déine i bhfeidhm ar fhorbairtí tithíochta sa Ghaeltacht.
Dá nglacfaí le rún eile d’fhostófaí oifigeach aistriúcháin lán-aimseartha le cur leis an ábhar a chuireann an páirtí ar fáil i nGaeilge.
Cáipéis dhátheangach atá i gClár Ard-Fheis Shinn Féin a foilsíodh inné.
Cuirfear spéis ar leith in Ard-Fheis Shinn Féin i mbliana agus an páirtí i bhfad chun cinn ó thaobh tacaíochta de sna pobalbhreitheanna. ‘Tá sé in am don Athrú’ téama na hArd-Fheise seo.