Cuirfear tús inniu le comórtais ardáin Oireachtas na Gaeilge 2022 i gCill Airne.
Is é Comórtas Sean-Nós na mBan anocht mórchomórtas an Déardaoin ach an dream óg a bheidh i lár an aonaigh i gcaitheamh an lae le comórtais agallamh beirte, lúibíní, aithriseoireachta, dreas cainte agus scéalaíochta.
Ag 2pm a bheidh an chéad chomórtas ardáin do dhaoine fásta ag féile na bliana seo agus leis na hagallaimh bheirte a thosófar. Beidh an comórtas sin beo ar www.tg4.ie agus www.antoireachtas.ie.
Tráthnóna inné a sheol Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers Oireachtas na bliana seo, an chéad Oireachtas ó 2019.
Bhronn an tAire gradaim litríochta na Oireachtais ina dhiaidh sin.
Cuireadh clabhsúr ar imeachtaí an lae inné le bronnadh Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2022.
Bhí Mairéad Ní Nuadháin ó Tuairisc i measc na mbuaiteoirí ag na Gradaim Chumarsáide.
Roghnaíodh scríbhneoir Tuairisc mar ‘Colúnaí na Bliana’ ag an searmanas bronnta ag Oireachtas na Samhna 2022, ar cuireadh tús leis inniu.
Ar Mhártan Ó Ciardha, iarcheannasaí spóirt Raidió na Gaeltachta, agus colúnaí eile le Tuairisc, a bhronn Aire Stáit na Gaeltachta, Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais 2022.
Níos túisce tráthnóna inné, bhronn na tAire Stáit Gradaim Litríochta na Oireachtais.
Fionntán de Brún as Béal Feirste a bhuaigh an chéad duais as chomórtas úrscéalaíochta.
Mar scoláire is fearr aithne ar de Brún go dtí seo agus é ina Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad.
Ailbhe Ní Ghearbhuigh a bhuaigh duais filíochta na bliana seo dá cnuasach Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile.
Tá liostaí na mbuaiteoirí ar fad a fógraíodh ag na Gradaim Litríochta agus na Gradaim Chumarsáide thíos.
Colúnaí Na Bliana
Mairéad Ní Nuadháin, Tuairisc
Pearsa Raidió Na Bliana
Seán Ó Dubhchon, Raidió RíRá agus RTÉ Raidió na Gaeltachta
Pearsa Teilifíse Na Bliana
Niamh Ní Chróinín, Cúla4, TG4
Sraith Raidió Na Bliana
Bladhaire, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Iriseoir Na Bliana
Cóilín Ní Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Craoltóir Solabhartha Na Bliana
Pádraig Ó Sé, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Clár Teilifíse Na Bliana
Seán Ó Riada – Mo Sheanathair, Táin Media
Sraith Teilifíse Na Bliana
An Cósta Thiar, Aniar TV
Réalta Óg Na Bliana
Darren Ó Dubhgáin, Aimsir agus Leanúnachas TG4
Feachtas Meán Sóisialta Na Bliana
#CPNAG, Molscéal
Clár Gaeilge Na Bliana Ar Raidió Pobail
Cad déarfá le Gaillimh?, Galway Bay FM
Clár Gaeilge Na Bliana Ar Raidió Tráchtála
Aon Scéal?, a chraoltar ar Phoenix FM
Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais
Mártan Ó Ciardha
COMÓRTAIS LITEARTHA DON SCRÍBHNEOIR FÁSTA
COMÓRTAS: ÚRSCÉAL – FICSEAN GINEARÁLTA
An Dara Duais: €1,000
Faoi Smacht le Anna Heussaff, Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath 8
An Chéad Duais: €3,000
Béal na Péiste le Fionntán de Brún, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9
BUAICSHAOTHAR PRÓIS NA BLIANA
Urraithe ag TG4
Duais: €3,000
An Saol Bocht le Brian Ó Conchubhair, Indiana, Stáit Aontaithe Mheiriceá
COMÓRTAS: SAOTHAIR DO DHAOINE FÁSTA
An Chéad Duais: €2,000
Anna Bhán le Míne Mhic Cóil, Ráth Chairn, Co. na Mí
COMÓRTAS: DÁN
Duais: €400
‘Litir ó Barcelona’ le hAilbhe Ní Ghearbhuigh, An Loch, Cathair Chorcaí, Co. Chorcaí
COMÓRTAS: CNUASACH FILÍOCHTA
Duais: €1,250
Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile le hAilbhe Ní Ghearbhuigh, An Loch, Cathair Chorcaí, Co. Chorcaí
COMÓRTAS: DRÁMA RAIDIÓ
Maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann
An Chéad Duais: €1,250
An Robálaí le Ray Mac Mánais, Baile Mhic Líon, Co. na Mí
COMÓRTAS: DRÁMA AONGHNÍMH
Duais: €600
Brídín le Micheál Ó Conghaile, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
COMÓRTAS: COMÓRTAS CUIMHNEACHÁIN AOIDH UÍ RUAIRC
Duaischiste: €1,200
ROINN A
An Chéad Duais: €400
Jeaic agus an Gas Pónaire le hÁine Ní Ghlinn, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14
ROINN C
An Chéad Duais: €400
Peileadóirí Óga le Micheál Ó Conghaile, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
COMÓRTAS : SAOTHAR SPIORADÁLTACHTA / CREIDIMH / ÁBHAR MARANA
Duais: €750
Meanmanra an Tuata – a deir Daire lá le Ré Ó Laighléis, Baile Uí Bheacháin, Co. an Chláir
COMÓRTAS: CUR CHUN CINN NA GAEILGE
Duais: €1,000
Conradh na Gaeilge 1905-1916 le Conor Ó Gallachóir, Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
COMÓRTAS: GEARRSCÉAL – DUAIS AN MHAOLÁNAIGH
An Chéad Duais: €400
Sagart, Leanbh, Cogadh: an seanscéal riamh le Alan Titley, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 11
COMÓRTAS: SCÉAL DÍRITHE AR DHÉAGÓIRÍ
Duais: €500
Cluiche Liathróid Láimhe? le Diarmuid de Brún, Machaire Rátha, Co. Dhoire
COMÓRTAS: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (13-15)
An Dara Duais: €750
Óró le Alan Titley, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 11
An Chéad Duais: €2,000
An Seol atá fút le Anne Marie Nugent, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann
COMÓRTAS: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (9/10-12)
An Dara Duais: €750
An Choill Bheo le Alan Titley, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 11
An Chéad Duais: €2,000
Katie ar an gCás le hÉadaoin Ní Dhomhnaill, Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
COMÓRTAIS LITEARTHA DON SCRÍBHNEOIR ÓG
IOMAITHEOIRÍ FAOI 21
COMÓRTAS B8: DÁN – ROINN B (FAOI 21)
An Chéad Duais: €300
Sos le Méabh Ní Chonaill, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
IOMAITHEOIRÍ FAOI 16
COMÓRTAS B7: DÁN – ROINN A (FAOI 16)
An Dara Duais: €100
M’abhainn le hAisling Ní Shúilleabháin, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
IOMAITHEOIRÍ BUNSCOILE
COMÓRTAS C1: GREANNÁN (RANG 3 – Bunscoileanna Lán-Ghaeilge & Gaeltachta)
An Dara Duais: €50
Béigeal i Spás le Eabhan Ó Cathasaigh, Mainistir na Corann, Co Chorcaí
COMÓRTAS C2: GREANNÁN (RANG 4 – Bunscoileanna Lán-Ghaeilge & Gaeltachta)
An Chéad Duais: €75
Oooh agus an Gléas Ama le Lara Ní hAoláin, Baile an Chollaigh, Co. Chorcaí
COMÓRTAS C3: GREANNÁN (RANG 5 – Bunscoileanna Lán-Ghaeilge & Gaeltachta)
An Chéad Duais: €75
An Cailín Guma le Nessa Ní Chonchubhair, Bré, Co. Chill Mhantáin
BRONNADH SPEISIALTA
AN SCIATH LITEARTHA
Gradam an Oireachtais don Bhunscoil a rinne an iarracht ab fhearr in 2022 sna Comórtais Liteartha do Scríbhneoirí Óga – Scoil Mhuire Ros Muc, An Turlach Beag, Ros Muc, Co. na Gaillimhe