Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
albaim-na-bliana-2022-–-cuid-1

Albaim na Bliana 2022 – Cuid 1

| Ben O Faolain | ,

Horace Andy – Midnight Rocker / Midnight Scorchers (On-u Sound)

Midnight Rocker by Horace Andy

Léirithe ag laoch dub-cheoil na Breataine Adrian Sherwood (On-U Sound), is rud beag de chuairt ghaisce é Midnight Rocker agus an seanfhondúir reigé Horace Andy ag tabhairt faoi leaganacha nua de mhór-rianta dá chuid mar ‘Rock To Sleep’, an ‘Materialist’ frithchaipitlíoch agus, fiú, ‘Safe From Harm’ de chuid Massive Attack.

Má thaitníonn an bunalbam leat ní mór duit an t-albam d’athleaganacha dub-cheoil, Midnight Scorchers, a aimsiú chomh maith. Tá dubáil Sherwood agus clabaireacht na MC-anna Lone Ranger agus Daddy Freddy thar na bearta!

Cormac Begley – (Féin-eisithe)

“B” by Cormac Begley

Albam spraíúil sultmhar ó chleasaí chonsairtín na Ríochta.

Is iomaí cor agus casadh atá romhat ar B agus Begley ag baint feidhm as an gcosairtín baratóin agus as an ndord-chonsairtín chun cruth nua a chur ar roinnt port a bheidh cloiste cheana agat (‘Bean Pháidín’, ‘Máirseáil Uí Néill’, ‘An Buachaill Caol Dubh’) agus ar chinn eile nach mbeidh, déarfainn.  Tá píosa nó dhó féinchumtha le clos chomh maith.

Big Thief – Dragon New Warm Mountain I Believe In You (4AD)

Dragon New Warm Mountain I Believe In You by Big Thief

Albam ollmhór ina bhfuil féith agus fonn fánaíochta nua Big Thief soiléir le clos.

Tá mórán den ndaon-rac tíre a bhíonn á chleachtadh ag Big Thief de ghnáth le clos (‘Change’, Dried Roses’, ‘Certainty’, ‘Sparrow’) ach bí ag súil le go leor eile idir trip hop, de shaghas, (‘Blurred View’, ‘Heavy Bend’), amhrán a chuirfeadh Tom Petty ag jeamáil le Cocteau Twins i gcuimhne duit (‘Little Things’) agus func-rac glic macnasach (‘Stimulation Swarm’).

Rófhada mar albam, b’fhéidir? Éistim féin leis ina dhá leath.

Burial – Antidawn (Hyperdub)

ANTIDAWN EP by Burial

Filleann Burial ar bhlas tiubh tnúthánach agus iontach uaigneach a luathcheoil ar an mhórshaothar seo de mhionalbam. Má dheineann, tá an dlúthcheangal a bhí ag na luath-eisiúintí sin leis an dordcheol, idir cheol dubchéime agus UK garage, briste aige.

Seo comhthimpeallach gan bhuillí den chuid is mó – colláisí fuaime a bhaineann feidhm as cleasa léiriúcháin a aithním ón albam Chill Out de chuid KLF. Tá pailéad sonach in úsáid ag Burial anseo achuireann fuaim an ghrúpa This Mortal Coil i gcuimhne dom chomh maith le ceol orgán-bunaithe Spiritualized/Spacemen 3. Ní haon drochrud é sin!

Fracture – 0860 (Astrophonica)

0860 by Fracture

Gné amháin é an t-albam 0860 seo de thogra uaillmhianach leis an ainm céanna a bhunaigh úinéir cheirníní Astrophonica, Charlie Fracture, le déanaí ar mhaithe le stair agus oidhreacht an raidió bhradaigh a cheiliúradh. Tugann ceol, agallaimh agus suíomh an togra siar go ré órga an cheoil druma ‘s’ dord sinn. Lár na 90idí, am a bhí lipéid mar V, Full Cycle agus Formation ag eisiúint ceoil ar bhonn seachtainiúil nár sáraíodh ó shin.

Saothar blasta é 0860 a dhúisíonn cuimhní ionam ar am níos soineanta is saol an cheoil, blianta nuair nach raibh ann do haischlibeanna, insta-leantóirí agus staitisticí sruthaithe Spotify.

Florist – Florist (Double Double Whammy)

Florist by Florist

Cuireann an grúpa daon-cheoil/indie seo as na sléibhte Catskill fáilte romhat isteach chuig a gcúigiú halbam le píosa ceoil uirlise (‘June 9th Nighttime’) atá ar nós Ry Cooder ag seinm port de chuid My Bloody Valentine ar ghiotár sleamhnaithe.

Gleoite ar fad, ach ní díoltóirí an aon bhlátha iad Florist. 

Píosaí míne uirlise iad tuairim is leath de rianta Florist ach tá glór bog Emily Sprague mar chomhluadar agat ar a leath eile. Ta blas aoibhinn scaoilte, agus rud beag brónach, ar an saothar tríd is tríd agus Sprague ag canadh óna béilín tláith ar nithe mar uair na breithe, am an bháis agus speictream leathan na mothúchán a buailtear chugat idir eatarthu ar aistear seo an tsaoil. 

Bas Grossfeldt – We Are Now (Prince Madonna)

WE ARE NOW by Bas Grossfeldt

Ar an albam début aonair seo tugann Bas Grossfeldt na Gearmáine faoi chruth teibí ceoil a chur ar mhothúcháin an duine, idir mhaith agus olc (ach olc, go háirithe). 

Má tá blas móiréiseach ar aidhm sin an léiritheora fan bog nóiméad, a chara! Turas domhain agus cuibheasach dorcha d’albam é We Are Now ach bíonn eispéiris éagsúla romhat gach uair a éistim leis ag braith ar mo ghiúmar.

Group Listening – Clarinet & Piano: Selected Works, Vol.2 (PRAH)

Clarinet & Piano: Selected Works, Vol. 2 by Group Listening

Is iad Stephen Blackwell (Sweet Baboo) agus Paul Jones as Caerdydd na Breataine Bige  atá freagrach as an albam iontach seo de leaganacha clairinéid agus pianó-bunaithe de phoirt de chuid leithéidí LaraajiBeverly Glenn CopelandBig Star, agus Mamman Sani.

Ní gá go mbeadh cur amach agat ar na bunleagacha – ní raibh agamsa, don chuid is mó – mar éiríonn le Blackwell agus Jones dul go croí an scéil i ngach cás.

Fírinne theibí an eisiúna inste go sonach. Ceol as na flaithis.

Infinity Knives & Brian Ennals – King Cobra (Phantom Limb)

King Cobra by Infinity Knives & Brian Ennals

Albam hip-hap na bliana, domsa pé scéal, é an saothar seo ón MC Infinity Knives as Baltimore agus a leathbhádóir éirimiúil an léiritheoir Brian Ennals.

Tá fuadar troda faoin mbeirt ar King Cobra, albam ar camfheothan d’fhuinneamh diúltach é a bhfuil idir ghreann agus ghráin ag baint leis.

Fuaim an fhir ghoirm Mheiriceánaigh ag caitheamh ualach na fulaingthe ó ghlúin go glúin dá ghuaillí go neamhleiscéalach.

JakoJako – Metamorphose (Bigamo)

Metamorphose by JakoJako

Banléiritheoir Turcach lonnaithe in Berlin í JakoJako (Sibel Jacqueline Koçer) a bhíonn a cumadh ceoil sintéiseora gan buillí atá ar nós cogar i do chluas ó ríocht éigin an tsuaimhnis as radharc. 

Is minic mé ag éisteacht le Metamorpose is mé sínte ag míogarnach ar an tolg i dtaca an mheán oíche, agus gach éinne eile sa teach ina gcodladh cheana féin. Seo díreach an saghas ceoil éisteachta ambient a bhíonn uaim nuair a bhím tugtha traochta ó chúraimí an lae ach gan fonn orm dul i mo luí go fóill.

Níos mó