Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
albaim-na-bliana-2022-–-cuid-2

Albaim na Bliana 2022 – Cuid 2

| Ben O Faolain | ,

Just Mustard – Heart Under (Partisan)

Heart Under by Just Mustard

N’fheadar go díreach cad a bhíonn ag déanamh scime do Just Mustard ach ó thaobh speictream na mothúchán de bogann Heart Under ó anó go huaigneas go buairt gan dul in aon áit níos dearfaí.

Conas atá Heart Under á mholadh agam, mar sin? Bhuel, bíodh is go mbíonn Katie Ball ag cnáimhseáil de shíor, tá glór fíneáilte aici a chuireann Alison Shaw ón ngrúpa Cranes i gcuimhne dom. Nuair a cloistear é le hais giotár loiscneach David Noonan agus Mete Kalyoncouglu ar amhráin mar ‘In Shade’ agus ‘I Am You’ is aoibhinn an rud é.

Duncan Marquiss – Wires Turned Sideways In Time (Basin Rock)

Wires Turned Sideways In Time by Duncan Marquiss

Albam gleoite, bunaithe ar cheol an ghiotáir ar a bhfuil rithim mheicniúil na cathrach (an mhonarcha, an meitreo, máirseáil na maidine chun na hoifige) agus saoirse sceirdiúil, idir aoibhinn agus uaigneach, saol na tuaithe le braistint ina gcóimhéid. Éist leis an gcéad rian, ‘Drivenhalle’, go gcloise tú cad atá i gceist agam.

Más spéis leat ceol leictrea-fhuaime Steve Reich, rac-cheol Gearmánach na stíle kosmiche (Neu!, Popol Vuh), nó gormacha iar-nua-aoiseacha ó leithéidí John Fahey agus Ry Cooder bí cinnte cluas a thabhairt don albam seo.

Meitei – Kofū II (Kitchen)

Kofū II / 古風 II by Meitei / 冥丁

Léiritheoir Seapánach é Daisuke Fujita (Meitei), agus is machnamh é a cheol
impriseanaíoch sampla-bhunaithe ar shaol mhuintir a thíre dhúchais sa sean-am. Ceol a chuireann J. Dilla agus Steve Reich i gcuimhne dom, babhtaí, ach a bhfuil blas iomlán Seapánach air mar sin féin.

Tá an ceathrú halbam seo dá chuid, Kofū IIlán de scéalta fuaime leathinste faoi shamúraí fánacha, áitribh thréigthe, sleamhnú an tseanóra i dtreo an bháis agus misneach dochoiscthe na hóige.

Noda & Wolfers – Tascam Space Season (Nightwind)

Tascam Space Season by Noda & Wolfers

Cad a tharlaíonn nuair a castar ar a chéile saoithín sintéiseora Ísiltíreach (Danny Wolfers AKA Legowelt) agus ceoltóir melodica Seapánach (Taka Noda) a bhfuil a chroí istigh sa dub-cheol? Saothar spraíúil digi-dub a fhuaimníonn ar nós Augustus Pablo amú sa spás le dream neacha eachtar-réaltrach dea-mhéiniúla. Fuaimeanna fíréanta.

Pádraig Rynne – Begin With The End In Mind (Liosbeg)

Begin with the end in mind by Padraig Rynne

Ceol consairtín na Mumhan ar liosta na bliana seo faoi dhó– cé a cheapfadh é?

Filleadh ar cheol traidisíunta na hÉireann atá sa chéad albam aonair seo a bhfuil eisithe ag Rynne le fada an lá. Molaim guailleáil nótaí na bpreabphort féin-chumtha ‘The Humours Of Pinot’ agus ‘A Winning Season’, ach thar aon rud eile is breá liom chomh spéiriúil, éasca is a fhuaimníonn poirt a bhfuil sean-aithne agam orthu agus Rynne ag tabhairt fúthu.

Sababa 5 – Sababa 5 (Batov)

Sababa 5 by Sababa 5

Bíonn mo chluasa ar bior d’aon cheol nua ón ngrúpa Khruangbin ach ní rabhas róthógtha leis an gceirnín dteannta Vieux Farka Touré a d’eisíodar i mbliana. Ar shlí, líon an début seo de chuid an ghrúpa Sababa 5 as Tel Aviv an bhearna a chruthaigh iarracht lagmheasartha Khruangbin.

Func-cheol domhanda sicidéalach gan náire atá romhat anseo. Ceol cumaisc a dheineann neamhaird des na teorainneacha cultúrtha idir an Iaráin, an tSomáil, an Tuirc, an Éigipt agus an Aetóip.

Silvestre – Sossegado (Padre Himalaya)

PH008 ‘Sossegado’ by Silvestre

Bíonn blas trópachach éigin ar gach a eisíonn Joao Silvestre, léiritheoir as Lisboa. Fiú agus éagsúlacht stíleanna idir lámha anseo ag Silvestre – grime, teicneo, house agus leictreo ina measc – gluaiseann Sossegado go haoibhinn grástúil ó thús go deireadh buíochas le nós an Phortaingéalaigh úsáid a bhaint as glór sampláilte an duine mar phríomhshéis ar an bhformhór dá chuid rianta.

Func teibí as taobh geall na sráide. 

Bob Vylan – The Price Of Life (Ghost Theatre)

Bob Vylan Presents The Price Of Life by Bob Vylan

Cur síos nimhneach ar shaol an fhir bhoicht ghoirm i Sasana na ré iar-Bhreataimeachta atá in The Price Of Life, an dara halbam eisithe go dtí seo ag an MC punc-grime léaspach Bob Vylan.

Tá The Price of Life punc go smior d’ainneoin go bhfuil Vylan chomh mór faoi chomaoin ag stíleanna nach ceol giotár-bunaithe iad – func Pigbag (‘Wicked and Bad’), abair, hip-hap Public Enemy, réabhcheol 808 State (tá liricí ‘Take That’ ráite thar ‘Cubik’ dá gcuid) agus reigé The Specials (‘Health Is Wealth’) – agus atá se ag fuaim Sex Pistols nó Suicidal Tendencies.

Tuigim go raibh Vylan ag crochadh thart le Kneecap i mBéal Feirste le déanaí. N’fheadar an mbeidh siad le clos i mbun ceoil i dteannta a chéile amach anseo?!

Work Money Death – Thought, Action, Reaction, Interaction (ATA)

Thought, Action, Reaction, Interaction by Work Money Death

Cúirtéis cheoil do dhuine d’fhíoruaisle an tsnagcheoil spioradálaigh – an sacsafónaí Meiriceánach Pharoah Sanders a d’imigh ar shlí na fírinne i bhfómhar na bliana seo – atá i gceist leis an dara halbam seo de chuid an ghrúpa Work, Money, Death as Yorkshire.

Ceithre mhachnamh ar iontaisí agus ar dhúshláin an tsaoil aistigh seo atá sa cheithre phort seo, ar leagadh go téip iad in aon téic amháin gan aon réamhchleachtadh.

Lón anama sóúil.

µ-Ziq – Magic Pony Ride (Planet Mu)

Magic Pony Ride by µ-Ziq

Albam uimhir a 15 ó Mike Paradinas faoin ainm cleite µ-Ziq. N’fhéadfá rá go bhfuil rud ar bith ar siúl anseo nach bhfuil déanta cheana aige, ach táimse den tuairim go bhfuil Magic Pony Ride níostaitneamhaí ná fadsaothar ar bith eile dá chuid.

Bunús na fuaime anseo ná ceol jungle na nóchaidí , ach ba thuras ag breacadh an lae ar dhroim chapaill thar thír-raon reoite na hÍoslainne a mhúscail fonn Paradinas na poirt a chumadh. Samhlófá, cinnte, gathanna gréine frithchaite ag dromchla oighreata leis an tslí a dtéann foinn mhilse na bpíosaí seo ag preabadh timpeall an raon-fuaime. Geaitsíocht glhiondrach ó ghobharnóir geanúil stábla Planet Mu.

Níos mó