Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
an-t-alt-is-mo-leamh-ar-nos-in-2022

An t-alt is mó léamh ar NÓS in 2022

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Foilsíodh inné an chéad chuid de liosta na n-alt is mó léamh ar NÓS i gcaitheamh na bliana 2022. Inniu, tá an dara cuid den liosta sin á foilsiú againn agus arís eile tá togha na n-alt ón mbliain seo caite curtha le chéile againn daoibh. 

I measc na scríbhneoirí a bhain áit amach ar liosta na blianta seo tá Sláine Ní Chathalláin, Domhnall Ó Braonáin, Aifric Ní Scolaí, agus Maitiú Ó Coimín, bail ó Dhia orthu.

Chuir daoine eile peann le pár den chéad uair i mbliana agus muid fíorbhuíoch díobh as a saothar – Hannah Ní Chonghaile agus Emma Sisk ina measc. Tá súil againn gur bhain tú féin an léitheoir taitneamh agus tairbhe as an ábhar a cuireadh ar fáil duit ar leathanaigh NÓS in 2021 agus go mbeidh tú linn arís in 2022. 

15. Díomá agus fearg faoi ‘chur i gcéill’ TG4 faoi chraoladh beo ó Bhrú na Bóinne

Craoladh clár speisialta ar líne ó Sí an Bhrú i mBrú na Bóinne i mi na Nollag ach ní mó ná sásta a bhí go leor den lucht féachana nach raibh craoladh beo ón seomra taobh istigh den séadchomhartha náisiúnta mar chuid den chlár céanna. 

14. Carachtairí na Leithinse – Breandán agus Aoileann

Seo an tríú halt ó shraith iomráiteach Shláine Ní Chathalláin ina gcuireann sí agallamh ar phearsanra ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne agus an ceann is airde ar liosta na n-alt is mó léamh. Chuaigh sí chun cainte le Breandán agus Aoileann Mhic Gearailt an geábh seo 

13. Airím uaim clár Rónáin na meidhre is na brí

Rinneadh muid ceiliúradh ar RnaG @ 50 in earrach na bliana agus chaith go leor dár gcuid scríbhneoirí súil siar ar na cuimhní geala atá acu faoi Raidió na Gaeltachta. Ar dhuine acu sin bhí Aifric Ní Scolaí a chuir síos ar an spraoi a bhíodh sa charr ar an mbealach abhaile ón scoil agus í ag éisteacht le clár Rónáin Mhic Aodha Bhuí.

12. An mbeidh uachtarán mná ar Chonradh na Gaeilge?

Toghadh Paula Mevlin as Baile Átha Cliath ina huachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis na heagraíochta i mí Feabhra. Is í an bhean is óige riamh sa ról agus chaith muid súil chun cinn ar an toghchán san alt seo a foilsíodh cúpla lá roimh an Ard-Fheis.

11. An scríbhneoir agus an fear léinn Feargal Ó Béarra ar shlí na fírinne

Tháinig an drochscéala chugainn i mbéal na Nollag go raibh an scríbhneoir, aistritheoir agus fear léinn Feargal Ó Béarra as Cois Fharraige imithe ar shlí na fírinne.

10. Nósanna na Nollag timpeall na hEorpa

Alt a foilsíodh den chéad uair in 2015 ach a mheallann spéis na léitheoirí bliain i ndiaidh bliana ina gcuirtear síos ar nósanna agus traidisiúin éagsúla ó thíortha a bhaineann leis an Nollaig ar fud na hEorpa.

9. Tá an Béarlachas á chur amach ar na meáin faoi bhranda na Gaeilge

Chuir Domhnall Ó Braonáin, colúnaí óg dár gcuid as Cois Fharraige, síos ar an díomá a bhíonn air agus é ag breathnú ar chuid den ábhar atá á chur amach ar na meáin Ghaeilge.

8. Tá nasc daingean nach féidir a shéanadh idir muintir na Gaeltachta

Scríobh ár gcolúnaí Duibhneach Sláine Ní Chathalláin faoin gceangal atá ag muintir na Gaeltachta ó cheann ceann na tíre lena chéile agus a thábhachtaí is atá na nascanna sin di.

7. Léiriú ar a chontúirtí is atá bóithre na Gaeltachta don rothaí é físeán Cheantar na nOileán

Scaipeadh an físeán d’achrann idir rothaí agus tiománaí veain ina loscadh sléibhe ar na meáin shóisialta ag tús na bliana agus cé go raibh an mhír greannmhar a bhealach, scanraigh sé Maitiú Ó Coimín agus chonaic sé ann an chontúirt a bhaineann leis an rothaíocht sa Ghaeltacht.

6. ‘The Foggy Dew’ as Gaeilge

Bíonn an leagan álainn seo den amhrán ‘The Foggy Dew’ á chanadh ag Gráinne Holland s’againn féin ar an liosta bliain i ndiaidh bliana agus údar maith leis!

5. Is deacair creistint in ‘Creidim Ionat’

Ní raibh Maitiú Ó Coimín chomh tógtha sin le mórfheachtas Fhoras na Gaeilge agus RTÉ an Ghaeilge a chur chun cinn i bhfómhar na bliana.

4. Cúig nós ársa ar Lá Fhéile Bríde

Alt eile a bhíonn ar liosta na n-alt is mó léamh arís agus arís eile – cur síos deas ar chuid de na nósanna ársa a bhaineann le Lá Fhéile Bríde agus teacht an earraigh.

3. 6 bhotún choitianta sa Ghaeilge

Tháinig ár gcairde i nGaelchultúr i gcabhair orainn in 2015 le liosta de botúin is coitianta a dhéantar sa Ghaeilge a chur inár láthair. Tagann léitheoirí (agus eagarthóirí!) ar ais chuig an liosta seo arís agus arís eile gach bliain.

2. Amhrán na hAoine – Amhrán na nGael

Amhrán álainn le Méabh Ní Bheaglaoich a bhí go mór i mbéal an phobail arís mar gheall ar chlár a craoladh ar RTÉ ag deireadh na bliana.

1. Fuil tarraingthe ag Gardaí nach labhródh Gaeilge le cainteoir Gaeilge i mBaile Átha Cliath

Bhí alltacht ar lucht léite NÓS nuair a chuala siad gur tharraing na Gardaí fuil as eagarthóir na hirise agus é ag iarraidh labhairt leo i nGaeilge ar shráideanna na príomhchathrach.

Níos mó