![aoife-sa-chistin:-faoiste-sheaclaide-agus-chuimin](/wp-content/themes/yootheme/cache/52/60747-aoife-sa-chistin-faoiste-sheaclaide-agus-chuimin-52fc82ea.jpeg)
Aoife sa Chistin: Faoiste Sheacláide agus Chuimín
Na comhábhair:
150g seacláid (55% cócó), gearrtha go mín
550ml uachtar dúbailte
500ml siúcra mín
75g glúcós
1tsp síolta cuimín
Teirmiméadar
Stán bácála (1cm domhain)
![](https://nos.ie/wp-content/uploads/2022/12/Faoiste-Seaclaide-agus-Cuimin.jpg)
Téigh an t-uachtar, an siúcra agus an glúcós i bpota ar theas breá íseal. Corraigh an meascán agus lig dó beiriú go mall. Bain úsáid as teirmiméadar chun an teocht a léamh. Téigh go 118ºC agus bain ón dteas. Corraigh isteach an tseacláid agus na síolta cuimín. Buail an t-iomlán le chéile go ceann dhá nóiméad. Líon an stán bácála le scannán cumhdaithe. Doirt amach an fhaoiste i stán bácála agus lig do fuarú go ceann uair an chloig nó dhó. Agus an fhaoiste cruaite, gearr í.