Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
ar-sheol-tu-‘nudes’-chuig-do-chara-riamh?

Ar sheol tú ‘nudes’ chuig do chara riamh?

| An Cailin sa Chathair | ,

Tá an aimsir fuar agus nuair ná féidir liom an tigh a fhágaint mórán, cuireann sé i gcuimhne dom aimsir na Dianghlasála nuair a bhíomar sáinnithe sna tithe. Uair a thosnaíos ag seoladh nudes. Fuaireas pictiúr ó mo chara ar maidin. Bhí sí díreach tar éis cith a thógaint agus chuir sí snap chugam sular ghléas sí. D’fhreagraíos í le snap spíosrach dem’ chuid féin, ach bhí se rófhuar im’ thigh chun nudes cearta a thógaint.   

Seolaimid nudes chuig a chéile go minic. Canathaobh? Bhuel, le linn na paindéime, bhíomar ag maireachtaint le chéile agus bhíomar, chomh maith le gach éinne sa tír, sáinnithe sa tigh. Cad a dhéanfadh beirt ógbhan ach casadh chuig Tinder chun píosa beag spraoi a bheith acu? 

Gach tráthnóna bhíodh Am Tinder againn. Is é sin, na teachtaireachtaí a bhí fachta againn a léamh os ard agus freagraí a chumadh le chéile. Ní hé go raibh boyfriends á lorg againn. Theastaigh uainn beirt go mbeadh iarrthóirí líneáilte suas againn le haghaidh dheireadh na dianghlasála. Níorbh fhada go mbíodh na comhráite á mbogadh againn ó aip amháin go haip eile. 

Tá sé leamh agus leadránach a bheith ag iarradh aithne a chur ar dhuine thar aon sort aipe. Is fearr go mór aithne a chur ar dhuine béal ar bhéal. Ach má theastaíonn uait fear a bheith ag fanacht leat ag deireadh na Dianghlasála, tá Snapchat an-áisiúil. 

Chuamar as smacht sna tréimshí Dianghlasála. Tháinig pacáistí ó Ann Summers gach mí ar feadh nach mór bliana, agus gan sinn a bheith in ann bualadh le héinne. Aon uair a thiocfadh pacáiste nua, nó aon uair go rabhamar sa ghiúmar, ghléasaimis beirt inár n-outfits teaspúla nua agus dheinimis ualach posing agus gáirí go dtógaimis amach na gutháin agus chuirimis pictiúirí spíosracha amach mar saghas réamhbhlaiseadh agus táimse a rá, thaitin siad go mór leis na fir ó Tinder.

Ina dhiaidh sin chuirimis a thuilleadh pictiúirí níos teaspúla agus fíor-nudes amach chuig daoine áirithe go raibh aithne níos fearr againn orthu. Is mór an spraoi é nudes a roinnt le cara collaíochta nuair ná féidir leat iad a fheiscint, agus is mó an spraoi é iad a bheith á dtógaint i dteannta do charad.

Gach aon snap teaspúil agus nude gur sheolamar chuig fear éigint, sheolamar chuig a chéile chomh maith é. Ar nós duine a CCáil ar ríomhphost. Ní bhfuaireas riamh freagra ó fhear a thug an t-ardú meanman céanna dom ná mar a thug an méid a bhí le rá ag mo chara fé mo chuid nudes.

Bhí sé seo ar fad go diail, píosa spraoi ab ea é agus aon uair a sheolaimis aon rud dheinimis cinnte ná raibh ár n-aghaidh le feiscint, ar eagla na heagla. B’annamh go bhfuair duine ó Tinder faic níos mó ná snap teaspúil nach nude é ach a chuirfeadh sé an fhuil ag silleadh i gcolainn éinne a bhfuil spéis acu i mná, cinnte. 

Bhaineamar an-thaitneamh go deo as seo, go dtí gur dheineamar botún. Bhí mo chara ag seoladh nudes chuig fear lena raibh sí ag bualadh craicinn roim an bpaindéim. Fadhb ar bith, go dtí oíche amháin nuair a bhí a meabhair caillte aici, is léir, go ndúirt sí leis (go bréagach) go raibh uirthi imeacht mar bhí strip poker á imirt aici “leis na cailíní” agus go raibh cosc ar ghutháin. 

Mar is féidir a shamhlú, chuaigh an fear bocht fiáin tar éis dó é seo a chlos. Cúpla seachtain ina dhiaidh, chuir sé ceist uirthi mar gheall ar an strip poker. D’iarr sí orm nude a thógaint léi, agus dúrt go ndéanfainn. Cén dochar, ní chífeadh éinne eile é agus ní raibh aon aithne ag an bhfear seo orm.

Sa seomra suí stracamar dínn ár mbra agus thóg an pictiúr. Bhí roinnt útamála go bhfuaireamar pictiúr a rabhamar beirt sásta leis. Sheol mo chara é agus d’fhilleamar ar an bhfíorshaol, an bheirt againn ag sciotaráil, breá sásta linn féin. Go dtí an mhaidin dár gcionn, nuair a tháinig mo chara isteach chugam chun drochscéal a thabhairt dom. 

Bhí sí tar éis an pictiúr a sheoladh chuig cara linn trí thimpist, chomh maith leis an té a raibh sé i gceist aici é a sheoladh chuigeNíos measa fós, bhí ár gcara tar éis freagra a chur chuici, agus ba léir ná raibh aon cheist ina aigne fé cé leo an dá phéire cíoch. Ní rabhas chomh náirithe riamh cheana, agus tá súil agam ná bead chomh náirithe aríst choíche. Tar éis tamall a chaitheamh ag spochadh asainn, gheall sé gan é a lua le héinne dár gcairde eile. Cá bhfios an ndéarfaidh sé lá éigint é, ach is cuma anois. 

Ba é sin an t-aon mhíbhuntáiste a d’aimsíos le linn dom bheith ag seoladh nudes go rialta, ach ní sheolaim a thuilleadh iad ach chuig mo chara amháin agus chuig cúpla duine eile anois is aríst nuair a bhíonn fear ar an láthair agam. 

Scéal rabhaidh is ea é seo ar dhainséar amháin a bhaineann le nudes a sheoladh, agus tóg uaimse é, is fiú a chinntiú agus a athchinntiú má bhíonn nudes á sheoladh agat go bhfuil ainm an duine chirrt roghnaithe agat. 

Níos mó