Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
bailiuchain-agus-albaim-atheisithe-na-bliana-2022

Bailiúcháin agus Albaim Atheisithe na Bliana 2022

| Ben O Faolain | ,

Beatles – Revolver (Apple)

Ba Revolver an pointe nuair a thosnaigh ceol na Beatles ag éirí spéisiúil, agus is é an saothar dá gcuid is ansa liom. Cé nach mbím róbhuartha faoina leithéid de ghnáth molaim an jab breá atá déanta ag Giles Martin agus Sam Okell anseo ar athmháistriú agus athmheascadh an albaim. 

Tá na milliúin téic breise ós na seisiúin taifeadta le clos ar an leagan dlúthdhiosca deluxe ach ní raibh uaimse ach leagan glan vinile – táim ag éisteacht leis ar chaiséad ó bhí me i mo dhéagóir!

Count Ossie & The Mystic Revelation of Rastafari – Grounation (Soul Jazz)

Ceiliúradh caoga bliana atá sa leagan atheisithe álainn seo d’albam a raibh tionchar ollmhór aige ar fhuaim reigé na 70idí, agus ar cheol Burning Spear agus Bob Marley go háirithe. 

Ní reigé a bhí i gceol The Mystic Revelation of Rastafari féin, ach saghas snagcheoil scaoilte le rithimí láidre Afracacha na stíle nyabinhi agus teachtaireacht láidir spioradálta agus frithimpiriúil. 

Stair béil luachmhar do phobal Iamácach ar tháinig a sinsir chun an oileáin mar, i bhfocal óráidí an ghrúpa, Sam Clayton, “human cargo”.

Tycho – Back To Mine (Back To Mine)

Back To Mine – Tycho by Various Artists

Rogha don chóisir iarchóisire ón bhfear a bhain cáil amach as seiteanna dioscmharcaíochta a chasadh le héirí na gréine ag féile Burning Man in Nevada gach bliain. Tá ceol den chéad scoth le clos anseo ó cheoltóirí agus léiritheoirí a bhfuil sean-aithne agam orthu (Ulrich Schnauss, Octa Octa,Casino Vs Japan, Slowdive) ach bainim sásamh ar leith as ceol na ndaoine anseo nach raibh trácht cloiste agam cheana orthu – leithéidí Nate Merceraeu, Craft Spells agus Panama, abair. B’fhiú duit éisteacht leis an mbailiúchán seo ina leagan measctha.

Nancy Sinatra & Lee Hazelwood – Nancy & Lee (Light In The Attic)

Tá draíocht ar leith ag baint leis an gcodarsnacht dhrámata idir glór milis, síodúil Nancy agus baratón rógánta Lee Hazelwood agus iad le clos le hais a chéile ar na clasaicí d’amhráin mar ‘Some Velvet Morning, ‘Sand’ agus ‘Summer Wine’ atá le haimsiú ar an albam íocónach seo os na 60idí. Atheisithe den chéad uair riamh ag lipéad Light In The Attic, tá sé le ceannach san iliomad formáidí ar a siopa ar-líne

Essiebons Special 1973 – 1984 // Ghana Music Power House (Analog Africa)

Essiebons Special 1973 – 1984 // Ghana Music Power House (Analog Africa Nr. 33) by Various

Ceiliúradh ar shaol an léiritheora Gánaigh Dick Essilfie-Bondzie, fear a bhí freagrach as plúr na gceirníní highlife agus Afra-func a eisiú ó thús na seachtóidí isteach sna hochtóidí

Funcaí go smior, tá an rogha seo ag cur thar maoil le spiorad sícideileach Gána na 70idí. Fiú agus breis agus mí caite agam ag éisteacht le Essiebons Special 1973 – 1984 bíonn iontas as an nua orm i gcónaí faoi chomh lúfar, beo-aigneach is bhí na ceoltóirí seo, agus faoi chomh neamheaglach, paiseanta agus a thug siad faoi chóiriú an cheoil seo. Molaim, go háirithe, amhráin Ernest Honny anseo – níl a shárú le fáil ó thaobh obair mhéarchláir de.

Ride – Four EPs (Witchita)

4 EPs by Ride

N’fheadar cé mhéid turas a thugas go siopaí ceoil i gCill Airne, Trá Lí agus Baile Átha Cliath sa tréimhse 1990-1992 ag iarraidh seilbh a fháil ar gach ceann den cheithre EP íocónacha seo de chuid an ghrúpa shoegaze Ride. Ta trí cinn acu ar an tseilf ceirníní agam ach bead á íoslódáil seo ar mhaithe le héisteacht le rianta na EPanna ar fad ar na cluasáin is mé amuigh ag spaisteoireacht cois farraige. Indie-rac trom, spleodrach, grástúil gan cháim.

Head High – Home. House. Hardcore. 2 (Power House)

HOME.HOUSE.HARDCORE.2 by Head High

Agus é ag taifeadadh mar Head High agus WK7 aimsíonn René Páwlowitz (Shed) cothromaíocht chigilteach idir fhuaim garage Nerw York na 90idí a luaithe agus dhord-teicneo na linne seo atá gan sárú. 

An dara bailiúchán de na rianta atá eisithe ag a lipéad Power House ó 2009 i leith, tá na rianta le clos measctha díreach mar ba cheart ar an seoidín seo de dhlúthdhiosca. Ceol réabh sofaisticiúil!

Idrissa Soumaoro & L’Eclipse De L’I.J.A. – Le Tioko-Tioko (Mr Bongo)

Le Tioko-Tioko by Idrissa Soumaoro, L’Eclipse De L’I.J.A.

Armóiní gutha ó neamh, orgáin chuilitheacha shícideileacha agus giotáir iontacha shéiseacha – trí chúis go bhfuil ‘Le Tioko-Tioko’ ar an albam de cheol Mailíoch is giorra dem’ chroí.

Céad-albam é de chuid Mariam Doumbia agus Amadou Bagayoko – díséad afraghormacha a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu sa lá atá inniu ann mar Amadou & Mariam.

Saturno 2000 (Analog Africa)

Saturno 2000 – La Rebajada de Los Sonideros 1962-1983 (Analog Africa Nr. 34) by Analog Africa

Is breá liom nuair a thugann cnuasach ceoil deis dom spléachadh a fháil ar thréimhse éigin i stair an cheoil nár chuala trácht uirthi riamh cheana.

Tugann ‘Saturno 2000’ siar go Meicsiceo na tréimhse 1962-1983 muid le blaiseadh a thabhairt dúinn don gceol a bhíodh á chasadh ag dioscmharcaigh (nó sonidos mar a dtugtaí orthu) na stíle La rebajada leithéidí Marco Antonio Cedillo agus Gabriel Dueñez. Cé gur ceirníní bríomhara cumbia aimsithe i bPeiriú, Veiniséala agus an Cholóim a bhíodh le clos ag cóisirí sráide La rebajada bhí nós ag na dioscmharcaigh na poirt a chasadh ag luas idir 30% agus 50% níos moille ná an gnáth luas seinnte toisc nach raibh taithí ag muintir Mheicsiceo ar bheith ag rince le rithimí tapa.

An toradh ná ceol cumbia atá rud beag níos doimhne agus sícideilí, saghas cosúil le ceol reigé agus é léirithe i stíl dub. 

Garage Psychedelique: The Best Of Garage Psych & Pzyk Rock 1965-2019 (Two Piers)

Tháinig ceol garage rock sícideileach ar an saol sna 60idí a luaithe nuair a thosnaigh déagóirí geala in California ag déanamh aithrise ar amhráin rac-cheoil R&B na seanré de chuid leithéidí Bo Diddley agus Chuck Berry. Tá turas cróineolaíoch á sholáthar anseo ag muintir an lipéid Two Piers a leanann éabhlóid na stíle ó Mheiriceá na 60idí (The Sonics, 13th Floor Elevators, MC5 et al) go dtí Sasana (The Stairs) agus an tSualainn sna 90í (Hives) agus ar aghaidh go ceol na glúine seo garage rock sícideileach (Tame Impala, Moon Duo, Goat). Bailiúchán torannach taitneamhach.

Le fáil anseo ar leathanach Bandcamp Two Piers .

Níos mó