Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
bliain-amhain-gan-alcol-agus-mo-shaol-1000%-nios-fearr

Bliain amháin gan alcól agus mo shaol 1000% níos fearr

| emma sisk | ,

Ní raibh aon rud speisialta faoin 14 Nollaig riamh. Ní raibh breithlá ná ócáid thábhachtach ann. Tá an 14 Nollaig tar éis teacht agus imeacht le níos mó ná tríocha bliain anuas gan aon difríocht domsa. Ach i mbliana beidh rudaí difriúil. Táim ag tnúth go mór leis an lá ámarach mar bheidh mé ag ceiliúradh éacht mór pearsanta – bliain amháin gan braon alcóil.

Saol le halcól

D’éirigh mé as an alcól díreach roimh an Nollaig anuraidh agus ní raibh sé éasca ar chor ar bith. Ba rud fíordheacair é i ndáiríre. Thaitin an t-alcól go mór liom. Bhain mé taitneamh as buiéal fíona, go háirithe sa bhaile, agus piontaí beorach sa phub. Ba bhreá liom éifeachtaí an alcóil agus an chaoi ar bhraith mé níos suaimhní tar éis dí nó dhó. Bhí mé níos réchúisí. Bhí níos mó muiníne agam. Bhí mé i bhfad níos oscailte le daoine. 

Tá an oiread sin cuimhní agam amuigh sa phub le mo chairde nó mo chomhghleacaithe i gcaitheamh na mblianta ag baint taitnimh as an atmaisféar agus an chraic go léir. Bhí mo shaol sóisialta ag brath go iomlán ar an alcól. Ní raibh a fhios agam sular chuir mé stop leis cé chomh mór a bhí alcól mar chuid de mo shaol. Níor cheap mé go raibh aon rud mícheart leis an gcaoi a raibh mé ag ól mar bhí go leor daoine eile ag ól mar an gcéanna agus an méid céanna timpeall orm. 

Is minic a fiafraíodh díom le bliain anuas “cén fáth nach bhfuil tú ag ól?”. Is údar iontais é do dhaoine nuair nach mbíonn tú ag ól alcóil a thuilleadh. Is ceist mhaith and ceist thábhachtach í ba ghá a chur orm féin i dtosach. Ní raibh mé ag ól seacht lá na seachtaine. Ní raibh mé ag brath ar alcól. Níor alcólach mé. Ach d’éirigh mé míshásta leis an gcaoi a raibh mé ag ól. Nuair a d’ól mé, d’ól mé an iomarca. 

Tháinig mé ar an gcinneadh eirí as an alcól tar éis tamall réasúnta fada. Ba i rith tréimhse sna Stáit Aontaithe ag staidéar a osclaíodh mo shúile in 2019. Tá caidreamh an-difriúil ag na Meiriceánaigh leis an alcól. Ólann siad ar bhealach níos freagraí. Dáiríre a bhíonn siad nuair a deir siad nach mbeidh ach deoch amháin acu. In Éirinn, nuair a deir duine “táim ag dul le haghaidh ceann amháin” is cód é le haghaidh oíche amuigh ar an mbaile! Bhí mo chairde Meiriceánacha lán sásta deoch amháin a bheith acu agus é a fhágáil aige sin. Ní bheadh ​​mé, ar an láimh eile, ach ag tosú!

Tá sé ar eolas agam nach mise an t-aon duine a cheistíonn mo chaidreamh leis an alcól. Ceistíonn go leor daoine an bhfuil alcól ina chuid rómhór dá saol, agus bíonn imní orthu go bhféadfadh sé cur isteach ar a sláinte. De réir staitisticí ón Drug Prevelance Survey aithníonn duine as gach triúr os cionn 15 bliana in Éirinn go ndéanann siad babhtaí tromólacháin go rialta. Sainmhíníonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) ragús óil mar sé dheoch chaighdeánacha nó níos mó a ól in aon suí amháin. 

Ach cad é deoch caighdeánach? 

Léaráid: Drink Aware.

Mura bhfuil a fhios agat cad is deoch chaighdeánach ann, níl tú i d’aonar! Ní féidir ach duine as gach deichniúr aosach Éireannach na trí bheart caighdeánacha deochanna is coitianta a shainaithint, de réir Drinkaware.ie. I measc na ndeochanna caighdeánacha coitianta tá leathphionta de 4.5% lager, gloine 100ml d’fhíon 12.5% agus tomhas tábhairne de bhiotáille 40%. 

Léirítear sa suirbhé thuasluaite gur lú an seans go gcuirfeadh mná a bhí ag brath ar alcól síos orthu féin mar óltóirí troma (1 as 10) i gcomparáid le fir (1 as 5). Dúirt an Dochtúir Deirdre Mongan, a d’fhoilsigh taighde in 2020 bunaithe ar an suirbhé seo, gur nós a bhfuil glacadh forleathan leis an iomarca alcóil a ól i measc mhuintir na hÉireann. 

Bhí an méid seo le rá aici: “In Éirinn, mairimid i gcultúr ina bhfuil an t-alcól i ngach áit, agus tá ragús óil normalaithe i gcomparáid le tíortha eile. Fuaireamar amach go raibh feasacht íseal i measc óltóirí a raibh patrúin ólacháin dhíobhálacha acu go n-ólann siad alcól ar an mbealach seo. Ní aithníonn go leor daoine go bhfuil siad ag ól ag an leibhéal seo.” 

Mo chomhairle: Tóg go bog é!

Bhí iontas orm i rith na bliana ar mo chuntas Hinge. Ceann de na pointí eolais atá suas agam ar mo chuntas ná go bhfuilim tar éis éirí as an alcól. Fuair an nochtadh seo go leor aird dhearfach agus idirghníomhaíochta nach raibh mé ag súil leis. Dúirt an-chuid fear dom gur inspioráid mé agus cé gur mhaith leo eirí as an alcól chomh maith, nár mhothaigh said go mbeidís in ann é a dhéanamh.  Tuigim go hiomlán a gcás. 

Nuair a thosaigh mé amach, níor shíl mé go bhféadfainn bliain a chaitheamh gan alcól. Coicís roimh an Nollaig, bhí tástáil mhór ag fanacht liom agus an Athbhliain díreach ina dhiaidh sin. Am deacair den bhliain a bhí ann chun éirí as alcól. 

Ach níl aon “am ceart” stop a chur leis an ól. Beidh laethanta breithe, gealltanais, póstaí, baistí, laethanta saoire ann i gcónaí. Chuidigh sé go mór liom é a ghlacadh i gcéimeanna. Ní raibh mé tiomanta do 12 mhí láithreach. Gheall mé don Nollaig. Agus ansin an Athbhliain. Agus ansin gheall mé “Eanáir thirim” a dhéanamh. Agus ansin mo chéad chóisir agus mo chéad saoire thar lear gan alcól. Bhí mé trí mhí saor ó alcól sular gheall mé 12 mhí a dhéanamh! Is é an chúis atá leis seo ná go raibh eagla orm go dteipfeadh orm. 

Saol gan alcól – Na buntáistí

Is é an rud is mó a chabhraigh liom fanacht as alcól ná na buntáistí a bhaineann le saol gan alcól. Laistigh de choicís, tháinig feabhas suntasach ar mo mheabhairshláinte. Mhothaigh mé mar “bhean nua” agus bhí an mothúchán dochreidte. Níor cheart gur chuir sé iontas orm mar is dúlagrán é an t-alcól agus cuirtear isteach ar do cholainn agus d’intinn fiú mura n-ólann tú ach uair sa tseachtain. 

Anuas ar sin, bhí i bhfad níos mó fuinnimh agam agus bhí seacht lá na seachtaine agam arís mar ní raibh mé ag cailleadh lá amháin sa leaba ag fail báis le tinneas póite! Is rud iontach é dhá lá bhreátha fhada a bheith agat ag an deireadh seachtaine. Bíonn níos mó ama agat chun rudaí a mbaineann tú taitneamh astu a dhéanamh agus níos mó airgid chun iad a dhéanamh freisin! Tá i bhfad níos mó airgead i mo chuntais bainc féin tar éis na bliana gan alcól seo. Déarfainn go bhfuil ar a laghad €3,500 sábháilte agam. Is meánmhéid an uimhir seo bunaithe ar an méid a chaithfinn ar oíche amuigh (€70, tacsaí agus bia san áireamh) uair sa tseachtain le linn na bliana. 

Tá níos mó ama, fuinnimh agus airgid agam anois agus is léir dom nach bhfuil aon mhíbhuntáistí le saol gan alcól. Ní airíonn uaim an fáinne fí ar chor ar bith. Níl sé éasca ar dtús agus tógann sé misneach ach ba é sin ceann de na cinntí is fearr a rinne mé riamh. 

Tá tuilleadh eolais agus cabhrach ar fáil anseo:

This Naked Mind
Alcoholics Anonymous Ireland
Drink Aware

Níos mó