Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
bronntanais-nollag-don-te-a-bhionn-i-gconai-fuar

Bronntanais Nollag don té a bhíonn i gcónaí fuar

| Aedin Ni Thiarnaigh | ,

“Dia ár sábháil, tá mé PRÉACHTA!

Tá sé mar a bheadh mana acu, á rá den mhíliú huair; a gcuid fiacla ag cnagadh leis an bhfuacht, a gcóta fáiscthe timpeall orthu go docht agus a lámha á gcuimilt le chéile acu, ag triail in aisce ar bheagáinín teasa a lasadh iontu.   

Tá aithne againn ar fad ar dhuine dá leithéid. Má chuirtear muinín sa nath Béarla, gur teochroíoch duine na lámh fuar, gach seans go mbeidh fonn ort bronntanas deas a cheannach don té úd i do shaol an Nollaig seo. 

Más amhlaidh an scéal, seo chugat cúpla moladh ina leith…

Buidéal te téagartha! 

Ba é an bhliain seo caite an chéad uair dom na buidéil the fhada seo a fheiceáil sna siopaí agus by daid, d’athraigh siad an saol chun feabhais! Faightear réidh leis an ngá chun cinntí casta a dhéanamh dála ‘an dtéifidh mé mo chliabh nó mo bholg?’ ach tú féin a shoipriú mórthimpeall an bhuidéil fhada, gach cuid díot á téamh aige ag aon am amháin. Bíonn rogha leathan de na buidéil seo ar díol sna gnátháiteanna faoi láthair; Penneys, Dunnes Stores, cógaslanna agus araile. Chonaic mé iad ar díol in Costcutters Thigh Durkin, Baile na hAbhann, fiú más maith leat do phinginí a chaitheamh sa Ghaeltacht! 

Blaincéad leictreach 

Tá mo bhlaincéad leictreach ar na rudaí is ansa liom dá bhfuil agam. Ba é an chéad rud a d’ordaigh dom féin nuair a bhog mé isteach i mo theachín ar Inis Meáin, atá chomh fuar agus atá sé gleoite! Is cuimhin liom an lá a bhí sé le teacht isteach leis an mbád lastais, agus na sceitimíní móra a bhí orm ag súil lena theacht. D’inis mé an méid sin do chomharsa liom, a dúirt; 

“Blaincéad leictreach?! Nárbh fhearr chuid fear deas a fháil le tú a théamh?” 

Ha ha ha, go deimhin. 

Ach déarfaidh mé rud leat, ní ghoidfidh an blaincéad leictreach an phluid san oíche, agus ní scaoilfidh sé broim faoin gcuilt ach an oiread!

Bronntanas ní ab fhearr, níl ann. Tá fáil orthu sna siopa earraí leictreonacha ar fad, agus rogha Gaeltachta ina measc freisin ag Nioclás Ó Conchubhair Teo i gCasla. 

Stocaí olla

Don té a bhíonn fuar i gcónaí, is leochailí ná barraicíní ná ball coirp ar bith eile. Má tá siad sin fuar, beidh do cholainn ar fad fuar agus níl aon dul as! Mar sin, is mór an buíochas a gheobhaidh tú, má chaitheann tú airgead ar phéire stocaí maithe teirmeacha dála na stocaí olla seo ó An Tuirne, Árainn.

Foréadaí te 

Má tá buiséad níos mó agat, d’fhéadfá súil a chaitheamh ar an réimse iontach foréadaí te atá tagtha ar an margadh le cúpla bliain. Cótaí, geansaithe agus eile a bhíonn ann a bhfuil téitheoirí iontu ar féidir a chasadh air agus tú á gcaitheamh. Abair réabhlóideach! Den chuid is mó, téitheoirí in-athluchtaithe a bhíonn ann ar féidir a luchtú le plocóid nó le USB, agus a mhairfidh go ceann cúpla uair an chloig agus iad ar siúl. Bíonn stoc éagsúil sna gnáthsiopaí a dhíolann éadaí don taobh amuigh, dála Regatta. Ach seo rogha leathan ó ToolForce, atá lonnaithe i mBealach Féich, Co. Dhún na nGall. 

Níos mó