Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
dioma-agus-fearg-faoi-‘chur-i-gceill’-tg4-faoi-chraoladh-beo-o-bhru-na-boinne

Díomá agus fearg faoi ‘chur i gcéill’ TG4 faoi chraoladh beo ó Bhrú na Bóinne

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Bhí díomá ar go leor daoine a bhreathnaigh ar chlúdach TG4 d’éirí na gréine ag Brú na Bóinne i gcontae na Mí ar maidin, daoine a bhraith gur “cur i gcéill” a bhí i maíomh TG4 gur “craoladh beo” a bheadh ann. 

Meascán de chraoladh beo ó thaobh amuigh den séadchomhartha náisiúnta agus míreanna réamhthaifeadta a bhí sa chraoladh a bhí ar fáil ar leathanach Facebook agus ar shuíomh TG4 ach ní raibh craoladh beo ann ón seomra istigh, áit a mbíonn an ghrian le feiceáil ag scaladh tríd an mbosca déine an tráth seo bliana. 

Bhí ceamaradóir ag TG4 istigh sa seomra a rinne taifead ar an ócáid ghréine ach níor craoladh an mhír seo beo ar maidin. 

Fágadh ualach tráchtanna diúltacha ar leathanach Facebook TG4 a fhad is a bhí an láithreoir aitheanta Caitlín Nic Aoidh ag tráchtaireacht ar an ócáid ón taobh amuigh. Craoladh agallaimh le bean a bhuaigh ticéad le bheith istigh sa seomra i mbliana, le hoibrí de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí, le húinéirí cúnna faoil, agus le draoithe. 

Fágadh formhór na dteachtaireachtaí ina ndearna gearán faoin “gcur i gcéill” agus “droch-chlúdach” i mBéarla agus b’éigean do Chaitlín iompú ar an teanga sin le míniú don lucht féachana nárbh fhéidir an t-éirí gréine a chraoladh mar gheall ar “shrianta” a bhí i bhfeidhm. 

“Because of restrictions we weren’t allowed to show what was happening,” a dúirt Caitlín le linn an chraolta. Níor tugadh aon eolas breise faoi na srianta a bhí i bhfeidhm. Bhí ceamaradóir de chuid TG4 sa seomra nuair a tháinig an ghrian isteach. Tugadh geallúint go dtaispeánfaí an t-ábhar físe sin arís agus arís eile le linn an chraolta ach níor taispeánadh sa deireadh. Thug Caitlín Nic Aoidh le fios ag 9.50 – uair an chloig i ndiaidh thús an chraolta agus thar ar thrí ceathrú uaire tar éis éirí na gréine – go mbeadh an físeán le feiceáil ar TG4 ar ball. 

D’fhógair TG4 go mbeadh “imeacht mór Éirí na Gréine Ghrianstad an Gheimhridh á shruthú beo ar Facebook agus ar www.TG4.ie ionas go mbeidh gach duine in ann an t-eispéireas seo a fheiceáil agus a roinnt ó áit ar bith ar fud an domhain”. 

Díomá agus fearg a bhí ar go leor daoine a bhain an tuiscint as an bhfógra sin go mbeadh an t-éirí gréine féin á chraoladh beo seachas imeacht bunaithe timpeall ar an éirí gréine. Íomhánna réamhthaifeadta den éirí gréine ó bhlianta eile a 

Craoladh an t-éirí gréine beo ó Bhrú na Bóinne in 2020 nuair a bhí srianta in aghaidh an víris chorónaigh i bhfeidhm agus cosc ar shluaite daoine bailiú le chéile in áiteanna cúnga. Bhí craoladh beo ann arís anuraidh agus srianta áirithe in aghaidh an víris fós i bhfeidhm, ach d’fhógair Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) nach mbeadh craoladh beo ann i mbliana mar gheall go bhfuil cead arís ag daoine a bheith sa seomra féin. 

Craoladh an t-imeacht beo ar líne den chéad uair in 2007, nuair a chraol an OPW féin é mar chuid den chomóradh 40 bliain ar an lá a chonaic an tOllamh Michael J O’ Kelly an ghrian ag teacht isteach sa seomra den chéad uair agus staidéar á dhéanamh aige ar Bhrú na Bóinne – an chéad duine a chonaic an ócáid lena dhá shúil cinn leis na cianta cairbreacha. 

Níos mó