Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
gradam:-a-hainm-sa-tain-ag-‘an-cailin-ciuin’-agus-an-scannan-gaeilge-ar-ghearrliosta-na-ngradam-oscar

GRADAM: A hainm sa Táin ag ‘An Cailín Ciúin’ agus an scannán Gaeilge ar ghearrliosta na ngradam Oscar

Tá an scannán Gaeilge mór le rá roghnaithe san iomaíocht le 14 scannán eile chun ainmniúchán don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr a fháil

GRADAM: A hainm sa Táin ag ‘An Cailín Ciúin’ agus an scannán Gaeilge ar ghearrliosta na ngradam Oscar

Tá gaisce stairiúil eile déanta ag an scannán Gaeilge mór le rá, An Cailín Ciúin, agus áit bainte amach aige ar ghearrliosta do na gradaim Oscar.

D’fhógair an Academy an gearrliosta don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr anocht agus tá áit bainte amach ag an scannán Gaeilge ar an liosta in éineacht le 14 scannán eile ó thíortha ar fud an domhain.

Níl ainmniúchán do ghradam Oscar faighte ag An Cailín Ciúin go fóill, áfach, agus cúig scannán as an 15 ar an ngearrliosta le roghnú ag baill an Academy idir seo agus deireadh mhí Eanáir.

Níor éirigh le haon scannán Gaeilge dul chomh fada seo sa phróiseas roghnúcháin, áfach, agus tá seans anois ann go mbeidh An Cailín Ciúin san iomaíocht nuair a fhógrófar na na hainmniúchán faoi dheireadh mhí an Mhárta.

Bhí scannán as 92 tír ar fad san iomaíocht d’áit ar an ngearrliosta don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr.

Cuirfear an 15 scannán a bhain áit amach ar an ngearrliosta faoi bhráid na mball go léir ar an Academy – thart ar 9,000 duine – agus tá cead ag aon duine acu vótáil don chúig ainmniúchán dheireanacha, fad is go bhféachann siad ar na scannáin go léir ar an ngearrliosta.

Fógrófar na cúig ainmniúchán don Oscar don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr in éineacht leis na hainmniúcháin sa 22 catagóir eile ar an 24 Eanáir. Ar an Domhnach an 12 Márta a bhronnfar na gradaim Oscar don 95ú huair.

Roghnaigh IFTA An Cailín Ciúin, an chéad fhadscannán ag Colm Bairéad, le dul in iomaíocht ar son na hÉireann do na gradaim Oscar. Is é seo an tríú bliain as a chéile a bhfuil scannán Gaeilge a rinneadh faoin scéim Cine4 roghnaithe agus an séú huair ar cuireadh scannán Gaeilge chun cinn.

Tá ardmholadh faighte ag an scannán ó léirmheastóirí agus lucht féachana idirnáisiúnta ó tháinig sé amach níos luaithe i mbliana.

Breis is €1 milliún atá déanta sna pictiúrlanna ag An Cailín Ciúin, an scannán Gaeilge is fearr ar éirigh leis riamh ag oifig na dticéad in Éirinn agus sa Bhreatain.

Scéal teacht in aois ina dtéann cailín óg chun cónaí lena gaolta faoin tuath fad is atá a máthair ag súil a insítear sa scannán.

‘Míorúilt bheag de scannán” a thug léirmheastóir Tuairisc air.

Bhí tuilleadh dea-scéalta ann don scannán níos luaithe inniu nuair a fógraíodh go raibh An Cailín Ciúin ainmnithe do cheithre ghradam eile ag an London Critic’s Circle.

Tá an scannán ainmnithe don Scannán is Fearr i dTeanga Iasachta agus don Scannán Briotanach/Éireannach is Fearr. Tá ainmniúchán faighte freisin ag Colm Bairéad agus ag an aisteoir óg Catherine Clinch sna rannóga don Scannánóir Nua is Fearr agus don Aisteoir Óg is Fearr.

Tá go leor duaiseanna eile buaite ag An Cailín Ciúin, ina measc ocht ngradam IFTA, An Grand Prix agus Duais Speisialta an Ghiúiré Idirnáisiúnta sa Roinn ‘Generation KPlus’ ag an Berlinale, Féile Scannán Bheirlín, Gradam Lucht Féachana Virgin Media, agus duais don Scannán is Fearr as Éirinn ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath.

Níos mó