Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
seachain-an-radharc-gneis!-5-scannan-nach-naireoidh-os-comhair-do-mhuintire-thu-an-nollaig-seo

Seachain an radharc gnéis! 5 scannán nach náireoidh os comhair do mhuintire thú an Nollaig seo

| Aedin Ni Thiarnaigh | ,

An teaghlach ar fad soiprithe isteach don oíche, an tine thíos, soilse na Nollag ag glioscarnach, chuile dhuine ar a sócúlacht os comhair na teilifíse agus scannán ar siúl.

Aaaah, nach deas é? 

Is deas, go dtí go dtagann moill leis an gceol, agus go bhféachann na príomhcharachtair go tnúthánach ar a chéile…go dtí go mbogann siad i dtreo a chéile…go dtí go bpógann siad a chéile agus… 

OH NO! TÁ RADHARC GNÉIS AG TITIM AMACH! 

Ritheann duine amháin chuig an leithreas, ligeann duine eile orthu go bhfuil glaoch práinneach fóin ag teacht isteach agus go gcaithfidh siad imeacht lena fhreagairt agus fágtar an chuid eile agaibh – 

SÁINNITHE.

Tharla sé dúinn uilig. Tá mé féin céasta fós ag scannán Nollag na bliana 2017 ar RTÉ agus Brooklyn á chur amach acu den chéad uair. Bhí an tír go léir ag féachaint air, agus d’fhulaingíomar go léir náire an radhairc gnéis gan choinne dá bharr. Scrios ort a Shaoirse Ronan! Scrios ort a Choilm Thóibín! 

Is cuid dhosheachanta den Nollaig é baol an radhairc gnéis gan choinne faraor, ach i mbliana, tá rún agam ullmhú lena aghaidh! Mar sin seo chugaibh,

5 scannán atá slán le féachaint orthu i dteannta do mhuintire an Nollaig seo:

Paddington 2 (2017), 18:10 Oíche Nollag ar RTÉ 2

Ba é mo dheartháir a mhol Paddington 2 dúinn anuraidh mar ábhar féachana Nollag. Ní raibh mé féin ná mo dheirfiúr róthógtha leis an smaoineamh ag an am. 

“Nach bhféadfadh muid breathnú ar The Holiday den deichiú uair?” arsa muid. 

“Bainigí triail as Paddington 2 LE BHUR DTOIL! Cén fáth nach dtabharfadh sibh seans dó? Níl sé féaráilte!”, tuigeann sibh rachtanna feirge deartháireacha sna tríochaidí – ba bheag nár ghread sé a chos ar an talamh!

Ghéill muid dó faoi dheireadh agus bhíomar sásta gur ghéill. Bhíomar sna tríthí gáire ó chúig nóiméad isteach agus choinníomar orainn go dtí an deireadh, aoibh an gháire orainn agus ár gcroí ardaithe. 

Wolfwalkers (2020), 14:25 Lá Nollag ar RTÉ 1 

Craolfar an leagan Béarla de Wolfwalkers ar RTÉ 1 an Lá Nollag seo agus cé gur fearr dá mbeadh leagan Gaeilge ann leis, is iontach an deis é an scannán is déanaí de chuid Cartoon Saloon a fheiceáil fós, fiú i dteanga na nGall. Tá an scéal bunaithe ar bhéaloideas na hÉireann, mar is dual don chomhlacht léiriúchán as contae Chill Cheannaigh, agus leanann sé scéal cailín óig a bhfuil sé de dhualgas ar a hathair an ruaig a chur ar mhic tíre dhúchasacha na hÉireann. 

Is aoibhinn an scéal é, loma lán le draíocht agus ceol cúlra den scoth ag rith tríd chomh maith, a chuireann go mór le hatmaisféar an scannáin. 

Downton Abbey (2019), 21:55 Lá Nollag ar RTÉ 1

Má tá rud ar an saol a thaitníonn le tuismitheoirí na hÉireann, is é Downton Abbey é. Tá siad fiáin aige! Mar sin tá mé cinnte nach gcloisfidh sibh gearán ar bith ó na tuismitheoirí, má chasann sibh an scannán seo ar siúl Lá Nollag – an chéad scannán a tháinig i ndiaidh dheireadh na sraithe. Do dhuine ar bith a d’fhéach ar an tsraith, is geall le teacht le chéile é an scannán seo le cairde i gcéin nach bhfaca tú le fada – feiliúnach don Nollaig, nach gceapfá? 

Into The West (1992), 16:45 Lá an Dreoilín ar TG4

Is iomaí scannán mór le rá a rinneadh in Éirinn, nó atá bunaithe ar shaol na hÉireann nó gné ar leith de – ach is beag scannán ar éirigh leo é a dhéanamh ar bhealach a thaitin le muintir na tíre féin. Is seoid í Into The West sa tslí seo, agus ní dóigh liom gur chas mé le duine ar bith nár thaitin an scannán leo. Bíodh bhur dtóin ar an dtolg mar sin ar a 16:45 agus an chlasaic seo á cur amach ar TG4 Lá an Dreoilín. Ar aghaidh leat a Thito! Ar aghaidh leat a Thír na nÓg! 

Mrs. Doubtfire (1993), 13:35 28 Nollag ar Film 4

Ba ré órga scannánaíochta a bhí sna nóchaidí agus tá Mrs. Doubtfire ar na scannáin ab fhearr ar fad a rinneadh le linn na tréimhse sin, i mo thuairim. An t-aon rud a déarfainn ná go dtéann taobh dáiríre an scéil i bhfeidhm níos mó orm de réir mar a théim in aois. Mura bhfuil sé feicthe agat le cúpla bliain mar sin, ní bheadh dochar ar bith an bosca ciarsúr a bheith le d’ais agus tú ag féachaint! Agus an scéal lán le greann is le grá ó thús deireadh, is rogha den scoth é chun féachaint air i dteannta do mhuintire an Nollaig seo, cuma óg nó aosta iad. 

Níos mó