Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-phleanail-teanga,-an-tacht-teanga-agus-pobal-na-hultaise-i-measc-na-dtosaiochtai-ag-aire-stait-nua-na-gaeltachta

An phleanáil teanga, an tAcht Teanga agus pobal na hUltaise i measc na dtosaíochtaí ag Aire Stáit nua na Gaeltachta

Tá athbhreithniú ar chur i bhfeidhm phleananna teanga na Gaeltachta, feidhmiú an na reachtaíochta Gaeilge nua agus tacú le pobal na hUltaise ar chuid de na tosaíochtaí is mó atá atá ag Aire Stáit nua na Gaeltachta.

Deir an tAire Stáit Patrick O’Donovan, a ceapadh sa ról díreach roimh an Nollaig, go bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh athbhreithniú neamhspleách déanta ar an gcéad deich bPlean Teanga Gaeltachta roimh dheireadh na bliana.

Tá plean teanga ceadaithe do gach ceann de na 26 Limistéar Pleanála Teanga sa Ghaeltacht agus tuigtear gur pleananna i gceantair Ghaeltachta Dhún na nGall agus Phort Láirge is túisce a ndéanfar athbhreithniú orthu.

D’fhógair an t-iar-aire stáit Gaeltachta Jack Chambers mí Mheán Fómhair seo caite go raibh athbhreithniú neamhspleách le déanamh ar an gcóras pleanála teanga. Roimhe sin bhí sé i gceist gurbh í an Rannóg Pleanála Teanga i Roinn na Gaeltachta a bheadh ag tabhairt faoin obair athbhreithnithe.

Bhí lucht na pleanála teanga féin ag iarraidh go mbeadh pé athbhreithniú a dhéanfaí ar a gcuid oibre neamhspleách ar na húdaráis atá i gceannas an chórais.

Agus an Dáil ag filleadh inniu, d’fhiafraigh Tuairisc den Aire Stáit nua faoi na spriocanna agus tosaíochtaí atá aige ina ról nua agus dúirt O’Donovan go raibh sé ag iarraidh go mbeadh feidhm tugtha do gach foráil nua atá in Acht na dTeangacha Oifigiúla roimh dheireadh na bliana.

Dúirt O’Donovan gur baineadh go leor amach i dtaobh na reachtaíochta in 2022 agus luaigh sé an conradh a aontaíodh le hOllscoil na Gaillimhe chun taighde a a dhéanamh faoin bPlean Náisiúnta atá le hullmhú i dtaca le seirbhísí poiblí i nGaeilge agus earcú cainteoirí Gaeilge sa státchóras.

“Ba mhaith liom tús a chur le gach foráil eile san Acht roimh dheireadh 2023 – bliain iomlán roimh an spriocdháta atá leagtha síos san Acht,” a deir an tAire Stáit nua.

Luaigh an tAire Stáit O’Donovan pobal na hUltaise cúpla uair ina chuid freagraí ar cheisteanna Tuairisc.

Dúirt O’Donovan gur faoi phobal na Gaeilge, na Gaeltachta agus na hUltaise a bheadh sé breithiúnas a thabhairt ar conas mar a d’éirigh leis mar Aire Stáit nuair a bheadh a théarma istigh aige.

“Feictear dom go ginearálta go bhfuil daoine ag cur fáilte romham sa ról nua. Ag deireadh an lae, áfach, is é an rud is tábhachtaí ná an méid a bhainim amach do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus do phobal na hUltaise le linn mo théarma mar Aire Stáit na Gaeltachta. B’fhearr liom an bhreith dheiridh a bheith fágtha do na pobail sin tar éis mo théarma a bheith caite agam,” a dúirt sé.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhine Gael go raibh athbhunú an Fheidhmeannais ó thuaidh agus na forais uile-oileáin i measc na rudaí a mbeadh sé ag tacú leo in 2023.

“Ba mhaith liom tacú tuilleadh le hobair Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht agus, chomh maith leis sin, ba mhaith liom an Rialtas ó thuaidh agus na forais uile-oileáin a fheiceáil ag feidhmiú arís ionas go mbeidh deis againn An Foras Teanga a chur ag feidhmiú ar bhonn éifeachtach don dá phobal ar an oileán seo, pobal na Gaeilge agus pobal na hUltaise.”

I measc na spriocanna eile a luaigh an tAire Stáit O’Donovan, dúirt sé gur mhaith leis na seirbhísí teaghlaigh, óige, ealaíon, luathbhlianta agus spóirt atá á maoiniú ag Roinn na Gaeltachta a leathnú amach agus tuilleadh tacaíochta a thabhairt don “sárobair” atá ar bun ag coistí agus Oifigigh Pleanála Teanga sa Ghaeltacht.

Luaigh sé forbairt na dtograí caipitil atá idir lámha ag an Roinn freisin.

“Ba mhaith liom dlús a chur le clár caipitil mo Roinne a bhfuil go leor pleanála déanta ina leith le cúpla bliain anuas. Tá go leor den obair phleanála ar tí a bheith críochnaithe anois agus an t-am tagtha le tús a chur leis an obair thógála ar go leor de na tograí atá beartaithe,” arsa O’Donovan.

Tháinig ceapachán O’Donovan roimh an Nollaig aniar aduaidh ar mhórán mar nach raibh sé á lua leo siúd a roghnófaí mar Aire Stáit na Gaeltachta.

Dúirt O’Donovan, a bhí ina mhúinteoir scoile sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht, go bhfuil a chuid Gaeilge “beagnach caillte” aige. Thug sé le fios ag an am go raibh sé i gceist aige cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne le linn na Nollag chun í a athfhoghlaim ach deir sé nach bhfuair sé an deis an turas sin a dhéanamh go fóill.

“Tabharfaidh mé mo chéad chuairt ar an Ghaeltacht mar Aire Stáit nuair a dhéanfaidh mé turas chomh fada le hOifigí mo Roinne, oifigí Údarás na Gaeltachta agus Oifig an Choimisinéara Teanga i nGaillimh [amárach].  É sin ráite, táim ag cur snas ar mo chuid Gaeilge cheana féin trí na comhráite agus na cruinnithe a bhíonn agam le hoifigigh mo Roinne, go háirithe iad siúd atá lonnaithe sa Ghaeltacht.”

Níos mó