Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
an-t-ainm-‘brid’-imithe-i-leig-dar-leis-an-cso

An t-ainm ‘Bríd’ imithe i léig dar leis an CSO

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Tá an t-ainm ‘Bríd’ imithe i léig ó bhí “buaicthréimhse” an ainm ann ag tús na 1980idí, dar le Gerard Dolan ón bPríomh-Oifig Staidrimh. Chuir lucht na hoifige staitisticí faoi na hainmneacha a bhaineann le Bríd Naofa ar fáil inniu mar chuid den cheiliúradh náisiúnta a dhéanfar ar éarlamh na hÉireann an tseachtain seo. 

Baisteadh ‘Bríd’ nó ‘Brid’ ar 162 cailín nuabheirthe idir na blianta 1980 agus 1983 ach ní bhíonn an t-ainm ach ar líon fíorbheag cailíní ar na saolta seo. Tugadh ‘Bríd’ ar chúigear in 2017, ar ochtar in 2018, agus ar sheisear in 2021. Bhí a laghad sin ‘Brídeanna’ ann in 2021 nár cuireadh san áireamh sna staitisticí é mar ainm. Fágann sé sin go bhfuil formhór na mBrídeanna in Éirinn beagnach ceathracha bliain d’aois nó os a chionn. 

Ar ndóigh, tá leaganacha eile den ainm ann i mBéarla agus i nGaeilge agus tá sonraí ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ina dtaobh sin chomh maith.  Ar na ceanna is coitianta tá ‘Brigid’ agus ‘Bridget’. Ba in 1965 a bhí a “bhuaicthréimhse” ag ‘Brigid’ agus an leagan sin den ainm tugtha ar 293 leanbh agus tráth a raibh sé ar an 26ú hainm ba mhó thóir do chailíní. 

Baisteadh ‘Brigid’ ar bhreis agus céad leanbh gach bliain ó 1965 go 1972, agus bhí sé i measc na 100 ainm ba mhó tóir do chailíní suas go dtí 1975. Tháinig athbheochan beag ar an leagan seo in 1995, nuair a tugadh ‘Brigid’ ar 62 leanbh, ach tháinig laghdú arís in 1996 go 28 ‘Brigid’ agus ar thairseach na mílaoise bhí níos lú ná ochtar leanbh nuabheirthe a raibh an t-ainm sin orthu. Níor áiríodh ‘Brigid’ sna staitisticí ceal úsáide sna bliana 2014, 2015, 2016, agus 2017. 

Is é an leagan Galldaithe ‘Bridget’ is coitianta sa lá atá inniu ann agus os cionn fiche cailín den ainm sin ann in 2020 agus in 2021. Bhí sé ar an 228ú ainm ba mhó tóir do chailíní in 2021. Bhí sé ar an ochtú hainm ba mhó tóir in 1964 tráth a tugadh ‘Bridget’ ar 595 leanbh. Níor thit sé amach as an gcéad ainm is mó tóir do chailíní go dtí 1998. 

Ar na leaganacha eile a bhfuil eolas ag an CSO fúthu tá ‘Breda’, ‘Bridgid’ agus an seanlitriú Gaelach ‘Brighid’. Ba sna 1980idí a bhí an tóir ba mhó ar ‘Breda’ agus an t-ainm ar 49 cailíní in 1982. Tugadh ‘Breda’ ar sheisear in 2020 ach níos lú ná triúr in 2021. Tugadh ‘Bridgid’ ar 23 cailíní idir na blianta 1967 agus 1971 agus bhí triúr acu arís ann in 1980.

Ní bhíonn mórán tóir riamh ar ‘Brighid’ féin. Ba sa bhliain 1964 a rugadh an líon is mó in aon bhliain amháin agus ní raibh an uair sin ann ach seisear. In 1982 cláraíodh triúr ‘Brighid’ eile ach níor cuireadh an t-ainm san áireamh sna staitisticí ó shin, ceal úsáide. 

Tá leaganacha eile den ainm ar an taifead ag an CSO chomh maith, ina measc: Breada, Breeda, Breege, Breedge, Bridge, Bridgeen, Bridie, Brídín, Briege, agus Briget.  

Tá íosmhéid de triúr leanbh den inscne céanna i gceist le hiontrálacha ar tháblaí Ainmneacha Leanaí na hÉireann, ar mhaithe le príobháideachas an duine a chosaint.

Níos mó