Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘b’fheidir-gurb-e-an-t-amhranai-ba-bhinne-da-gcuala-riamh-e’-–-seamus-o-beaglaoich-ar-shli-na-firinne

‘B’fhéidir gurb é an t-amhránaí ba bhinne dá gcuala riamh é’ – Séamus Ó Beaglaoich ar shlí na fírinne

Tá Séamus Ó Beaglaoich, ceoltóir, amhránaí agus feirmeoir aitheanta ó Bhaile na bPoc i gCorca Dhuibhne, ar shlí na fírinne.

Bhí sé 73 bliain d’aois.

Bhí Séamus Ó Beaglaoich, ar dhuine de phearsana móra na Gaeltachta agus ar dhuine de mhórcheoltóirí traidisiúnta a linne.

Bhí sé ar dhuine de naonúr clainne i gceann de theaghlaigh mhóra an cheoil in Éirinn – muintir Bheaglaoich Bhaile na bPoc. Bhíodh halla rince ar an Muiríg ag muintir Bheaglaoich agus é ina chomórtas idir ógánaigh Bhaile na bPoc féachaint cé leis a thitfeadh an gradam – a bheith ag seinim ag na céilithe sa halla.

Bhí dúchas an cheoil agus na teanga go smior i Séamus Ó Beaglaoich agus thosaigh sé ag seinim ceoil in Halla na Muirí agus é 14 bliain d’aois. B’iad leithéidí Joe Burke, Paddy O’Brien agus Finbarr Dwyer na boscadóirí ba mhó a chuaigh i bhfeidhm air agus é ag teacht chun coinlíochta.

Le spreagadh Riobaird Mhic Góráin Ghael Linn, ba lena dheirfiúr Máire a chuir Séamus amach a chéad albam, An Ciarraíoch Mallaithe, 50 bliain ó shin, i 1973. Chuir sé albam eile amach le Máire i 1989, Planxtaí Bhaile na bPoc.

As a chumas diamhair ar an mbosca ceoil is mó a thuill sé aitheantas agus bhain a chleamhnas ceoil leis an ngíotaraí Steve Cooney suaitheadh maith as saol an cheoil thraidisiúnta tar éis dóibh bualadh lena chéile ar dtúis i dtábhairne an Bhreathnaigh ar an mBóthar i 1984.

Cé go raibh fealsúnacht saoil ana-éagsúil acu, bhaineadar beirt ana-cheart dá chéile sna blianta a lean.

Bhí cur chuige suaithinseach lán fuinnimh acu agus is mó duine a bhí meallta ag a n-albam Meitheal agus ag a gceolchoirmeacha spleodracha a mbíodh fiántas agus anam as an ngnáth ag baint leo. Mar “Guns N’ Roses Bhoc na bPoc” a chuir an craoltóir Ailbhe Ó Monacháin i láthair iad ar oíche oscailte TG4 i 1996.

Bhí oícheanta san Olympia i mBaile Átha Cliath acu agus bhíodar ar an stáitse leis an ngrúpa iomráiteach na Waterboys in Glastonbury.

Ag é ag tabhairt ómóis aréir dó, dúirt Mike Scott, amhránaí an ghrúpa sin, gur scoth cheoltóra é Séamus agus go mb’fhéidir “gurb é an t-amhránaí ba bhinne dá gcuala riamh”.

“Cara, rí agus dia beag ab ea James,” a dúirt Scott, agus é ag guí cúrsa glan chun na síoraíochta air.

Agus í ag tabhairt ómóis aréir dó, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin, Catherine Martin go raibh a chuid ceoil préamhaithe go doimhin in ithir an dúchais agus i dtraidisiúin Chorca Dhuibhne.

Bhí an-rath chomh maith ar an gcomhpháirtíocht cheoil idir Ó Beaglaoich agus Jim Murray agus bhuaigh a saothar Ragairne duaiseanna d’albam traidisiúnta na bliana ó Hot Press agus The Irish Times. Fuair a n-albam Éirí go Lá ardmholadh chomh maith.

De bharr an éilimh a bhíodh chun rince ar an gceol i gCorca Dhuibhne i gcaitheamh a óige, b’fhuraist leithcheal a dhéanamh ar a chuid amhránaíochta.

Bhí sé de cháil ar Shéamus go n-éiríodh leis dul go croí an amhráin i gcónaí agus taibhsíodh do scata go mba thríd agus leis agus ann a deirtí an t-amhrán.

Bhí sé le rá ag a chara, an t-amhránaí clúiteach, Mary Black, gur macallaí an rógaire agus an aingil a bhí le clos ina ghuth agus go meallfadh sé idir dheora goirt is gáirí geala uait in aon véarsa amháin.

Deireadh sé féin go mba bhreá an lá dó ag Oireachtas na bliana 1969 ach a ndúirt an moltóir Seán Óg Ó Tuama leis an mBeaglaoich óg go raibh a ghuth róbhinn don sean nós.

Dála a mhuintir roimis, níorbh aon fhear é Séamus a dhein idirdhealú ná rangú ar genres éagsúla ceoil, bídís i mBéarla nó i nGaolainn.

Bronnadh gradam Amhránaí na Bliana air ag Gradaim Cheoil TG4 in 2013.

Ina pharóiste dúchais, Paróiste Mordhach, bhí Ó Beaglaoich aitheanta mar shárchainteoir agus é ar dhuine de na daoine ab fhearr sa Ghaeltacht chun scéal a insint agus ba é a bhí deas, chomh maith, ar chaint ghonta, líonmhar, lúth-fhoclach, nuair a bhí an greann ina theas i mbundún dearg na hoíche.

As an naonúr clainne de mhuintir Bheaglaoich, ba é Séamus a d’fhan aige baile ag tindeáil ar an mbreis is céad acra de thalamh na hÉireann a bhí ina seilbh.

Bhí meas air mar fheirmeoir agus cé go ndeireadh sé féin gur mhinic go raibh dícheall déanta is faic dá bharra, bhí stráice maith talún tugtha chun míntíreachais aige i gcaitheamh na mblianta.

Thug sé tamall mar chonraitheoir sadhlais agus tá cuimhní sa pharóiste inniu air mar dhuine a léimfeadh anuas den dtarracóir idir deasca lae is oíche shamhraidh chun seinimt sna tábhairní agus é éirithe le giolcadh an ghealbhain chun tabhairt faoin móinéar athuair.

Fear tíriúil, cuileachtúil, deisbhéalach, seoigh ba ea é a raibh féith na rógaireachta go láidir ann.

“Cá mbeimis gan an ceol?” a deireadh Séamus Ó Beaglaoich féin go minic agus ba dheacair dó a shaol a shamhlú gan na polcaí, na sleamhnáin agus na hamhráin dála ‘Bruach na Carraige Báine’, ‘Maidin Luan Cincíse’, ‘An Droighneán Donn’ agus ‘A Mháire Bhán Óig’.

Is deacair do lucht an cheoil is na n-amhrán an saol a shamhlú gan a láimh chlé ag scuabadh na nótaí chun siúil agus an “béilín ba bhinne ná an druid nuair a labhrann” ina thost.

Méala agus púir mhór a bhás dá bhean Mary, dá chlann Breandán, Eoin, Niall agus Méabh, dá chlann ceolmhar deartháireacha is deirfiúracha, dá gclann siúd arís, dá ghaolta, dá chomhcheoltóirí agus don uile dhuine go bhfuil meas acu ar an gceol agus ar an amhrán.

Níos mó