Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘cuireann-an-t-amhranai-as-gaoth-dobhair-tic-i-ngach-bosca-don-eoraifis’

‘Cuireann an t-amhránaí as Gaoth Dobhair tic i ngach bosca don Eoraifís’

| sean o dubhchon | ,

Mar dhuine atá go hiomlán gafa le Comórtas na hEoraifíse le 25 bliana anuas, táim i ndiaidh m’anailís féin a dhéanamh ar na rudaí a theastaíonn in aon amhrán maith Eoraifíse. Is cuma más bailéad nó rian tapa atá i gceist, caithfidh mothúcháin choiteann a bheith le sonrú sna liricí agus réimniú gliondrach eofóiriach a bheith i láthair sa tionlacan agus sa chur i láthair a déanfar ar an stáitse. Is gá don amhrán a bheith struchtúrtha go héifeachtach, ach ina ‘éistphéist’ a fhanann san aigne ag an am céanna. 

Chomh luath is a chuala mé ‘Too Good For Your Love’ le hADGY, chuir mé tic i ngach bosca atá luaite agam thuas, agus mé ag samhlú an cineál taispeántas a dhéanfadh sé ar an stáitse mór in Liverpool. Seo rian atá go hiomlán foirfe don chomórtas. 

Mar sin, chuir sé iontas orm nuair a d’inis Andrew Carr, nó ADGY mar is fearr aithne air, nach raibh an Eoraifís ina intinn agus é i mbun cumadóireachta. 

“Bhí mé ag scríobh agus ag scríobh, agus ag cur an amhráin seo le chéile i rith na dianghlasála. Thosaigh sé amach mar bhailéad a scríobh mé ar an bpianó, faoi am agus duine a bhí i mo shaol. Sheol mé an fhonnadóireacht agus an tionlacan chuig roinnt léiritheoirí agus bhí suim mhór ag an léiritheoir Boksay ann. Nuair chríochnaigh muid an t-amhrán agus d’éist mo dheirfiúr leis, dúirt sí go raibh sé iontach fóirsteanach don Eoraifís,” a dúirt ADGY, agus é ag déanamh cur síos ar an phróiseas cumadóireachta. 

Ba ócáid stairiúil é Comórtas Eoraifíse na bliana seo caite. Cinnte, bhí an-chuid fadhbanna teicniúla ag baint leis an óstáil a rinne an Iodáil ar an gcomórtas. Ar an gcéad dul síos, bhí an láithreoireacht a rinne na hamhránaithe Mika agus Laura Pausini ar an gcomórtas thar a bheith trína chéile, cé go ndearna a leathbhádóir Alessandro Cattelan an-jab as tubaiste iomlán a sheachaint. Bhí soilse nár oibrigh mar is ceart, leagan amach aisteach ar an amharclann agus ar an seomra glas agus caighdeán míshlachtmhar ag baint amach leis gceamaradóireacht. 

Ach caithfidh mé a rá go raibh caighdeán na rianta eisceachtúil, an rogha is fearr agus is leithne riamh san Eoraifís. I measc na n-amhránaithe a bhain rath agus séan amach tar éis dóibh páirt a ghlacadh sa chomórtas, tá Sam Ryder (Sasanach a bhain barr na gcairteacha amach sa Bhreatain lena chéad albam) agus Rosa Linn (Airméanach a mearscaipeadh ar TikTok lena amhrán ‘Snap’, rian a sruthaíodh breis agus 560 milliún uair ar Spotify go dtí seo). 

I ndiaidh don bhanna Iodálach Måneskin Comórtas Eoraifíse na bliana 2021 a bhuachan, agus cáil dhomhanda a bhaint amach dá bharr, léiríodh gur buntáiste é a bheith páirteach i gcomórtas idirnáisiúnta ar nós na hEoraifíse. Seans agus ardán iontach d’aon amhránaí nó cumadóir is ea an Eoraifís anois. 

Mar sin féin, níor éirigh go maith linn féin mar thír le ceithre bliana anuas, toradh ar na hamhráin mhíchearta a bheith roghnaithe go hinmheánach ag RTÉ. Ar an dea-uair, tá an cinneadh déanta acu deis a thabhairt don phobal an rian agus an t-amhránaí a dhéanfaidh ionadaíocht d’Éire a roghnú i mbliana. Den chéad uair ó seoladh Ryan O’Shaughnessy go dtí an Phortaingéil lena hamhrán iontach ‘Together’ i 2018, tá iomaitheoirí láidre againn. Roghnófar an té a dhéanfaidh ionadaíocht dúinn ar an 3 Feabhra mar chuid d’eagrán speisialta de The Late Late Show

Bhí an t-ádh orm labhairt le hADGY agus é i mbun cleachtadh do Late Late Show na hAoine seo chugainn. Is Conallach é ADGY, a deir go bhfuil a dhúchas in iarthuaisceart na tíre ina thionchar mhór ar a chuid amhráin. I ndiaidh dó seal a chaitheamh san ollscoil in Bristol, bhog sé go London, taithí a chabhraigh leis forbairt a dhéanamh ar an stíl cheoil ar leith atá aige, le heilimintí leictreonacha agus pianó go mór le sonrú ann. Lonnaithe i nGaoth Dobhair atá sé anois agus é ag cumadh go flúirseach.

Tá ‘Too Good For Your Love’ eisithe le cúpla seachtain anuas agus tá an-ráchairt ar an amhrán go dtí seo. Cé go bhfuil an t-amhrán cloiste cheana ag saineolaithe Eoraifíse, tá sé i gceist ag ADGY roinnt iontais a tharraingt isteach san amhrán agus an léiriú beo atá a phleanáil aige don Late Late Show an Aoine seo chugainn. Beidh orainn a bheith ag breathnú, ach gheall ADGY go mbeidh a dhúchas agus a chultúr go mór chun tosaigh sa mhéid atá ar intinn aige. 

Tá ADGY lán de sceitimíní agus é dírithe ar phróiseas roghnaithe na seachtaine seo chugainn. 

“Tá sé ina bhrionglóid agam a bheith páirteach san Eoraifís. Táim á leanúint ó bhí mé cúig bliana d’aois agus bheinn iontach bródúil é a dhéanamh. Is comórtas é ach bheadh sé iontach bheith ansin ar an stáitse ar son mo thíre. Is rud iontach mór é, le m’amhrán féin a chur amach ansin mar cheoltóir.” 

Beidh ar an mbuaiteoir, agus iomaitheoir na bliana seo, an scór is airde a fháil an Aoine seo chugainn, chun an deis a fháil ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn san Eoraifís. Cuirfear vótaí an phobail sa bhaile, foireann moltóirí proifisiúnta in Éirinn agus foireann moltóirí idirnáisiúnta le chéile chun na pointí deireanacha a chinntiú. 

Sé amhrán ar fad a bheidh san iomaíocht: ‘Too Good For Your Love’ le hADGY; ‘Midnight Summer Night’ le Connolly; ‘We Are One’ le Wild Youth; ‘Wild’ le Leila Jane; ‘Hawaii’ le Public Image Limited; agus ‘Down in the Rain’ le K Muni & ND. 

Beidh an t-eagrán speisialta de The Late Late Show le hionadaí Eoraifíse a roghnú ar siúl ar an Aoine 3 Feabhra, agus beidh Comórtas Eoraifíse na bliana seo ar siúl thar trí oíche (9, 11, 13 Bealtaine) in Airéine Liverpool. Tá an singil ‘Too Good For Your Love’ le hADGY ar fáil anois. 

Níos mó