Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘e650-sa-mhi-a-chosain-an-carr-orm-i-mbliana’

‘€650 sa mhí a chosain an carr orm i mbliana’

| Maitiu O Coimin | ,

Chaith mé  €7,782.28 ar an gcarr i mbliana – sin beagnach €650 sa mí, €150 sa tseachtain, nó beagán le cois €20 sa ló. Nuair a fuair mé an ceadúnas tiomána den chéad uair in 2011 thosaigh mé ag coinneáil ‘dialann chairr’ le cuntas a choinneáil ar an taisteal a rinne mé inti agus ar na costais a bhain léi (bhí agus tá mé gafa leis an mairnéalacht agus is dóigh liom gur as coincheap an ‘ship’s log’ a d’eascair an nós seo!). 

Ní raibh mé riamh chomh díograiseach sin faoin dialann agus d’éalaigh laethanta taistil agus costais uaim sa gcaoi ar fhág sé nach raibh pictiúr iomlán de chostas an chairr go dtí I mbliana. Oíche na Féile Bríde 2022 cheannaigh mé leabhrán nua nótaí agus dúirt mé go gcoinníonn an ship’s log an babhta seo gan teip – rud a rinne mé. 

Thiomáin mé 29,510km le dhá mhí dhéag anuas – achar nach beag. Tá sé beagnach 10,000km níos faide ná mar a thiomáineann an gnáth-Éireannach ar an meán ach mar gheall ar chúrsaí oibre, na cairde atá agam atá scaipthe ar fud na tíre, agus an grá atá agam don eachtraíocht ní haon iontas é go bhfuil mo chuid KM-achaí níos airde ná an meán. 

Nuair a chuirtear an dá fhigiúir thuas trína chéile fágtar gurbh é €0.26 an fíorchostas a bhí ar gach ciliméadar dar thiomáin mé ó 1 Feabhra 2022 go 31 Eanáir 2022. Samhlaítear go mbíonn an figiúr sin I bhfad níos ísle (tuairim is €0.08 – €0.10/km, ag brath ar dhéanamh an chairr agus nósanna tiomána an tiománaí) ach ní bhíonn sna figiúirí sin ach cuid den phictiúr. San áireamh i mo chuid suimeanna tá na costais pháirceála, an t-árachas, na dolaí bóthair, agus (go bhfóire Dia orainn) pé fíneáil a ghearrfaí ar dhuine I gcaitheamh na bliana. Ní féidir fíorchostas na feithicle (agus an chiliméadair) a ríomh gan iad seo a chur san áireamh. 

Seo costas cúpla turas a rinne mé anuraidh, bunaithe ar mo chuid figiúirí (agus beidh costas difriúil I gceist do chuile thiománaí): 

Gaillimh go Baile Átha Cliath = €62.40

Baile Átha Cliath go Béal Feirste = €43.68

Corca Dhuibhne go Cois Fharraige = €75.66

Gaoth Dobhair go Cois Fharraige = €79.04

Ros Láir go Corca Dhuibhne = €84.50

Cé go gcuireann na figiúirí sin déistin agus uafás orm, is maith liom go bhfuil tuiscint réalaíoch anois agam ar na costais a bhaineann le turais trasna na tíre i mo chairrín beag dearg. Tá an-spéis agam I gcúrsaí comhshaoil agus déanaim an-iarracht an rothar nó an córas iompair poiblí a úsáid chomh minic agus is féidir ach, mar is eol do chách, ní fheileann na modhanna taistil do chuile thuras. 

Mar sin féin, tá mé sásta gur féidir liom an traein a fháil idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath nó Baile Átha Cliath agus Béal Feirste ar chostas níos lú ná €20 agus go bhfuil feabhas tagtha ar an mbonneagar rothaíochta in áiteacha áirithe in Éirinn le tamall de bhlianta anuas. Tá trua agam do mo chuid cairde a thiomáineann chuile háit beo lá i ndiaidh lae – go mór mór mar nach bhfuil dialann chairr acu sin agus nach dtuigeann siad an costas mór a bhíonn orthu! 

Tá súil agam níos lú úsáide fós a bhaint as an gcarr sa mbliain atá amach romhainn agus an costas a bheidh orm féin chomh maith leis an tionchar a bhíonn agam ar an gcomhshaol a laghdú. Coinneoidh mé orm leis an dialann chairr go bhfeice mé an dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí in 2023 agus tá mé díreach tosaithe ar ‘dhialann iompair poiblí’ go bhfeice mé cé chomh trom is a bhíonn na traenacha ar an bpóca. Molaim duitse an rud céanna a dhéanamh!

Níos mó