Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
na-leabhair-is-fearr-a-leigh-me-in-2022

Na leabhair is fearr a léigh mé in 2022

| hannah ni chonghaile | ,

Scríobhas alt le déanaí ag moladh na léitheoireachta go hard na spéire. Más spéis le héinne a thuilleadh léitheoireachta a dhéanamh i mbliana, bí cinnte agus na leabhair seo a chur ar do liosta! Ní úrscéalta iad ar fad agus níor foilsíodh na leabhair seo ar fad in 2022, ach seo na leabhair Ghaelainne is fearr a thaitin liom agus, mo mhíle leithscéal má bhíonn siad ar fad léite agat cheana!

Madame Lazarre – Tadhg Mac Dhonnagáin (Barzaz, €15.95)

Níor éirigh liom an t-úrscéal seo a léamh go dtí go raibh formhór na tíre tar éis é a léamh, is dóigh liom, ach thaitin sé chomh mór san liom go measaim gur fiú é a lua anseo. Scéal nua-aimseartha is ea é, suite idir tíortha agus blianta difriúla, ina fhaigheann an léitheoir an scéal píosa ar phíosa, i slí ana-sceitimíneach. Muna bhfuil sé léite agat – faigh é! 

Pluid: Scéal na mBlocanna H 1976-81  Eoghan Mac Cormaic (Coiscéim, €10)

Leabhar is ea é seo ina fhaighimid léargas pearsanta ar thaithí an údair agus é ar an agóid i bpríosún Ard Mhacha. Scéal tábhachtach a mhúsclaíonn mothúcháin láidre is ea an scéal a insítear sa leabhar seo. Mar leabhar bhí sé spéisiúil agus dea-scríofa. 

Iasachtaigh – Simon Ó Faoláin (Coiscéim, €8.50)

Bhíos i láthair nuair a seoladh an leabhar seo i mBaile an Fheirtéaraigh an samhradh seo caite, agus measaim go gcuireann sé go mór leis an eispéireas léite filíochta nuair atá an file féin cloiste agat ag rá cuid desna dánta. File iontach cumasach is ea Simon Ó Faoláin, agus ní haon ionadh go bhfuil an cnuasach filíochta is déanaí dá chuid go hálainn, lán le huaigneas fileata a chuireann saghas cumha ar an léitheoir. 

Agallamh sa Cheo – Ceaití Ní Bheildiúin (Coiscéim, €7.50)

Más spéis leat an fhilíocht chomh maith le bheith ag sléibhteoireacht, ag siúl, nó amuigh sa nádúr in aon slí, taitneoidh an cnuasach álainn filíochta seo leat. Cnoc Bhréanainn is ea téama lárnach na ndánta seo. Scríobhas fén gcnuasach seo cheana féin – ag iarradh daoine a mhealladh chuige, toisc cé chomh ceangailte leis an gcnoc a mhothaíos agus mé á léamh. Is fiú go mór an ceann seo a cheannach!

Bás Tobann – Anna Heussaff (Cois Life/Cló Iar-Chonnacht, €15)

Úrscéal bleachtaireachta den chéad scoth is ea an leabhar seo, a léigh mé ó chlúdach go clúdach i gcaitheamh cúpla lá. D’fhágas obair luath cúpla babhta (ná habair le mo bhas!), ag tnúth lena phiocadh suas aríst. Fuaireas an leabhar seo le linn Fhéile Liteartha an Daingin, nuair a bhí Anna Heussaff í féin fé agallamh. Labhair sí féin, agus an údar iontach eile, Proinnsias Mac an Bhaird, ar an méid taighde a dheineann siad ar na háiteanna ina lonnaítear a gcuid úrscéalta, agus tá san le feiscint ó chur síos Anna ar Bhéarra, áit a bhfuil an scéal seo lonnaithe. Cuireann an réalachas seo go mór le taithí an léitheora, go háirithe i scéalta mistéire mar seo. 

Seanfhocail na Mumhan – An Seabhac (An Gúm, €7.50)

Thaitin an cnuasach seo de sheanfhocail, bailithe ag an Seabhac, go mór liom. Bhreacas síos (go ródhóchasach, b’fhéidir) ana chuid, agus tá sé ar intinn agam iad a chur de ghlanmheabhair go mbeidh ceann ullamh agam le haghaidh aon rud a d’fhéadfadh titim amach. 

Súil an Daill – Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac, €18)

Bhíos amhrasach mar gheall ar an gceann seo ar dtús, toisc ná fuil mo chuid eolais ar an stair thar mholadh beirte, agus úrscéal stairiúil is ea é seo. Bhaineas ard-taitneamh as – d’ainneoin go raibh mearbhall orm ag an tosach le cuid desna hainmneacha! Cheapas go raibh an leabhar seo scríte i slí álainn agus is ar éigean gur chuireas síos é go dtí gur chríochnaíos é. Mholfainn an leabhar seo go mór d’éinne. 

Tá leabhair Gaelainne chomh flúirseach le gainimh na trá (GRMA Seanfhocail na Mumhan). Anuas ar na cinn is mó a thaitin liom i 2022, tá roinnt mhaith leabhar a bhfuilim ag tnúth go mór lena léamh – Na Ríthe Beaga (aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire), Bádh B’fhéidir (le Seán Ó Muireagáin), agus Seacht dTír, Seacht dTeanga (le Diarmuid Johnson) san áireamh. Tá súil le Dia agam go leanfaidh na húdair iontacha Ghaelainne atá againn leo ag scríobh, go mbeidh ábhar léitheoireachta ann dúinn go deo!

Níos mó