Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
suil-chun-cinn-ar-dheireadh-seachtaine-an-champions-cup

Súil chun cinn ar dheireadh seachtaine an Champions Cup

| jeff neville | ,

Tá deireadh seachtaine an Champions Cup sroichte arís. Ní den chéad uair den seasúr, tá na cúigí ag lorg bua ar fáthanna difriúla.

Mumha – Northampton Saints

Beidh na ‘Saints’ ag taistil go Páirc Thuaidh Mumhan ar an Satharn agus beidh Mumha ag iarradh cur leis an móiminteam atá déanta acu le cúpla mí anuas. Bhí bua maith acu in aghaidh Uladh agus na Lions sa choicís deireanach sa URC agus, cé go raibh fadhbanna acu sa chlibirt in aghaidh na Lions, bua compordach a bhí ann. Lean Mumha ag imirt agus ag lorg úid go deireadh an chluiche in aghaidh Ulaidh agus fuair siad an t-úd, agus an bua ón slánú, sa nóiméad deireanach. Tabharfaidh sé sin go leor spreagadh dóibh.

Beidh siad ag dul isteach sa chluiche gan na leithidí Kiran McDonald, Fineen, Edwin Edogbo, nó Tom Ahern agus mar sin beidh siad faoi bhrú sa phaca. Beidh ar Jean Kleyn nó Tadhg Beirne 80 nóiméad a imirt; tá go leor oibre déanta acu go dtí seo i mbliana go dtí seo Tá seans ann nach mbeidh fáil ar Josh Wycherley nó Diarmuid Barron ach an oiread. Leis na fadhbanna clibirte a bhí acu seachtain ó shin, is cúis imní é sin freisin.

Buaiteoir – Mumha

Connacht – Brive

Beidh Brive ag taisteal go Gaillimh agus beidh lucht leanúna Connachta ag súil go mbeidh aimsir fháilteach an Gheimhridh ag feitheamh orthu. Bhuaigh Connacht in aghaidh Brive sa Fhrainc cheanna féin i mbliana agus beidh siad ag iarradh cur leis na taispeántais iontacha a bhí acu sa Challenge Cup go dtí seo.

Beidh orthu a bheith thar a bheith fisiciúil chun an lámh in uachtar a fháil thar Brive ach beidh siad réidh dóibh. Tá an-seans acu sa chomórtas seo i mbliana agus, leis na deacrachtaí a bhí acu sa URC go dtí seo, b’fheidir gurb é seo an seans is fearr atá acu corn a ardú ag deireadh an séasúir. Beidh Gavin Thornbury in aisneamh dóibh, ar ndóigh, ach measaim go mbeidh a dhóthain ag Connacht chun teacht amach ar barr.

Buaiteoir – Connacht

Gloucester – Laighin

Beidh ar Laighin taistil chuig an Staid Kingsholm gan Johnny Sexton, Tadhg Furlong, Charlie Ngatai, Will Connors, Luke McGrath, Max Deegan, Ed Byrne, Jason Jenkins, Robbie Henshaw, Ciarán Frawley, agus níos mó nach iad, ach ní dóigh liom go mbeidh siad róbhuartha.

Tá sé de nós ag Laighin bua a aimsiú in ainneoin cé atá ar an bpáirc agus measaim go leanfaidh an nós sin ar aghaidh an deireadh seachtaine seo. Beidh an cluiche i bhfad níos cóngaraí ná an cluiche a d’imir siad i mBaile Átha Cliath roimh an Nollaig agus cé nach mbeidh roinnt réalta ar an bpáirc do Laighin, beidh réalta eile ann ina n-áit. 

Díreach ar nós Mumha, tá fadhbanna clibirte ag Laighin faoi láthair freisin ach an rud fúthú ná go bhfuil siad i bhfad ró-láidir i ngach aon ghné eile den chluiche.

Buaiteoir – Laighin

La Rochelle – Ulaidh

Fiú más ag buacaint cluichí, is áit dheacair í an Stade Marcel Deflandre le n-imirt. Ach, más imreoir Uladh thú, constaic iomlán eile atá ann. Chaill Ulaidh cúig as a sé dá cluichí deireanach agus fiú déarfá nach raibh an bua sin in aghaidh Connachta thar moladh beirte. Chaill siad as baile seachtain ó shin in aghaidh Benetton, cluiche a raibh orthu buacaint.

Is léir go bhfuil frustrachas ar an lucht leanúna agus tá an ceart acu; breathnaigh ar caighdeán na n-imreoirí atá acu. Ach teastaíonn foighne uathu. Caithfidh muinín a bheith ag an bhfoireann bainistíochta, na h-imreoirí, agus an lucht tacaíochta sa phróiseas. Tá sé deacair, cinnte, ach níl an dara rogha acu faoi láthair.

Caithfear stop a chur leis an méid ciceanna éirice a ghéilleann siad agus leis na cártaí a bhronntar dóibh níos minice ná a chéile faoi láthair. Caithfidh siad a bheith fisiciúil sa chosaint. Caithfidh siad na seansanna a chruthaíonn siad a chríochnú. Caithfidh an chlibirt agus an síneadh amach a bheith foirfe. Agus chomh maith le sin, teastaíonn ádh uathu freisin. Ach, faraor, ní dóigh liom go n-éireoidh leo sa Fhrainc. 

Buaiteoir – La Rochelle

Níos mó