Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
50%-de-chiste-tacaiochta-ronain-bailithe-in-aon-la-amhain

50% de Chiste Tacaíochta Rónáin bailithe in aon lá amháin

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Bailíodh breis agus 50% de sprioc Chiste Tacaíochta Rónáin Mhic Aodha Bhuí laistigh d’aon lá amháin. Sheol cairde agus muintir an chraoltóra aitheanta Gaeltachta leathanach tiomsaithe airgid ar Go Fund Me tráthnóna inné le súil is go mbaileoidís dhá thrian den airgead a theastóidh ó fhear Ghaoth Dobhair le cóir leighis a fháil ar an Mór-Roinn.

Meastar gur isteach is amach le €180,000 a theastóidh leis an gcóir leighis agus na teiripí eile a fháil agus dúirt lucht an fheachtais go raibh súil acu go dtiocfadh €120,000 den airgead sin ó lucht tacaíochta Rónáin ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin. In imeacht aon lae amháin tiomsaíodh os cionn 50% den airgead agus tá an tsuim ag dul in airde chuile uair an chloig. Agus an t-alt seo á scríobh tá an figiúr €63,490 luaite ar an leathanach Go Fund Me.

Tá 926 duine agus grúpa tar éis thart ar €70 ar an meán a dheonú agus tabhartais chomh mór le €2,000 tugtha ag daoine áirithe. I measc na n-eagraíochtaí a thug tabhartais mhóra tá an banna ceoil Seo Linn, Glór na nGael, an Dream Dearg, Aerfort Dhún na nGall, agus Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, Teach Sheáin Óig, Cill Ulta, agus go leor leor eile nach iad.

á Rónán, a bhfuil cáil air i ngar is i gcéin mar gheall ar a chuid oibre sna meáin chumarsáide le 30 bliain anuas chomh maith leis An Cabaret Craiceáilte a bhunaigh sé, ag dul i ngleic leis an ailse le ceithre bliana anuas agus tá súil aige go laghdóidh an chóir leighis – nach bhfuil fáil uirthi sa tír seo – na cnapáin ailse atá ina cholainn sa chaoi is go mbeifear in ann iad a bhaint amach ar fad.

“Tá sé i gclinic sa Spáinn faoi láthair, ag fáil cóir leighis, agus beidh sé ag dul chuig otharlanna agus clinicí fóirsteanacha eile i dtíortha eile sna míonna amach romhainn chomh maith le teiripí éagsúla atá ar fáil sa tír seo.

“Tá costas ollmhór leis an chóir leighis agus na teiripí seo agus ba mhaith linne, a chairde agus a theaghlach, cuidiú leis na costais seo a ghlanadh,” a deirtear ar an leathanach GoFundMe.

Ba i mí an Mheithimh 2018 a tháinig an chéad chomhartha den ailse ar Rónán agus chaith sé seachtain san ospidéal. Chuaigh sé faoin scian leis an ailse a bhaint amach in 2019 agus chuaigh sé trí cheimiteiripe cúpla babhta i gcaitheamh na mblianta 2019, 2020, agus 2021. Chuaigh sé faoin scian arís cothrom an ama seo anuraidh agus d’éirigh leis na máinlianna cnapáin ailse a bhaint amach as na putóga, an scairt, agus an peireatóinéam. Dhá mhí ina dhiaidh sin, rinneadh cúrsa eile ceimiteiripe i gcaitheamh na bliana seo caite. 

Chuaigh Rónán chun na Spáinne an mhí seo agus beidh sé ag dul chuig clinicí agus ospidéil sa tír sin le súil is go mbeidh leigheas nó laghdú ar na cnapáin ailse atá fós ina cholainn ar fáil ann.

Laoch de chuid na nGael é Rónán Mac Aodha Bhuí a tháinig chun cinn ar an stáitse náisiúnta den chéad uair agus é ina fhear óg ar chláracha teilifíse de chuid RTÉ agus TnaG agus mar iriseoir pinn leis na nuachtán Anois agus . Is leis an gclár spraíúil Rónán Beo @ 3 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta is mó a shamhlaítear an craoltóir Conallach ar na saolta seo agus bhain sé duaiseanna agus gradaim as feabhas a chuid láithreoireachta ar an gclár sin. 

Níos mó