Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘bailiuchan-gan-locht-ata-in-albam-nua-sheamuis-agus-chaoimhe-ui-fhlatharta’

‘Bailiúchán gan locht atá in albam nua Shéamuis agus Chaoimhe Uí Fhlatharta’

| sean o dubhchon | ,

Táim ag éisteacht le ceol ó bhí mé i mo ghasúr óg agus ag ceannach mo chuid ceoil féin ó bhí mé deich mbliana d’aois. Ar tinneall a bhínn, seachtain i ndiaidh seachtaine, ag fanacht ar amhráin agus albaim nua a bhí le teacht amach, ag léamh fúthu in Smash Hits agus ag breathnú ar Top of the Pops, CD:UKagus cláir eile leis na rianta is úire a chloisteáil sula mbeadh deis agam iad a cheannach le m’airgead póca. 

Is cuimhin liom uair amháin a d’fhán mé i mo shuí go dtí trí a chlog ar maidin le hathchraoladh de CD:UK a fheiceáil: chaill mé amach ar an chéad léiriú beo de ‘No Good Advice’ le Girls Aloud toisc go raibh mé ar an bportach nuair a craoladh an clár an mhaidin roimh ré. Is iomaí an caiséad atá agam go fóill, le hamhráin taifeadta ón raidió. Táim chomh gafa leis an gceol anois is a bhí mé riamh, ach is annamh a bhíonn na sceitimíní nó an phráinn chéanna orm faoi cheol nua ag teacht amach. Tá ceol ar fáil go héasca anois, ar iTunes, Spotify, YouTube agus iliomad bealaí eile. Tá a fhios agam go mbeidh sé ann nuair a théim a lorg. 

Mar sin, mhothaigh mé ar nós ‘Swiftie’ cheart oíche an 17 Feabhra agus mé i mo dhúiseacht ag meán oíche, mé ar mo bharraicíní agus mo chuntas Spotify ar oscailt os mo chomhair. Ag fanacht ar EP nua Shéamuis agus Caoimhe Uí Fhlatharta a bhí mé. Táim an-sásta gur fhan mé i mo shuí. 

Tá scéal fíorshuimiúil acu mar amhránaithe. Tá clú agus cáil orthu ar fud na tíre agus i gcéin mar bheirt de na hamhránaithe is fearr in Éirinn, agus tá aitheantas iontach faighte ag na léirithe beo atá déanta acu ar chláir theilifíse, ag féilte agus eile. Ach níor eisíodh aon cheol taifeadta dá gcuid go dtí seo. 

Mar gheall ar an mborradh atá tagtha ar mhodhanna taifeadta sa lá atá inniu ann, is minice a dhéantar taifead ar cheol sula gcantar os comhar an phobail é, go háirithe i gcás beirte atá chomh haitheanta sin. 

Ní raibh a fhios agam cén saghas amhráin a roghnóidís don EP. Bíonn sé de nós acu iontas a chur ar dhaoine leis na hamhráin a chanann siad, amhráin in uaireanta nach bhfuil chomh haitheanta, ach cinn a bhfuil scéalaíocht shaibhir agus doimhneacht iontach ag baint leo. Sé amhrán ar fad atá taifeadta acu don EP Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta, agus caithfidh mé a rá ar dtús go bhfuil an bailiúchán gan locht. 

Léiríonn an EP go ríshoiléir na buanna is suntasaí atá ag an bheirt acu. Díríonn Séamus agus Caoimhe isteach ar na scéalta atá á n-insint sna hamhráin agus is saineolaithe iad beirt ar léiriú na mothúchán sna scéalta sin. Chuir sé iontas orm i gcónaí go raibh beirt chomh hóg leo in ann sin a dhéanamh, go raibh siad in ann liricí a bhí scríofa ag cumadóirí i bhfad níos sine ná iad a chur in iúl chomh héifeachtach sin. 

Tá cúpla amhrán aitheanta go leor le cloisteáil ar an EP seo, ach mar is gnáth, cuireann Séamus agus Caoimhe casadh iomlán nua orthu. Cloisimid doimhneacht nua in ‘Blackbird’ (amhrán de chuid The Beatles) dea-shampla den harmóin iontach a dhéanann siad nuair a chanann siad le chéile. Is iomaí leagan den amhrán seo atá cloiste agam, ach níl aon cheann acu chomh saibhir agus chomh comhlíonta leis seo. 

Ba bheag nár tháinig deora le mo shúile agus mé ag éisteacht le ‘What’s Another Year’, clúdach d’amhrán aitheanta Johnny Logan. Is é Shay Healy a chum an rian sin, amhrán lán de bhrón agus de chrá croí. Arís, tá roinnt mhaith leaganacha cloiste agam, ach níl aon cheann chomh hiontach leis an leagan a chloistear ar Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta. Tá an t-amhrán seo canta beo acu ar RTÉ cheana, le tionlacan ó neart ceoltóirí. Ar an leagan a chloisimid anseo, tá fonnadóireacht na beirte chun tosaigh. 

Faoi gheasa a bhí mé ag an leagan a rinne siad de ‘Scarborough Fair’, amhrán atá chomh haitheanta sin, go ndéanaimid dearmad ar an saibhreas a bhaineann leis. Ós é go bhfuil an rian chomh cáiliúil sin, is minic a bhíonn daoine á gcanadh go fuarbhruite. Sílim go bhfuil sé an-chliste gur roghnaigh Séamus agus Caoimhe an t-amhrán seo. Tá brí, beocht agus casadh úrnua ar an leagan a chloisimid ar an EP, le sraitheanna fuaime draíochtacha agus réimniú eisceachtúil. Is ‘tour de force’ é an rian seo a léiríonn go bhfuil siad in ann an t-amhrán is leimhe nó is simplí a thógáil agus rud éigean oilte galánta uathúil a dhéanamh leis. 

Thar aon rud eile, is amhránaithe ar an sean-nós iad Séamus agus Caoimhe, agus bhí mé ag súil go mór leis na hamhráin sean-nóis a roghnóidís. Buíochas mór le Dia go ndearna siad taifead ar ‘Eileanóir na Rúin’, an chéad amhrán a thagann chun cuimhne nuair a smaoinímid ar mhuintir Uí Fhlatharta. Ar an EP cloisimid leagan atá gach pioc go draíochtach is atá an leagan a chan siad nuair a chuireamar aithne orthu den chéad uair.

Rian eile atá a bhfuil eolas maith ag leantóirí Shéamuis agus Chaoimhe ná ‘Anach Cuain’, agus tugadh ardmholadh dóibh nuair a chan siad an t-amhrán ar The Late Late Show anuraidh. Arís, tá brón agus tragóid chun tosaigh san amhrán seo, mothúcháin a léiríonn siad le críonnacht agus cumhacht atá fíorannamh. 

Ba é ‘Caisleán an tSléibhe’ an t-amhrán a bhí an méid is lú aithne agam air roimhe seo. Mar sin, d’éist mé siar leis arís agus arís aréir, mé faoi gheasa ag na heilimintí traidisiúnta agus comhaimseartha atá fite fuaite le chéile ann. Tá práinn agus beocht iontach sa leagan seo, agus tá sé greanta ar m’aigne faoi láthair. 

Is iontach an rud é gur roghnaigh Séamus agus Caoimhe ‘Eileanóir na Rúin’, ‘Anach Cuain’ agus ‘Caisleán an tSléibhe’, trí rian a bhaineann lena ndúchas, dúchas atá chomh luachmhar agus chomh saibhir. Cloisimid na hamhráin seo go minic canta ag amhránaí aonair, agus is rud an-speisialta é bheith in ann éisteacht le beirt amhránaí a gcanadh. 

D’fhéadfá na ceithre hairde a chuardach, ach bheadh sé deacair theacht ar amhránaithe atá chomh sioncronach le Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta. Is bailiúchán amhráin é an EP seo a thugann an traidisiún agus ceol na linne seo, i stíl ar leith. ‘Sean-nós nua’ ar bhealaí. Níl léamh, scríobh ná insint béil ar an mbua atá ag Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta, mar sin, mholfainn daoibh éisteacht leis an EP sibh féin, agus a bheith faoi gheasa ag na hamhráin sibh féin. 

Tá an EP Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta ar fáil ar Spotify anois. 

Níos mó