Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
comhlacht-ata-ag-suil-le-morfheirm-ghaoithe-a-fhorbairt-i-gconamara-ag-reiteach-do-chomortas

Comhlacht atá ag súil le mórfheirm ghaoithe a fhorbairt i gConamara ag réiteach do chomórtas

| Mairtin O Cathain | ,

Tá leathscór comhlacht atá ag plé leis an réamhobair ar mhuilte gaoithe amach ó chósta na hÉireann i mbun réitigh faoi láthair don chéim ollmhór atá amach rompu faoi cheann trí mhí.

Beidh na comhlachtaí seo ag cur tairiscintí isteach chuig eagraíocht EirGrid ar an bpraghas a bhainfear amach ar aonaid leictreachais.

Comórtas, nó ceant mar a thugtar air go hoifigiúil, atá i gceist. Beidh conradh leis an ngréasán náisiúnta leictreachais geallta don dream a n-éireoidh leo; ceist eile í do chomhlacht nach dtiocfaidh i dtír san iomaíocht.

Tá Corio ar cheann amháin de na comhlachtaí seo atá gníomhach ar chósta thiar na hÉireann, agus iad leagtha ar a dhul i mbun forbartha i gceantar na Sceirdí, naoi míle siar ó chósta Charna i gConamara. Tionscnamh é seo a bhfuil fíorthábhacht ag baint leis don cheantar mór Gaeltachta in iarthar Chonamara.

De réir rialacha an cheant seo, ní éireoidh ach le 90% den dream atá san iomaíocht. Caitear an t-aguisín sin a chur san gceant mar go bhfuil múnla comórtais i gceist. Dá réir sin, ní éireoidh le ceann, nó b’fhéidir péire de na comhlachtaí.

Tá míbhuntáistí áirithe ag baint leis an áit a bhfuil na Sceirdí suite; tá farraigí arda ann, tá sé i bhfad siar agus beidh costas trom ag baint leis an bhforbairt. Caithfear é sin a chur sa gcomhaireamh agus an praghas a bhainfidh siad amach ar aonad leictreachais á chur os comhair EirGrid.

Ach mhínigh urlabhraí de chuid EirGrid i gCarna an tseachtain seo go gcreideann siad go bhfuil cúpla mámh ag an Sceirdí freisin.

‘Cuimhnigh go bhfuil muid suite ar an gcósta is feiliúnaí san Eoraip le haghaidh giniúint cumhachta as an ngaoth. Sin buntáiste nach bhfuil ag dreamanna eile.’

Tá rud eile ann freisin a thugann buntáiste do scéim na Sceirdí. Is í an ghaoth aniar aneas is minice a shéideann sa tír seo. Ach a mbeidh an ghaoth ag ardú, is túisce a gheofar a bhuntáiste sin sna Sceirdí seachas ar an gcósta thoir. De réir saineolas aimsire, bíonn moill trí huaire an chloig ann, ar an meán, sula sroicheann gála ar an gcósta thiar chomh fada le cósta thoir na hÉireann. ‘Is muid is túisce a bheidh in ann cumhacht a chur isteach sa gcóras de bharr ropadh gaoithe,’ a deir urlabhraí ón gcomhlacht Corio.

Banc Astrálach ollmhór, McQuarrie Bank, a chuir borradh faoi phlean na Sceirdí. Ansin bunaíodh craobh nua den bhanc sin ar a dtugtar Corio agus é mar chúram orthu a dhul ag plé go huile agus go hiomlán le muilte gaoithe ar muir. Tá siad, mar shampla, ag obair ar chósta thuaidh na hAlban faoi láthair. Idir an dá linn, tá comhlacht acmhainní pinsin as Ceanada tar éis socrú a dhéanamh go gcuirfidh siadsan cuid mhór den infheistíocht atá ag teastáil isteach i scéim na Sceirdí.

Os cionn billiún euro atá le hinfheistiú i gceantar na bhfarraigí arda timpeall ar na Sceirdí, b’fhéidir an infheistíocht aonair is mó riamh taobh thiar den Choirib. Ach céard a tharlódh mura dtiocfaidh an tionscnamh slán ón gceant i mí na Bealtaine?

‘Ní stopfaidh sé sin muid,’ a deir urlabhraí dá gcuid i gCarna, an lá cheana. ‘Ar ndóigh, tá muid ag réiteach an cháis agus an phraghais sin againne go beacht le haghaidh an cheant ach tá bealaí eile ann má tharlaíonn sé nach n-éireoidh linn.’ Mhínigh sé go bhféadfaidís ceangal a dhéanamh le comhlacht ollmhór eile – luadh leithéid Amazon sa gcaint – agus a dhul i mbun forbartha agus táirgeachta i bpáirtíocht leosan.

Idir an dá linn, tá Corio ag réiteach le hiarratas a chur chuig an mBord Pleanála le haghaidh cead forbartha do thionscnamh na Sceirdí. Tá siad sa tóir faoi láthair ar cheadúnas cladaigh, cuid den phróiseas atá bainteach le scéim na Sceirdí. Tá eitleán speisialta ag teacht as Sasana uair sa gcoicís agus staidéar á dhéanamh as an aer ar éanacha agus ainmhithe farraige mar chuid den iarratas atá le dhul isteach.

Tuigtear anois go bhfuil sé i gceist féachaint leis an gcumhacht – má éiríonn leis an iarratas ar chead forbartha – a thabhairt i dtír i ndeisceart chontae an Chláir agus an leictreachas a thabhairt as sin go stáisiún Rinn an Airgid.

Nuair a ceistíodh ionadaí chomhlacht Corio i gCarna, dúirt sé go rabhadar ag súil go mbeidís ag baint leas as Calafort Ros an Mhíl agus dúirt go bhfáiltíonn an comhlacht roimh fhorbairt an chalafoirt. Ach d’fhéadfadh calafoirt eile a bheith feiliúnach scaití, a deir sé, Faing i Luimneach, cuir i gcás.

Ach, in aice láithreach, go háirithe ar chósta thiar agus thiar theas Chonamara, tá suim ar leith sa gciste tacaíochta pobail atá geallta in éineacht leis an bhforbairt sna Sceirdí. De réir an eolais a thug urlabhraí chomhlacht Corio an lá faoi dheireadh i gCarna, d’fhéadfadh breis agus €50 milliún a bheith sa gciste sin thar thréimhse 15 nó 20 bliain. Ní mórán de sin a bheadh á dháileadh go mbeadh sé soiléirithe go raibh cead forbartha ar fáil.

Táthar ag súil go gcuirfear an t-iarratas ar chead forbartha chuig an mBord Pleanála faoi dheireadh na bliana seo, nó tús na bliana seo chugainn. Ach idir seo agus sin, beidh an ceant ar bun sa mBealtaine. Agus cé nach bhfuil sé riachtanach do Corio, chuirfeadh sé barr slachta ar a gcuid ullmhúchán do scéim na Sceirdí, dá n-éireodh leo sa gcomórtas sin.

Níos mó