Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘leirigh-eurosong-nach-bhfuil-rte-dairire-faoi-chur-chun-cinn-an-cheoil-sa-tir-seo’

‘Léirigh Eurosong nach bhfuil RTÉ dáiríre faoi chur chun cinn an cheoil sa tír seo’

| sean o dubhchon | ,

Le coicís anuas, scríobh mé faoin ríméad agus na sceitimíní a bhí orm faoi Eurosong na bliana seo. Roghnaíodh ionadaithe na tíre seo go hinmheánach in RTÉ tamall ó shin agus táim go láidir den tuairim gur roghnaíodh na hamhráin mhíchearta le ceithre bliana anuas. 

Seachas éacht a rinne Ryan O’Shaughnessy lena hamhrán ‘Together’ in 2018, níl amhráin eile a sheasann amach mar chlasaicí sa chomórtas (Nílim chun faic a rá faoi iarrachtaí Jedward). An-sásta a bhí mé faoin gcomórtas oscailte i mbliana agus faoi ardchaighdeán na n-amhrán san Eoraifís i mbliana. 

Ceapaim go fóill go mbeadh ‘Too Good For Your Love’ le hADGY foirfe don chomórtas, agus tá ardmholadh tuilte ag ‘Midnight Summer Night’ le CONNOLLY agus ‘Down In The Rain’ le K Muni agus ND. Tá na hamhránaithe agus na hamhráin go hiontach, ach cuireadh samhnas orm ó thús deireadh Eurosong, a bhí mar chuid de The Late Late Show coicís ó shin. 

Ardáin mhóra a bhíonn ag an Eoraifís i gcónaí, ach bheartaigh RTÉ cúinne beag den stiúideo a thabhairt d’amhránaithe a bhí san iomaíocht le deis a fháil canadh os comhar 200 milliún duine i mí na Bealtaine. Rinne an stáisiún lagiarrachtaí le soilse, scannánú agus léiriú, agus mhothaigh sé ar nós gur chuma le RTÉ faoin gcomórtas ar fad.

Léirigh Ryan Tubridy easpa suime san ócáid agus easpa tuisceana faoin Eoraifís é féin agus chaith Marty Whelan, a bhí ina fhear an tí cúl stáitse, go deiliúsach leis na hiomaitheoirí. Chuirfinn ceisteanna móra faoin gcaighdeán moltóireachta, go háirithe faoin gclaontacht sa mhéid a dúirt Ruth Anne Cunningham faoi Wild Youth. Mar a tharlaíonn sé, chuaigh siad ar chamchuairt lena chéile, rud nár luaigh sí go dtí gur ardaigh Ryan Tubridy an pointe. Aiseolas ginearálta claonta a bhí á thabhairt ag na moltóirí, nár dhírigh mórán ar riachtanais na hEoraifíse í féin. 

Amhrán measartha maith don raidió is ea ‘We Are One’ le Wild Youth, a bheidh ag dul go Liverpool don Eoraifís i mbliana, ach as na sé amhrán a bhí san iomaíocht, ba é an t-amhrán is laige agus is leadránaí. Tá na botúin chéanna á ndéanamh againn leis na hamhráin a roghnaímid bliain i ndiaidh bliana. 

Dúinne ar fad atá mar ‘aficionados’, breathnaímid arís agus arís eile ar an gComórtas Eoraifíse agus ar fhíseáin ó bhlianta a chuaigh thart. Thar aon rud eile, tuigimid cad a theastaíonn le rath a bheith ar amhránaí sa chomórtas. Deirim i gcónaí go bhfuil dhá ré den Eoraifís ann: roimh 2003 agus tar éis 2003. 

Chuir Sertab Erener, a bhuaigh an Eoraifís don Tuirc lena rian ‘Every Way That I Can’, gach rud bunoscionn agus chuir sí anam nua sa chomórtas bliantúil. Tá na hamhráin ar fad a bhuaigh roimhe sin go maith, measartha séimh, séiseach agus caolchúiseach. Tá na heilimintí is mó atá le sonrú in ‘Every Way That I Can’ le feiceáil sna hamhráin a bhuaigh ó shin: aintiúin le réimniú eofóiriach, struchtúr spleodrach agus curfánna simplí éifeachtacha. 

Ón méid atá feicthe agam le fiche bliain anuas, tá neamhréir idir na hamhráin a roghnaímid mar thír agus na cinn a éiríonn leo rath a bhaint amach sa chomórtas. 

Ach ba chuma faoin gcomórtas a bhuachan, le bheith fírinneach. Chuir ‘Eurosong’ isteach orm thar aon rud eile mar gur léirigh sé nach bhfuil RTÉ dáiríre faoi cheol na tíre seo a chur chun cinn. Tá sé de dhualgas ag an stáisiún amhránaithe, ceoltóirí, bannaí agus cumadóirí a chur chun cinn ar an teilifís agus ar an raidió, agus nílim den tuairim go bhfuil go leor a dhéanamh acu, curtha i gcomparáid le tíortha eile san Eoraip. 

Chuir an Iorua, tír bhfuil dhá mhilliún duine níos lú ná mar atá againn in Éirinn, críoch leis an Melodi Grand Prix an oíche tar éis ‘Eurosong’ na tíre seo. Amhrán is fiche a bhí istigh ar an gcomórtas sin agus bhí trí bhabhta leathcheannais acu sula raibh babhta ceannais ann. Cuireadh an Melodi Grand Prix ar siúl in airéine mhór, agus baineadh úsáid as soilse, éifeachtaí agus cóiréagrafaíocht ar chaighdeán na hEoraifíse. 

Tá an t-amhrán a bhuaigh an Melodi Grand Prix – ‘Queen Of Kings’ le Alessandra – ina shuí ag barr na cairte san Iorua faoi láthair, le breis agus 11 milliún sruth ar Spotify go dtí seo. Tá na céadta mílte sruthanna ag amhráin eile a bhí san iomaíocht freisin. 

San Iodáil, bhí Féile Sanremo ar siúl thar cúig oíche le hiomaitheoir amháin a roghnú as ocht n-amhránaí is fiche. Ag Marco Mengoni a bhí an bua, agus tá a rian ‘Due vite’ ag barr na cairte faoi láthair san Iodáil. Tá naoi n-amhrán ar fad ó Sanremo i Rogha 10 na Cairte: is í ‘Flowers’ le Miley Cyrus atá ag uimhir a naoi, an t-aon amhrán nach mbaineann leis an gcomórtas. Má bhíonn an tionchar céanna ag an Melodifestivalen sa tSualainn sna seachtainí amach romhainn is a bhí sna blianta a chuaigh thart, beidh cairteacha na tíre sin lán d’amhráin a bhí scríofa don Eoraifís. 

Ach tá RTÉ in ann rud éigin a dhéanamh faoi, agus tá an fhormáid is éifeachtaí úsáidte acu cheana. Deich mbliana ó shin, bhí an tsraith iontach The Hit acu. Tugadh cuireadh do chumadóirí amhráin a sheoladh isteach agus rinne amhránaithe móra le rá na hamhráin a thaifeadadh. Bhí Finbar Furey, Mundy, Samantha Mumba agus Brian Kennedy i measc na n-amhránaithe a ghlac páirt sa tsraith. Eisíodh deich n-amhrán ar fad agus bhain ocht gcinn rogha deich na cairte amach. D’éirigh le ‘The Last Great Love Song’, cumtha ag Gerry Fleming agus canta ag Finbar Furey, uimhir a haon a bhaint amach in Éirinn. Sraith a bhí ann a chabhraigh le cumadóirí agus le hamhránaithe, dhá ghrúpa atá ríthábhachtach don Eoraifís. 

Sna tíortha ar fad atá luaite agam, tá siad na stáisiúin a chuireann na comórtais ar siúl an-dáiríre faoin Eoraifís. An tionchar is mó atá an dáiríreacht sin ná go n-éiríonn leis na hamhráin sna cairteacha, go mbíonn ardán ag lucht an cheoil agus go dtacaítear le ceol comhaimseartha na tíortha sin. 

Chonaiceamar le roinnt blianta anuas go bhfuil go leor amhránaithe agus grúpaí i ndiaidh rath náisiúnta a bhaint amach, agus ag éirí go hiontach le roinnt acu ar fud na cruinne, leithéidí Måneskin, Sam Ryder agus Rosa Linn san áireamh. Rud atá sonrach leis na comórtais sin chomh maith ná go gcuirtear béim ar theangacha dúchais agus ar chultúir na tíortha sin. Tá ceisteanna eile le cur faoi seo in Éirinn, go háirithe maidir le cás na Gaeilge. 

Tá go leor athruithe le déanamh ag RTÉ má tá siad dáiríre faoin Eoraifís, agus is iomaí an duine amhrasach a cheapann go dteipeann orthu d’aon ghnó. Ach tá dóchas ann. Is féidir linn foghlaim ó nósanna na Mór-Roinne. Tá dea-shampla le feiceáil sa chaoi a reáchtálann TG4 an Junior Eurovision, le comórtas a tharlaíonn thar roinnt seachtainí, le stiúideo mór, ardchaighdeán moltóirí, láithreoirí agus iomaitheoirí, agus an-bhéim ar an bpacáiste iomlán a bhíonn ag teastáil don Eoraifís.

Is mar dheis a cailleadh a chuimhneofar ar ‘Eurosong’ na bliana seo ach is féidir ceacht a fhoghlaim don bhliain seo chugainn. 

Níos mó