Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
moladh-deanta-go-dtogfadh-conradh-na-gaeilge-tithe-sa-ghaeltacht-do-mhuintir-na-haite

Moladh déanta go dtógfadh Conradh na Gaeilge tithe sa Ghaeltacht do mhuintir na háite

| Maitiu O Coimin | ,

Pléifidh baill Chonradh na Gaeilge an moladh gur cheart don eagraíocht teanga tithe a thógáil i gceantair Ghaeltachta agus iad a dhíol le muintir na Gaeltachta ar phraghas an chostais “chun cabhrú le buanú na bpobal Gaeltachta”. 

Tá an rún seo i measc cúpla rún a bhaineann le cúrsaí tithíochta a phléifear ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge a bheidh ar siúl ar an Aonaigh i gcontae Thiobraid Árann an deireadh seachtaine seo. 

Mhol baill Chraobh Chairde an Chlub an rún go gceannódh Conradh na Gaeilge leadhbanna talún sa Ghaeltacht agus go dtógfaí eastáit tithíochta ann do chainteoirí Gaeilge na háite. 

“Dá bhfaighimis ár mian ag an Ard-Fheis amárach, cheannódh Conradh na Gaeilge talamh sa Ghaeltacht agus thógfaí eastáit tithíochta ann. Tá Craobh Chairde an Chlub lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus feiceann muid na fadhbanna tithíochta atá againne anseo, ach caithfidh muid dlúthpháirtíocht a léiriú le pobail eile agus mura mbeadh an Ghaeltacht ann níorbh ann don teanga féin. Tá an beart seo ar cheann de na príomhrudaí a d’fhéadfaí a dhéanamh, caithfimid a bheith ag seasamh le chéile,” a dúirt cathaoirleach Chraobh Chairde an Chlub, Emmet de Barra, le NÓS. 

Tá Emmet ag súil go dtacófar le rún a chraoibhe amárach agus go mbeifear in ann tús a chur leis an “próiseas fadálach” a bheadh i gceist an rún a chur i gcrích. 

“Glacaim leis go mbeadh tacaíocht ann don rún, ach is mór idir dóchas agus gníomh. Ní ag tógáil tithe aonair sa Ghaeltacht a bheimis, bheimis ag súil go dtógfaí eastáit bheaga deich dteach nó mar sin agus chabhródh sé sin féin le tógáil pobail sa Ghaeltacht freisin,” a dúirt sé.

Tá Craobh Chairde an Chlub lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus is iad coiste Chlub Chonradh na Gaeilge, atá lonnaithe ar Shráid Fhearchair i lár na cathrach, iad na baill den chuid is mó. 

Tá cúpla rún eile ar chlár na hArd-Fheise faoi chúrsaí tithíochta. Tá súil ag Gaelphobal Thamhlachta, craobh de chuid na heagraíochta atá lonnaithe in iardheisceart Bhaile Átha Cliath, go n-éileodh Conradh na Gaeilge ar an rialtas go “leithdháilfí cuid áirithe d’fhorbairt tithíochta an stáit ar Ghaeilgeoirí” le go mbeifí in ann “lonnaíochtaí lán-Ghaeilge a chruthú i mbaile agus i gcathracha” na hÉireann.

Ar deireadh, tá moladh eile fós déanta ag Ard-Chraobh an Chonartha go n-aithneoidh an eagraíocht teanga an ghéarchéim thithíochta agus go mbeadh Conradh na Gaeilge páirteach san fheachtas ‘Raise The Roof’ “thar ceann na nGael”. Is feachtas náisiúnta é ‘Raise The Roof’ a bhfuil sé mar aidhm aige aird an phobail a dhíriú ar an ngéarchéim thithíochta agus na fadhbanna a eascraíonn as.

Níos mó