Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘nil-aon-tsasamh-agat-le-baint-don-mbas’-–-brid-ui-mhaoileoin

‘Níl aon tsásamh agat le baint don mbás’ – Bríd Uí Mhaoileoin

| Slaine Ni Chathallain | ,

Thugas turas an mhí seo ar bhean darbh ainm Bríd, toisc gurb í mí Mhuire na nGael í. Ní fheadfainn cuimhneamh ar Bhríd níosa shuimiúla agus níos fáiltiúla ná Bríd Bean Uí Mhaoileoin ón nGráig i bParóiste an Fheirtéaraigh, Súilleabhánach sara bpós sí. 

Táimse á rá libh ach gur bean feasa agus eolais í seo, go bhfuil nach mór 95 bliain caite aici ar an saol seo. Is cuimhin liom, bhíomar ag taifeadadh cláir le Aniar TV faoi chúrsaí aimsire agus na comharthaí aimsire a bhí i nDúthaigh Duibhneach, agus is mó ceann san a bhí ag Bríd dúinn, a bhain le Tráigh Chloichir agus áiteanna eile. Tá meabhair ina ceann. Bhí sí ag tathant cupa tae orm nuair a ghabhas chuici ach shuíomar cois an range lá ceobhránach fliuch agus bhí comhrá ana-dheas againn. (Bhíos déanach ag teacht, agus arsa í, “bhís déanach ag teacht ar an saol, ní foláir! Ag magadh fúm a bhí sí!) Is mar seo a bhí againn.

Cad í an chuimhne is sia siar id’ cheann?

“An chuimhne is sia siar im’ cheann ná dul ‘n Daingean le Tommy Manning go raibh tacsaí aige i dteannta Mháire Uí Shúilleabháin, a bhí ina cónaí in aice liom, i gcoinne Aloys Fleischmann, (cumadóir agus ceoltóir) a bhí os cionn an cheoil san ollscoil i gCorcaigh.” 

Sé bliana a bhí sí an uair sin, in 1935 nó 1936. Deir sí gur bóthar lán de chlocha ar fad a bhí ann:  “ní raibh aon taithí ar an mbóthar againn chun é bheith níosa fhearr.” 

Ag dul i gcoinne Fleischmann a bhí Bríd, go traein an Daingin. 

“An t-aon ní amháin a chuimhním ar thraein an Daingin ná an puff-puff ag teacht isteach agus an solas dearg. Cuimhnigh air. Thuas ag an stáisiún a stadadh an traein, an áit a bhfuil an bóthar ag dul síos go dtí an Skellig anois.”

Cad é an lá is fearr a bhí riamh agat?

“Is dócha gurbh é an lá a phósas. Dar liom ach go háirithe, go rabhas sásta, mar bhí aithne agam ar an té a phósas ó bhíos ag dul ar scoil.” 

Ní raibh aon chleamhnas ann an uair sin puinn, cé go raibh cleamhnais déanta do chairde léi, ach “bhí sé ag imeacht as an saol agus níorbh aon díobháil é!” Ó Imileá ab ea fear Bhríd, Jeaic. Ar an mBuailtín a phósadar. Ba é an tAthair Ó Ciosáin a phós iad, “go méadaí Dia a ghlór sna Flaithis.” 

Suit,” a chaith sí, “dath glas-gorm. Sciorta agus jacket agus hata agus mitíní.” “Is dóigh liom go raibh bláthanna agam a fuaireas ó dhuine éigin. 27 a bhí sí agus bhí sí geallta bliain roimh ré. 50 duine nó mar sin, a cheapann sí a bhí ar an bpósadh. “I dTrá Lí a bhí an pósadh. An áit atá Paddy Mahony anois , Meadowlands. Bhí hotel ann leis an uair sin.”

Cén saghas duine tú?

“N’fheadar cén saghas duine mé ach is dócha go bhfuil curtha suas agam le scata im’ shaol. Ní rabhas ach dhá bhliain is fiche nuair a cailleadh mo mháthair. Bhíos thall i Sasana agus bheinn críochnaithe i mí Dheireadh Fómhair ach i mí Mheán Fhómhair a cailleadh í agus thánga abhaile agus d’fhanas aige baile go dtí tar éis na Nollag agus chuas thar n-ais agus chríochnaíos i mí an Mheithimh agus thánga abhaile ansan agus d’fhanas aige baile ó shin.” 

Cúrsa banaltrachta a dhein Bríd thall agus is minic a chabhraigh sí le banaltraí ar an mBuailtín chun instealltaí is a leithéid a thabhairt amach. “Tá ana-chuid feiscithe agam idir mhaith is olc agus tá ana-dhrochbhliain curtha isteach agam, chun an fhírinne a rá leat ach sin é an saol, a chroí, agus caithfidh tú cur suas leis. Níl aon tsásamh agat le baint don mbás. Níl.”

Cad í an chomhairle atá aici don aos óg?

“An chomhairle a thabharfainn dóibh, is dócha, ná, rud éigin a bhaint amach sa tsaol dá mbeadh spéis acu ann agus dá bhféadfadh siad fanacht leis, agus gan a bheith ag imeacht ó phost amháin go post eile, mar tá sé sin ana-mhór sa tsaol sa lá atá inniu ann. Bhínn ag imirt na gcártaí i gcónaí, an dtuigeann tú agus d’imrínn ‘briste’ (bridge) sa Daingean, ana-ghairid do dhaichead bliain.” “Cuibheasach, maith go leor!” a dúirt sí a bhí sí.

Cén t-amhrán is fearr leat?

‘Rachadsa is mo Chití ag válcaeireacht’, le Seán de hÓra. (Is é seo an tarna uair an rogha seo pioctha ag aíonna Charachtair na Leithinse!)

“Bhí aithne mhaith agam air, a chroí, fear deas.” 80 a bhí Seán de hÓra ach a gcailleadh é.

Cén seanfhocal is fearr leat?

“Níl aon tinteán mar do thinteán féin, mar tá sé fíor.”

Cén clár teilifíse/raidió is fearr leat?

An Saol Ó Dheas. Faighim ana-shásamh ann. Is breá liom é. Is cuma cé bhíonn ag caint ann mar bheadh spéis agam ann. Bheadh an nuacht áitiúil leis agam, is leanfá ort ansan ag éisteacht leis agus bíonn an clár a bhíonn ag Dáithí Ó Sé leis go maith ar an dteilifís.”


Sa tig ina bhfuil Bríd fós a saolaíodh í, cé go gcaith sí seal i Sasana. Dódh an seana-thig a bhí acu go talamh in 1979. 

“Dódh go talamh é. Ní raibh sé fuirist. Ach cad tá fuirist sa tsaol seo? Níl aon ní fuirist ann ach an lá a chur isteach.” 

Tá an t-adh linn an pictiúir seo den lá a phós Bríd a fear céile, a bheith againn agus é crochta go mórálach aici os cionn an dorais. Is ea ‘ná thug duine éigin di é, mar dúirt sí go ndódh na pictiúirí eile ar fad a bhí aici.

Aisteoir leis an gcumann áitiúil taobh thiar de Dhaingean, Aisteoirí Bhréanainn, ba ea Bríd le linn a hóige agus is cuimhin léi dul ar “bhicycle ar na handlebars in éineacht le Tomás Ó Cinnéide, é siúd a scrígh Ar Seachrán, ó thuaidh ar an bhFeothanaigh. Ní rabhas ach cheithre mbliana déag.” 

Sin aistear ana-fhada ar rothar, ar son na drámaíochta! Guím síocháin agus suaimhneas saoil ar Bhríd Uí Mhaoileoin, a bhí chomh fáiltiúil liom.

Níos mó