Deir an t-aisteoir mór le rá Paul Mescal nár cheart ‘geata’ na Gaeilge a dhúnadh ar aon duine agus go bhfuil sé féin an-bhródúil as an méid Gaeilge atá aige.
Bhí Mescal, atá ainmnithe do dhuais Oscar dá ról sa scannán Aftersun, ag trácht ar an mearcaipeadh ar líne a deineadh ar agallamh i nGaeilge a dhein sé le TG4 ar chairpéad dearg na ngradam BAFTA an tseachtain seo.
Dúirt sé gur thuig sé láithreach go mbeadh caint ar an méid a bhí á rá aige.
“Ní maidin Dé Luain, ach tráthnóna Dé Domhnaigh. Thuig mé agus mé ag labhairt na bhfocal sin. Íosa Chríost a dúirt liom féin ach ba chóir go mbeinn ag feabhsú. Ba chóir go mbeinn ag cleachtadh mo chuid Gaeilge. Ach táim an-bhródúil as an méid Gaeilge atá agam.”
Mhol Mescal do dhaoine pé Gaeilge a bhí acu a úsáid.
“Is dóigh liom go bhfuil sé an-tábhachtach. Is dóigh liom má dhúntar geata na Gaeilge ar dhaoine, go bhfaighidh sí bás. Mar sin, má shíleann tú go bhfuil cúpla focal agat, téigh amach agus labhair iad,” a dúirt sé le FM104.
Bhí sé ag caint ag Féile Scannáin Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath, ar a raibh God’s Creatures an scannán is déanaí a bhfuil sé le feiceáil ann á sheoladh. Rinneadh cuid de God’s Creatures a scannánú i dTeileann i nGaeltacht Dhún na nGall.
Beidh Mescal faoi agallamh ar na Late Late Show anocht, mar a mbeidh sé ag trácht ar an bpíosa cainte i nGaeilge a scaipeadh ar fud na mball.
Dúirt an t-aisteoir san agallamh sin le TG4 ag na gradaim BAFTA gur mhaith leis páirt a bheith aige i scannán Gaeilge.
Dúirt Mescal le Caitlín Nic Aoidh go raibh meirg ar a chuid Gaeilge.
D’fhreastail an t-aisteoir, arb as Maigh Nuad dó, ar bhunscoil lán-Ghaeilge agus dúirt sé go ndearna sé a theastas sóisearach trí Ghaeilge chomh maith.