Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ta-gaeilgeoiri-an-da-theach-ag-cur-le-meath-na-gaeltachta

Tá Gaeilgeoirí an Dá Theach ag cur le meath na Gaeltachta

| Maitiu O Coimin | ,

Tá Gaeilgeoirí a bhfuil an dara teach sa nGaeltacht acu ag cur leis an ngéarchéim thithíochta agus dá bharr sin le meath na Gaeltachta ar fud an iarthair. 

Tá na céadta daoine óga Gaeltachta, ó Ghort an Choirce go Dún Chaoin, ag iarraidh fanacht ina n-áit dhúchais nó teacht abhaile chun na Gaeltachta lena gclann a thógáil agus anuas ar na fadhbanna uilig atá ann maidir le cúrsaí pleanála agus deacrachtaí morgáiste, tá tithe sa nGaeltacht tógtha ag cainteoirí móra Gaeilge mar thithe saoire dóibh féin. 

Ar ndóigh, ní hiad na cainteoirí Gaeilge amháin atá ag ceannacht tithe ar an anchostas. Tá tithe ceannaithe ag cainteoirí Béarla na hÉireann chomh maith le heachtrannaigh atá ina gcónaí thar lear ach a thagann chun na tíre seo go rialta le saoirí a chaitheamh ina dtithe Gaeltachta. 

Ach mar fhear atá sna 30idí luatha atá ag iarraidh teach a cheannacht sa nGaeltacht agus b’fhéidir clann a thógáil ann amach anseo, cuireann sé isteach go mór orm nuair a fheicim daoine a bhíonn an-ghlórach faoi chur chun cinn na Gaeilge in áiteacha eile ag brú óige na Gaeltachta amach as a n-áit dhúchais. 

Tá chuile theach atá ina theach saoire sa nGaeltacht ag cur le meath na Gaeltachta agus dá dheasca sin le meath na Gaeilge ar fud na tíre. Tá daoine ann atá ina gcónaí i gcathair Bhaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i mBéal Feirste agus i mbailte beaga agus móra ar fud na hÉireann a bhfuil teach acu a bhíonn fuar folamh ocht, naoi, deich agus fiú aon mhí dhéag sa mbliain. Ag an am céanna, tá daoine óga imithe as an nGaeltacht nó ina gcónaí lena dtuismitheoirí. Tá daoine eile ann nach as an nGaeltacht ó dhúchas iad ach ar mhaith leo cur fúthu go lánaimseartha ann agus páirt ghníomhach a ghlacadh sa bpobal. Go deimhin, scríobh colúnaí de chuid NÓS ar an ábhar sin níos luaithe an mhí seo. 

Táthar ann a déarfadh go gcuireann Gaeilgeoirí an Dá Theach le geilleagar agus le pobal na Gaeltachta tríd an airgead a chaitheann siad ann agus an pháirt a ghlacann siad in imeachtaí pobail nuair a bhíonn siad ann. Ní ghlacaimse leis an maíomh sin. Creidim gur mhó i bhfad an tairbhe don gheilleagar agus don phobal é dá mbeadh duine nó clann ina gcónaí go lánaimseartha san áit agus ina gcroíchuid den phobal. 

B’fhéidir go gcaithfeadh Gaeilgeoir an Dá Theach cúpla seachtain nó cúpla deireadh seachtaine ina dhara teach, agus cúpla oíche i bpub na háite – ach an leor é sin le brí agus beocht a chur i saol (agus i sparán) na Gaeltachta? Ní cheapfainn é. B’fhearr liom i bhfad tithe atá lán ó cheann ceann na bliana, gasúir i scoileanna Gaeltachta, agus clubanna agus cumainn bheoga a fheiceáil ná an cúpla punt a thagann anuas ó Bhaile Átha Cliath nuair a bhíonn an ghrian ag scoilteadh na gcloch.

Is measa fós an duine atá ina chónaí taobh amuigh den Ghaeltacht agus a bhfuil AirBnB aige ann – ní hamháin go bhfuil an duine sin ag tógáil tí den mhargadh ach tá airgead á thál aige as an nGaeltacht freisin. 

Tá réiteach simplí ar an gceist seo – díoltar na tithe. Is mó i bhfad an chabhair do gheilleagar na Gaeltachta é dá mbeadh tithe cónaithe ar fáil do na daoine atá ag iarraidh páirt lánaimseartha a ghlacadh i saol na Gaeltachta agus dá bhfanfadh Gaeilgeoirí an Dá Theach in óstáin nó tithe lóistín atá á reáchtáil ag muintir na Gaeltachta nuair is mian leo cuairt a thabhairt ar an áit. 

Níos mó