Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
toghadh-an-uachtarain-petr-pavel-abhar-dochais-i-bpoblacht-na-seice

Toghadh an uachtaráin Petr Pavel ábhar dóchais i bPoblacht na Seice

Bhí coicís chorraitheach i bPoblacht na Seice roimh an dara babhta den toghchán uachtaránachta ag deireadh na míosa seo caite. Tar éis an chéad bhabhta, níor fhan ach beirt san iomaíocht. Ar thaobh amháin bhí Andrej Babiš, an cúigiú duine is saibhre sa tír, úinéir an iliomad comhlachtaí talmhaíochta agus próiseála bia i lár na hEorpa agus in áiteanna eile ar fud an domhain.

Cheannaigh seisean cúpla nuachtán mór sa tír go luath tar éis dul leis an bpolaitíocht agus an páirtí pobalach ANO a bhunú in 2012. D’éirigh go seoigh leis an bpáirtí agus chaith Babiš tréimhse mar príomh-aire na tíre, go dtí gur chaill sé an t-olltoghchán deireanach in 2021. De bharr a chuid saibhris agus na modhanna polaitíochta a chleachtann sé, is minic a dhéantar comparáid idir é agus leithéidí Silvio Berlusconi agus Donald Trump (cé go bhfuil, suimiúil go leor, níos mó ná billiún dollar sa bhreis ag Babiš i gcomparáid le hiar-uachtarán Mheiriceá).

Ar an taobh eile, bhí Petr Pavel, ginearál ar scor, a chaith tréimhse mar cheann foirne ar arm na tíre agus a bhí ina chathaoirleach ar Choiste Míleata NATO idir 2015 agus 2018. Ní raibh aon taithí ag Pavel ar an bpolaitíocht sa ghnáthchiall den fhocal, ach shocraigh sé dul isteach i rás na huachtaránachta, de réir a ráitis féin, tar éis do Babiš ardmheas a léiriú ar phríomh-aire na hUngáire, Viktor Orbán, gona chuid polasaithe neamhdhaonlathacha.

Is dócha gur mhothaigh an t-iarshaighdiúir go raibh an tír i mbaol, agus dheifrigh sé chun catha arís. Iarshaighdiúir agus laoch cogaidh é, ach iarbhall den pháirtí Cumannach é freisin. Sin rud a chuireann olc i gcónaí ar chuid den phobal, cé gur thug Pavel leithscéal, á áiteamh gur chúitigh sé an botún trína sheirbhís don tír i ndiaidh na réabhlóide i 1989. (B’fhiú a lua freisin gur dheimhnigh an chúirt sa tSlóvaic in 2022 gur ghníomhaire de chuid na bpóilíní rúnda a bhí in Babiš roimh an réabhlóid chéanna, rud a shéanann sé go fóill.)

Bhí an feachtas fíochmhar tréan. Bhain Babiš leas as an ngéarchéim idirnáisiúnta, ag cur i leith Pavel go bhfuil sé róbháúil leis an Úcráin agus go rachadh an tír i gcogadh dá dtoghfaí é.

Andrej Babiš

Bhí Babiš ag lorg tacaíochta go follasach ó ghrúpaí i bhfad amach ar an eite dheis agus ní raibh aon drogall ar lucht na bréagnuachta cuidiú leis. Chuaigh sé chomh fada sin go ndúirt sé i ndíospóireacht teilifíse nach seolfadh sé saighdiúirí chun na Polainne dá n-ionsófaí an tír sin, rud a chuir bunphrionsabail NATO bunoscionn agus a chruthaigh raic idirnáisiúnta áirithe sa réigiún. Ní raibh éifeacht le feachtas Babiš, áfach, agus vótáil tromlach suntasach, 58%, ar son Petr Pavel.

Córas parlaiminteach atá i réim i bPoblacht na Seice, rud a chiallaíonn go bhfuil na cumhachtaí bunreachtúla atá ag an uachtarán teoranta go leor. Ach bhí ardmheas ar oifig an uachtaráin i gcónaí agus is féidir le huachtarán a lán a chur i gcrích go neamhfhoirmeálta, trí chumarsáid le polaiteoirí agus leis an bpobal.

Chomh maith leis sin, bíonn tionchar suntasach ag an uachtarán ar an bpolasaí eachtrach, toisc gurb eisean a dhéanann ionadaíocht ar an stát go hidirnáisiúnta. Cé na hiarmhairtí a bheidh, mar sin, ar thoghadh an uachtaráin nua? Is mian le Pavel go bhfillfidh an polasaí eachtrach ar na laethanta a mbíodh béim ar an daonlathas agus ar chearta daonna, mar ba ghnách le linn ré chéad Uachtarán Phoblacht na Seice, Václav Havel.

Mar shampla, labhair Pavel ar an nguthán le huachtarán na Téaváine, Tsai Ing-Wen, dhá lá tar éis an toghcháin, rud a mbeadh ceannairí i dtíortha an Iarthair amhrasach faoi ar eagla go gcuirfeadh siad olc ar an tSín. Is cinnte go leanfaidh an tacaíocht don Úcráin freisin – creideann Pavel go láidir go bhfuil muintir na hÚcráine ag cosaint na hEorpa i gcoinne impiriúlachas na Rúise agus gur chóir cabhrú leo an oiread agus is féidir.

Ach i ndeireadh na dála, ní bhraitheann an seasamh morálta seo ar an uachtarán, ach ar mheon na ndaoine féin. Tá Poblacht na Seice ag streachailt go heacnamaíoch, le ráta ard boilscithe agus costas ard fuinnimh. Beidh tionchar ag an ngeilleagar ar thoil an phobail, mar shampla, leanúint den tacaíocht do bheagnach leathmhilliún teifeach Úcránach a tháinig chun na tíre anuraidh.

Tá ar an rialtas dul i ngleic le fadhbanna na gnáthmhuintire, go háirithe sna réigiúin imeallacha atá faoi mhíbhuntáiste mór.

Tá an chosúlacht ann go dtuigeann Pavel an méid sin – tá sé beartaithe aige taisteal go dtí na réigiúin sin go minic agus tionchar a imirt ar an rialtas ionas go ndéileálfar leis na deacrachtaí seo.

Tá méid áirithe dóchais ann, mar sin.

Níos mó