Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ar-mick-o’brien-a-bhronnfar-‘ceoltoir-na-bliana’-ag-gradam-ceoil-tg4

Ar Mick O’Brien a bhronnfar ‘Ceoltóir na Bliana’ ag Gradam Ceoil TG4

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Is ar an bpíobaire uilinn agus seinnteoir feadóige Mick O’Brien a bhronnfar ‘Ceoltóir na Bliana’ ag Gradam Ceoil TG4 a bheidh ar siúl i gCeoláras na hOllscoile i Luimneach an mhí seo chugainn.

Chuir Mick tús lena shaol mar cheoltóir le Club Píobairí Shráid Thómais ina chathair dhúchais Baile Átha Cliath agus é naoi mbliana d’aois. Ba mhór an spreagadh a athair, an boscadóir Dinny O’Brien, agus a mhúinteoirí Leo Rowsome, Seán Seery agus Mick Tuohy.

Is ar an amhránaí aitheanta as Cois Fharraige Sile Denvir a bhronnfar an gradam ‘Amhránaí na Bliana’ ag an ócáid chéanna.

Is amhránaí ar an sean-nós, cláirseoir agus bean léinn í Síle a bhfuil tionchar láidir ag an nGaeilge, an tógáil a fuair sí i nGaeltacht Chonamara agus stíl sean-nóis an réigiúin ar a cuid ceoil.

Fógraíodh faighteoirí na ngradam sin agus ceithre ghradam eile ag ócáid speisialta a bhí ar siúl sa CASK i gcathair Luimnigh tráthnóna.

Ní bheidh ar Mick, Louise, agus Michelle Mulcahy dul chomh fada sin as baile leis an ngradam ‘Grúpa Ceoil na Bliana’, gradam nua a tugadh isteach anuraidh, a bhailiú. Is as Mainistir na Féile an teaghlach ceolmhar a bhfuil ceithre albam curtha amach acu le chéile ina léirítear na stíleanna agus stóir ceoil a bhaineann le Sliabh Luachra, an Clár agus Oirthear na Gaillimhe  – The Mulcahy Family (1999), Notes From the Heart (2005), Reelin in Tradition (2009), agus The Reel Note (2016).

Is í Méabh Smyth, as Ard Mhacha, ‘Ceoltóir Óg na Bliana’. Is fidléir í Méabh atá ag casadh ceol traidisiúnta ó bhí sí seacht mbliana d’aois. Ní ón talamh a fuair Méabh a cuid ceoil ós fidléirí iad a beirt thuismitheoirí Rosie agus Thomas Smyth agus casann sí ceol go rialta lena deartháir Tiarnán agus a deirfiúr Annie. Chuir an bheirt acu EP amach faoina n-ainm féin tamall de bhlianta ó shin agus bhain an bheirt acu ait amach sa bhabhta leathcheannais ag Ceoltóir Óg Tíre na Bliana i gcomórtas de chuid an BBC in 2017.

Níos luaithe i mbliana bhí Méabh san iomaíocht i mbabhta ceannais Chomórtas Bhonn Óir Sheáin Uí Riada in éineacht lena deirfiúr. Bhuaigh sí gradam Ed Reavy d’Fhidléir na Bliana sa bhliain 2016 agus bhuaigh sí an chéad duais sa chomórtas Fidléir London sa bhliain 2021.

Ar na faighteoirí gradaim eile a fógraíodh tráthnóna bhí Fintan Vallelly, a gheobhaidh Gradam Saoil TG4, agus Maurice Lennon, a gheobhaidh an gradam ‘Cumadóir na Bliana’ i gCeoláras na hOllscoile i Luimneach ar an 23 Aibreán.

“Tá ríméad ar TG4 ómós a thabhairt do cheoltóirí agus amhránaithe iontacha leis an nGradam Ceoil atá 26 bhliana ar an bhfód i mbliana. Tá súil againn go leanfaidh an Gradam de bheith ina chomhartha ar bharr feabhais ealaíne amach anseo i ngach réimse den cheol agus den amhránaíocht atá dúchasach d’Éirinn.

“Comhghairdeas leis na daoine ar fad a bheidh ag fáil gradaim. Táimid ag tnúth le bheith ag ceiliúradh in éineacht leo agus fáilte a chur roimh lucht féachana ó chian is ó chóngar an mhí seo chugainn,” a dúirt Proinias Ní Ghráinne, eagarthóir coimisiúnaithe TG4.

Is painéal moltóirí neamhspleách a roghnaíonn buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 gach bliain. Bronnfar píosa dealbhóireachta leis an dealbhóir mór le rá, John Coll, a coimisiúnaíodh go speisialta, ar na buaiteoirí chomh maith le suim bheag airgid.

Craolfar Gradam Ceoil TG4 beo ó Luimneach ar TG4 ar an 23 Aibreán ag 21.30.

Níos mó