Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘drochsceala’-faighte-ag-ronan-mac-aodha-bhui-ach-suil-aige-dochas-a-aimsiu-i-meiricea

‘Drochscéala’ faighte ag Rónán Mac Aodha Bhuí ach súil aige dóchas a aimsiú i Meiriceá

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Fuair an craoltóir aitheanta Rónán Mac Aodha Bhuí “drochscéala” óna oinceolaí le deireanas maidir leis an ailse a bhfuil sé ag dul i ngleic léi faoi láthair.

Tugadh le fios do Rónán an tseachtain seo caite go bhfuil na cnapáin atá ina ae tar éis dúbailt agus go bhfuil tuilleadh cnapán tar éis fás ar an ae agus ar na scamhóga. Tá tuairim is deich gcnapán anois ann.

Dúradh leis freisin nach bhfuil na drugaí ceimiteiripe a bhí sé a ghlacadh ag oibriú níos mó.

Mar sin féin, tá Rónán “ag troid leis” dar lena chairde agus a mhuintir agus tá sé ag fiosrú faoi theiripe agus cóir leighis atá ar fáil i Stáit Aontaithe Mheiriceá anois. Is sa Spáinn atá Rónán le cúpla seachtain anuas. Tá an chuma ar an scéal go mb’fhéidir go mbeadh triail chliniciúil i Meiriceá fóirsteanach ach go mbeadh costas an-mhór ag baint leis.

Tá os cionn €150,000 bailithe ag Ciste Tacaíochta Rónáin ar GoFundMe ó seoladh an leathanach i lár na míosa seo caite agus reáchtáladh imeachtaí tiomsaithe airgid ar fud na tíre le mí anuas agus a thuilleadh beartaithe do na seachtainí atá amach romhainn. Deir lucht an Chiste Tacaíochta go bhféadfadh sé go mbeadh “suas le €180,000 agus breis” i gceist leis an gcóir leighis.

Tá Rónán, a bhfuil cáil air i ngar is i gcéin mar gheall ar a chuid oibre sna meáin chumarsáide le 30 bliain anuas chomh maith leis An Cabaret Craiceáilte a bhunaigh sé, ag dul i ngleic leis an ailse le ceithre bliana anuas.

Bhí súil ag lucht an Chiste Tacaíochta go mbaileofaí dhá thrian den airgead (€120,000) a bheadh ag teastáil ar an leathanach tiomsaithe airgid. Sáraíodh an sprioc sin laistigh de sheachtain agus tá an carnán airgid ag dul i méid ó shin agus imeachtaí á reáchtáil ar fud na tíre. Bailíodh beagnach €3,000 i dToraigh amháin.

Tá lucht an fheachtais ag súil go reáchtálfar tuilleadh imeachtaí fós amach anseo agus tá iarrtha acu ar dhaoine ar spéis leo a leithéid a eagrú teagmháil a dhéanamh leo ar cairderonain@gmail.com.

 

Meastar gur suas is anuas le €180,000 a chosnóidh an chóir leighis ar fad agus bhí súil ag cairde agus muintir Rónáin dhá thrian den airgead sin a bhailiú ar an leathanach Go Fund Me a seoladh an tseachtain seo caite. Níl an feachtas tiomsaithe airgid ach ina thús fós agus tá roinnt imeachtaí beartaithe ag grúpaí éagsúla ó cheann ceann na tíre le tuilleadh airgid a bhailiú do Rónán. Tá lucht an fheachtais ag súil go reáchtálfar tuilleadh imeachtaí fós amach anseo agus tá iarrtha acu ar dhaoine ar spéis leo a leithéid a eagrú teagmháil a dhéanamh leo ar cairderonain@gmail.com.

Ba i mí an Mheithimh 2018 a tháinig an chéad chomhartha den ailse ar Rónán agus chaith sé seachtain san ospidéal. Chuaigh sé faoin scian leis an ailse a bhaint amach in 2019 agus chuaigh sé trí cheimiteiripe cúpla babhta i gcaitheamh na mblianta 2019, 2020, agus 2021. Chuaigh sé faoin scian arís cothrom an ama seo anuraidh agus d’éirigh leis na máinlianna cnapáin ailse a bhaint amach as na putóga, an scairt, agus an peireatóinéam. Dhá mhí ina dhiaidh sin, rinneadh cúrsa eile ceimiteiripe i gcaitheamh na bliana seo caite.

Chuaigh Rónán chun na Spáinne an mhí seo agus beidh sé ag dul chuig clinicí agus ospidéil sa tír sin le súil is go mbeidh leigheas nó laghdú ar na cnapáin ailse atá fós ina cholainn ar fáil ann.

Laoch de chuid na nGael é Rónán Mac Aodha Bhuí a tháinig chun cinn ar an stáitse náisiúnta den chéad uair agus é ina fhear óg ar chláracha teilifíse de chuid RTÉ agus TnaG agus mar iriseoir pinn leis na nuachtán Anois agus Lá. Is leis an gclár spraíúil Rónán Beo @ 3 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta is mó a shamhlaítear an craoltóir Conallach ar na saolta seo agus bhain sé duaiseanna agus gradaim as feabhas a chuid láithreoireachta ar an gclár sin.

Níos mó