Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘is-e-an-trua-nar-fhan-na-gael-mheiriceanaigh-dilis-do-na-sloinnte-gaelacha’

‘Is é an trua nár fhán na Gael-Mheiriceánaigh dílis do na sloinnte Gaelacha’

| Eoin O Croinin | ,

Agus mé ag breathnú ar liosta Vicipéide na nGael-Mheiriceánach is clúití sa stair, thug mé faoi deara nach bhfuil aon sloinne Gaelach le feiceáil ina measc. Cé go bhfuil Gael-Mheiriceánaigh an lae inniu an-bhródúil as a n-oidhreacht, is beag duine dá sinsir a chláraigh lena shloinne Gaelach ar theacht go Meiriceá dó, nó má chláraigh, a chloígh leis ina dhiaidh sin. Sin in ainneoin gurb as an nGaeltacht do chuid mhór de na Gaeil a thriall ar Mheiriceá sa 19ú haois, le linn an Ghorta Mhóir go háirithe, tráth a raibh na ceantair Ghaeltachta thíos go mór leis an dúchan prátaí.

Ar Lá Fhéile Pádraig 1846, is as Gaeilge a thug an tAthair Joseph Burke a sheanmóir uaidh i séipéal Naomh Columba in New York. Thart faoin am céanna, rinne an tEaspag John Neumann, Boihéamach a bhí lonnaithe i Meiriceá, staidéar ar an nGaeilge ionas go bhféadfadh sé labhairt le cainteoirí Gaeilge ina pharóistí in Pennsylvania.

Más amhlaidh a bhí go leor cainteoirí dúchais Gaeilge i Meiriceá na linne, cén fáth nár fhan níos mó acu dílis dá sloinnte Gaelacha, mar sin?

Bhí cúpla cúis ann, is dócha. Bhí brú riamh ar inimircigh a n-ainmneacha a athrú chun gurbh fhusa do mhuintir Mheiriceá iad a fhuaimniú. Bhí inimircigh ón Eoraip sásta leaganacha simplithe dá sloinnte a úsáid chun nach mbeadh blas chomh coimhthíoch sin orthu, rud a d’éascódh an saol dóibh tráth a raibh amhras ann i leith na n-inimirceach ag deireadh an 19ú haois agus tús an 20ú haois go háirithe. Rinneadh Shoemaker de Schumacher, Rockefeller de Roggenfelder, Young de Jung, Mikos de Mikolajezyk, agus Pappas de Pappadimitracoupoulos.

Ar feadh i bhfad, bhí na hÉireannaigh ar na dreamanna ba bhoichte agus ba dhearóile a bhain Meiriceá amach, agus iad ina n-ábhar fonóide, doichill agus drochmheasa nuair a thuirling siad den bhád bán. Cibé rud a chabhródh leo dul chun cinn a dhéanamh sa saol agus an dearóile a fhágáil ina ndiaidh, ghlac siad leis go fonnmhar. Anuas air sin, murab ionann is na hinimircigh ó thíortha eile, bhí leaganacha galldaithe a sloinnte ar eolas ag formhór na nÉireannach cheana de bharr an toirmisc ar úsáid na Gaeilge faoi riail na Sasanach.

Ar ndóigh, ní raibh aon chosc ar úsáid na Gaeilge i gcúrsaí riaracháin i Meiriceá, ach caithfidh gur mheas formhór na nÉireannach nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid ainm casta coimhthíoch a thabhairt do na hoifigigh imirce. Nuair a bhí an oiread sin trioblóidí eile orthu ar theacht go Meiriceá dóibh, ba mhór an cúnamh ainm deas simplí a bheith acu, ainm nach dtarraingeodh aird ar a n-eachtrannacht. Laistigh de chúpla glúin, seans nach mbeadh leaganacha Gaelacha a sloinnte ar eolas ag na Gael-Mheiriceánaigh, fiú amháin, agus má bhí ní raibh aon fhonn orthu filleadh orthu.

Ar bhealach, is trua é nár sheas na hinimircigh Éireannacha an fód i gcoinne an bhrú a sloinnte dúchais a thréigean. Ba as an Spidéal agus na hOileáin Árainn do thuismitheoirí John Ford – samhlaigh dá gcloífeadh sé lena ainm baiste, Seán Ó Fearna! Nach iontach an spreagadh a thabharfadh sé d’Éireannaigh ar fud an bhaill dá ndéanfadh sé amhlaidh? Ba bheag an seans go dtarlódh sé sin i Hollywood a linne, ámh. Ba ghnáthnós é ag na réalta scannánaíochta a n-ainmneacha a athrú, ar chúiseanna éagsúla – iad a bheith róleamh, rófhada, róghearr, ró-Ghiúdach, blas ró-eachtrannach a bheith orthu nó gan blas eachtrannach go leor a bheith orthu.

Féachaimis ar chás eile – duine de na Gael-Mheiriceánaigh is clúití dá raibh ann riamh. Nach iontach an rud é dá mba é Seán Gearaltach Ó Cinnéide a bhí ina uachtarán ar Mheiriceá seachas John Fitzgerald Kennedy? Is fíor gur in Éirinn, sular thug sé an bád bán air féin ag tús an 19ú haois, a bhí a shloinnegalldaithe ag Patrick Kennedy, sin-seanathair JFK. Ach ós rud é nach raibh pas ná cáipéisí oifigiúla eile ag teastáil ó inimircigh go Meiriceá an t-am sin, d’fhéadfadh sé a shloinne Gaelach a thabhairt do na hoifigigh imirce i Meiriceá dá mba mhian leis.

Ach an mbeadh éirithe chomh maith sin le muintir Kennedy i Meiriceá ó taobh rachmas a chruinniú agus stádas sóisialta a bhaint amach dá gcloífidís le hainm a raibh blas coimhthíoch air? Nó fiú dá mbeadh barr na sochaí bainte amach ag muintir Uí Chinnéide seachas muintir Kennedy, an dtacófaí le duine darbh Mac Uí Chinnéide i bpolaitíocht Mheiriceá sna 1960idí? Cuimhnímis nach raibh an oiread agus ‘fada’ amháin i sloinne aon duine de na 34 uachtarán a bhí ann roimh an Uasal Kennedy, agus cuma breá Angla-Shacsanach ar a n-ainmneacha siúd go léir, nach mór. Ba é Kennedy an chéad uachtarán Caitliceach freisin, rud a d’fhág go raibh air a bheith chomh Meiriceánach agus ab fhéidir ar gach slí eile.

Ach cé go raibh brú mór ann glacadh le hainm simplí Meiriceánach agus go raibh buntáistí ann don té a dhéanfadh amhlaidh, chloígh na milliúin inimirceach ó thíortha éagsúla lena n-ainm dúchais. Tháinig an scríbhneoir Bill Bryson ar na hainmneacha ‘neamh-Mheiriceánacha’ seo a leanas in innéacs leabhair faoi stair na peile Meiriceánaí: Dick Modjelewski, Harry Stuhldreder, Ed Abbatticchio, Knute Rockne, Dan Pasquariello, agus Alex Wojchiechowicz.

Is dócha go raibh diongbháilteacht agus ceanndánacht as an ngnáth iontu siúd a chloígh lena sloinnte dúchais, áfach. Is minic nach raibh na tréithe céanna sin ag a bpáistí ná a ngarpháistí, nó nach raibh nasc chomh láidir sin acu leis an tír ónar tháinig a sinsir, sa chaoi gur iompaigh go leor acu ar leagan ‘galldaithe’ nó simplithe dá n-ainm dúchais chun go mbeadh sé ag teacht le foghraíocht agus gnásanna an Bhéarla. Is fíor gur ghéill siad cuid dá n-oidhreacht dá bharr, ach caithfidh gur mheas siad gurbh fhiú é ar mhaithe le hainm a bheadh so-aitheanta agus éasca a fhuaimniú. Cé a thógfadh orthu é?

Níos mó