Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘nil-an-dochas-ceanna-agam-d’fhoireann-na-mban-is-a-bhi-d’fhoireann-na-bhfear’

‘Níl an dóchas céanna agam d’fhoireann na mban is a bhí d’fhoireann na bhfear’

| jeff neville | ,

Ceann de na rudaí is fearr faoin spórt gairmiúil ná nach bhfanann droch-chluiche leat. Níl an deis agat suí sa bhaile ag machnamh ar an gcluiche mar beidh ceann eile le himirt agat go luath agus tá ort díriú air sin.

Ag an am céanna, ceann de na rudaí is measa faoin spórt gairmiúil ná nach bhfaigheann tú deis machnamh a dhéanamh ach an oiread. Bhuaigh foireann na hÉireann an Chaithréim Mhór Dé Sathairn seo caite ach cúpla lá ina dhiaidh sin tá na himreoirí go léir ag tabhairt aghaidh ar an URC agus na comórtais Eorpacha.

Beidh Laighin ag imirt in aghaidh na Stormers agus, má bhuann siad, beidh siad sa bhaile do na chluichí ceathrúc ceannais, leathcheannais, agus an chraobh. Níl cluiche caillte acu go fóill i mbliana agus beidh siad ag iarraidh cur leis an iarracht sin sa bhaile an deireadh seachtaine seo.

Beidh Connachta sa bhaile in aghaidh Dhún Éideann. Tá Connachta san ochtú háit faoi láthair le 39 bpointe agus cé go bhfuil Dún Éideann sa dara háit déag, níl ach seacht bpointe eatarthu agus trí chluiche le himirt. Is dóigh go mbeidh ar fhoireann críochnú sa seachtú háit má theastaíonn áit i gCorn na Seaimpíní an bhliain seo chugainn uathu agus is dúshlán ollmhór é Connachta os comhair Dhún Éideann chun é sin a dhéanamh.

Beidh Glaschú ag taistil go Luimneach chun aghaidh a thabhairt ar an Mumhain agus is cluiche ollmhór é seo don chúige. Níl ach dhá phointe eatarthu faoi láthair (tá Glaschú sa cheathrú áit agus Mumha díreach fúthu) agus an dá fhoireann ag lorg cluiche baile sa bhabhta cheathrú ceannais. Tá an seacht gcluiche deirneach buaite ag Glaschú agus is cinnte gur cluiche fisiciúil a bheidh ann.

Tabharfaidh Ulaidh aghaidh ar na Bulls sa bhaile. Má bhuann Ulaidh agus Laighin, ní bheidh ach pointe amháin idir Ulaidh agus na Stormers atá sa dara háit faoi láthair. Mar a luaigh mé cheana, níl ach trí chluiche fágtha sa tsraith roimh na babhtaí ceannais agus mar sin is cluiche ollmhór é an cluiche seo d’Ulaidh.

Comórtas Sé Náisiúin na mBan

Beidh Comórtas Sé Náisiúin na mBan ag tosú inniu agus cé go raibh mé dóchasach go mbaineadh foireann na bhfear agus an fhoireann faoi 20 Caithréimí Móra amach, nílim chomh dóchasach sin agus mé ag caint faoi fhoireann na mban.

Tá go leor fós ag athrú don fhoireann seo, agus struchtúr nua fós á thabhairt isteach agus imreoirí óga ag fáil taithí ag an leibhéal seo. Má bhreathnaíonn tú ar Shasana, tá 1,219 caipín acu san fhoireann atá roghnaithe acu don chomórtas seo; níl ach 212 ag Éirinn. Mar a luaigh mé cheana, is foireann fhíor-óg í an fhoireann seo.

Má bhreathnaíonn tú ar amchlár na gcluichí, tá trí chluiche as baile ag Éirinn i mbliana agus cluiche baile le himirt idir gach ceann acu. Beidh an Fhrainc agus Sasana acu sa bhaile ach ní dóigh liom go ndéanfaidh buntáiste an bhaile mórán difríochta dóibh in aghaidh na bhfoirne sin.

Ar an iomlán, oireann an comórtas seo do Shasana. Fiú go bhfuil cluichí as baile acu (ar ndóigh) agus go bhfuil siad féin ag dul tríd athruithe móra, is í an Fhraince an cluiche deireanach atá acu agus an cluiche sin sa bhaile. Is buntáiste ollmhór é sin do Shasana; tá a fhios agam cé a gcuirfinn m’airgead air ar aon nós.

Níos mó