Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ta-an-traidisiun-gaelach-tugtha-d’eisteoiri-na-cruinne-ina-stil-speisialta-bhriomhar-aitheanta-fein-ag-seo-linn’

‘Tá an traidisiún Gaelach tugtha d’éisteoirí na cruinne ina stíl speisialta bhríomhar aitheanta féin ag Seo Linn’

| sean o dubhchon | ,

Is comhtharlú iontach é gur eisíodh Anuas chomh gar sin do Sheachtain na Gaeilge, má smaoinímid ar an tionchar a bhí ag Seo Linn ar cheol comhaimseartha i nGaeilge. D’fhéadfá a rá gur thosaigh aistear Seo Linn thart deich mbliana ó shin agus gur chur an saol mór i gcoitinne aithne ar Seo Linn mar gheall ar ‘Avicii V Lurgan’.

Thíos ag obair i gColáiste Lurgan a bhí siad nuair a bhuail an smaoineamh iad leagan Ghaeilge de ‘Wake Me Up’, cnagshingil agus aintiún mór de chuid Avicii, a thaifeadadh. Scaip an físeán go rábach ar líne ina dhiaidh sin (tá breis agus 8.1 milliúin radharc ag an bhfíseán go dtí seo). Is cuimhin liom Stiofán Ó Fearaíl, príomhamhránaí Seo Linn, ag insint dom faoin mbanna a bheith ina shuí i dteach tábhairne i nGaillimh, ag amharc ar an méid radharc a fuair an físeán ag ardú na mílte le gach babhta.

Bhí siad ar The Late Late Show. Bhí siad ar an nuacht. Is cuimhin liom féin cé chomh hiontach is a bhí sé an t-éileamh mór a bhí ar a gcuid ceoil a fheiceáil. Sular tháinig Seo Linn amach, bhí fíorbheagán ceoil comhaimseartha i nGaeilge ann. D’athraigh gach rud ina dhiaidh. Is dócha go bhfaca amhránaithe, ceoltóirí agus cumadóirí go raibh áit ag an Ghaeilge sa cheol comhaimseartha, agus go raibh áit ag an gceol comhaimseartha sa Ghaeilge.

Tá an domhan siúlta ag Seo Linn ó shin, an teachtaireacht sin a scaipeadh acu ar fud na cruinne. Ní cheapaim go bhfaigheann Seo Linn go leor aitheantais as an ról a bhí acu le tús a chur leis an bhfeiniméan seo. Agus is ceannródaithe iad fós.

Tá sé suimiúil, i ndiaidh dóibh an t-albam Solas agus an EP Marcas sa gCoill a eisiúint, go bhfuil bailiúchán d’amhráin ar an sean-nós taifeadta acu le Anuas. Léiríonn an dá bhailiúchán a tháinig roimhe go bhfuil ardchumas cumadóireachta i saothar Seo Linn. Tá siad breá ábalta éistphéist – amhrán a ghreamódh i d’aigne – a chumadh. Mar sin, tá sé spéisiúil go bhfuil Seo Linn i ndiaidh casadh ar leith a chur ar na deich rian traidisiúnta ar Anuas.

Ach, ba rud nádúrtha é do Seo Linn albam mar seo a thaifeadadh. Ba chuid lárnach de shaothar Seo Linn é an traidisiún Gaelach ón chéad lá riamh, mar a mhínigh Stiofán dom.

“Le blianta, táimid ag casadh cuid de na hamhráin le linn ár seit beo, agus i gcónaí thaitin sé go mór linn na hamhráin sin a dhéanamh. Ar ár gcéad albam [Solas], bheartaigh muid rud iomlán difriúil a dhéanamh ag deireadh an albaim le ‘Oró Sé Do Bheatha ‘Bhaile’.

“Thaitin sé go mór linn agus tá sé ar cheann de na hamhráin is fearr linn a bheith ag casadh. Bhí níos mó amhrán mar sin ag teacht isteach sa seit. I ndiaidh dúinn Marcas sa gCoill a chur amach, dúirt muid go gcuirfimis EP amach d’amhráin a thagann ón traidisiún, ach déanta ar bhealach cineáilín difriúil, inár stíl féin,” a dúirt sé.

Thosaigh Anuas amach mar EP le cúig amhrán, cuid acu a bhí ar an liosta taifeadta go díreach agus cúpla ceann a raibh siad idir dhá chomhairle fúthu. Ach, mar dúirt Stiofán, choinnigh siad orthu go dtí go raibh albam iomlán acu.

“Nuair a thosaigh muid an próiseas taifeadta, bhí deich gcinn ansin ag an deireadh. Thaitin na hamhráin go mór linn. Bhí muid ag triail rudaí difriúla, bhí muid ag casadh uirlisí difriúla agus bhí muid ag baint taitnimh as gach uile chéim de.”

Bíonn na hamhráin beagnach cóirithe agus réitithe sula dtéann siad isteach sa stiúideo agus mhínigh Stiofán go dtagann “an 20% eile sa stiúideo, mar nuair a bhíonn tú istigh, bíonn tú réidh le dul, agus i gcónaí tagann rud éigean breise agus speisialta.”

Rinne Seo Linn Anuas a thaifeadadh in Black Mountain Studios i gContae Lú agus Hellfire Studios ar an teorainn idir Cill Mhantáin agus Baile Átha Cliath, chomh maith le stiúideonna in Indreabhán agus Luimneach. Is amhráin a théann i bhfad siar sna blianta iad na cinn a chloistear ar Anuas, agus is é ‘An Poc Ar Buile’ (cumtha ag Seán Ó Mulláin sna 1940í) an t-amhrán is “nuaaimseartha” ar an albam.

Cloisimid amhráin aitheanta ar nós ‘Siúil A Rún’, ‘Amhrán Mhaínse’ agus ‘Mo Ghile Mear’, chomh maith le cinn nach bhfuil chomh haitheanta céanna. Ba phróiseas orgánach a bhí ann na hamhráin a bhailiú don albam. Mar shampla, is ó Kev (a dhéanann fonnadóireacht, an bosca ceoil agus na cnaguirlisí leis an mbanna) a tháinig an smaoineamh ‘Molly na gCuach’ a thaifeadadh. Ós rud é go mbíonn Seo Linn ag casadh amhráin ó thraidisiún na hAlban, tá leagan den amhrán ‘Fionnghuala’ taifeadta acu.

Bhí Seo Linn mionchúiseach faoi gach gné den togra seo, teideal agus ealaín an albaim san áireamh.

“Tá dhá chúis leis an teideal. An chéad rud ná an smaoineamh gur tháinig na hamhráin seo síos trí na glúine againn. Mar fhocal, tá sé éasca le breathnú air, éasca a rá agus ní bheidh deacrachtaí ag mórán daoine é a aithint,” mar a mhínigh Stiofán. Tá sé tábhachtach go raibh an cur chuige sin ag Seo Linn, mar go bhfuil lucht leanúna ollmhór acu ar fud na cruinne, cuid mhaith acu nach bhfuil Gaeilge acu.

Baineann an ealaín albaim ghalánta péinteáilte de láimh ag Ryan Lavin go mór le téama an albaim. Feicimid baill Seo Linn lasmuigh de theach tábhairne atá á chóiriú, agus cuma úr a chur ar sheanfhoirgneamh traidisiúnta. Níl Seo Linn ag bogadh ar shiúl ón traidisiún, ach ag cur a gcasadh féin ar na hamhráin stairiúla seo.

Tá bua speisialta ag Seo Linn, bíodh sé leis an saothar atá cumtha acu féin, amhráin comhaimseartha aitheanta atá clúdaithe acu, amhráin traidisiúnta nó amhráin ar an sean nós. Cuireann siad a stampa féin ar gach rud agus tá stíl aitheanta cumasach ar leith acu. Aithníonn tú gur amhrán de chuid Seo Linn atá ann nuair a chloiseann tú é, leis an meascán foirfe den traidisiún agus céadfacht an popcheol sna hamhráin a eisíonn siad.

Is é an rud atá i gceist agam ansin ná go gcruthaíonn siad ceol a théann i bhfeidhm ar éisteoirí i gcoitinne, is cuma cén saghas suime nó blais atá acu sa cheol. Is i seisiúin, i bhfleánna agus mar chuid de chomórtais a bhíonn na hamhráin traidisiúnta agus amhráin ar an sean-nós a roghnaigh Seo Linn don albam le cloisteáil de ghnáth. Ach ar Anuas, tá na hamhráin cóirithe d’amharclanna, airéiní agus staideanna. An traidisiún Gaelach d’éisteoirí ar fud na cruinne, i stíl speisialta, bríomhar, so-aitheanta Seo Linn.

Is féidir Anuas a cheannach ar shuíomh an bhanna ceoil.

Níos mó