Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cogadh-na-gcomharsan:-seanchoimhlint-peile-i-reim-aris-agus-cearta-gaisce-oirdheisceart-uladh-le-baint

Cogadh na gComharsan: Seanchoimhlint peile i réim arís agus cearta gaisce Oirdheisceart Uladh le baint

| Padraig O Tiarnaigh | ,

Tabharfaidh Ard Mhacha aghaidh ar an Dúin i gCraobhchomórtas Chúige Uladh inniu.

Beidh na mílte le tarraingt ar Chluain Eois tráthnóna inniu. Ní gnáthchluiche leathcheannais é seo. Beidh lucht tacaíochta an Dúin agus Ard Mhacha ag dul síos an bóthar lán dóchais, ach fios maith acu go bhfuil cuid mhór i mbaol.

Samhlaítear go minic go mbíonn príomhchoimhlintí Ard Mhacha le fir Thír Eoghain, agus cé gur féidir sin a mhaíomh ag amharc ar an 20 bliain atá caite, is coimhlint í sin a tháinig chun cinn tráth a mbíodh an dá chontae ag teacht le chéile bliain i ndiaidh bliana sna luath 2000idí agus Corn Sham Mhig Uidhir ag athrú láimhe trasna na hAbhann Móire sna blianta ciniúnacha sin.

Thrácht mé ar an choimhlint peile áirithe sin ar na leathanaigh seo le déanaí agus cé gur dhéine í mar choimhlint, déarfadh aon duine ó Ard Mhacha leat go bhfuil an cogadh síoraí spóirt seo le bunadh an Dúin níos gaire den scornach arís, agus bhí i gcónaí.

In aon mhórbhaile atá roinnte agus scoilte thar dhá chontae, tiocfaidh an comórtas agus an bród, an grá agus an díomá, uilig le chéile tríd an spórt. Sin mar atá Iúr Cinn Trá. Agus níl aon teorainn nó taobh thraidisiúnta ann. Tá Páirc Esler, páirc bhaile an Dúin, go hoifigiúil in Ard Mhacha. Tógann an dream oráiste seilbh fosta ar otharlann an bhaile, Cnoc na Nóiníní, áit ar rugadh go leor de bhunadh an Dúin. Bhí athainmniú na Comhairle áitiúla conspóideach go fiú, nuair a fágadh aon tagairt d’Ard Mhacha agus dáilcheantar gCuillinn ar lár, cé go bhfreastalaíonn an Chomhairle ar Dheisceart Ard Mhacha trí chéile fosta.

Ach bíonn an tsíocháin maith agus sibhialta. Is ar scáth a chéile a mhaireann an dá chontae, idir cairde, clann agus comharsan. Cónaíonn bunadh Ard Mhacha ar thaobh an Dúin, agus a mhalairt. Tagann daltaí scoile thar teorainn le freastail ar réimse meánscoileanna ar an bhaile. Roinntear táblaí dinnéir, foirne spóirt scoile, tithe tábhairne, cumainn sacair agus go leor eile, agus ní nochtar an naimhdeas cairdiúil idir-chontae. Ach nuair a thagann an dá chontae le chéile i gcraobhchomórtas Uladh, bíonn athrú poirt ann. Mothaítear san aer é. Néaróga beaga dofheicthe. Mianta móra neamhráite. Osclaítear na héasclínte peile.

Le beagnach caoga bliain mhair muintir Ard Mhacha faoi scáth An Dúin i saol na peile. “Cúig”, a scairtfeadh daoine ort i gclós na scoile, lámh amach in airde acu os do comhair, agus gach méar agus ordóg sínte i dtreo na spéire, ag cur i gcuimhne duit go raibh Sam tugtha abhaile acu cúig huaire: an maíomh mórtasach sin a ghoill go mór ar a gcuid comharsan le fada an lá. Ar ndóigh tá dúchas maorga peile agus oidhreacht mhór acu sna craobhchomórtais agus ba iad an chéad fhoireann ó na Sé Chontae a thug Corn Mhig Uidhir ar ais thar teorainn in 1960.

Bhí cultúr fada i dteach s’againne dul chuig na cluichí peile. Lean m’athair Ard Mhacha go dílis gan staonadh i gcónaí. Insíonn sé go minic scéalta faoi bhriseadh croí 1977 agus na tréimhsí ísle agus arda ó shin. Chuaigh muid leis ar fud na tíre leis gach samhradh ar oilithreacht spóirt.

An chéad chluiche a bhfuil cuimhne mhaith agam air ná cluiche ceannais Uladh in 1999, an lá cinniúnach sin nuair a casadh an taoide sa scéal seo agus tháinig Ard Mhacha i réim. Cuireadh deireadh an lá úd le ré órga eile do Chontae an Dúin, a thug leo dhá Chorn Uile-Éireann sna 1990idí (1990 agus 1994). Ní bhfuair muid an lá sin ach an ruball d’iontais Mickey Linden agus James ‘Beag’ McCartan, ach fuair muid an chéad splanc mar is ceart den mhéid a bhí le teacht ó fhoireann órga óg Ard Mhacha.

Thug Oisín McConville 2-7 leis an tráthnóna céanna faoi ghrian Chluain Eois, agus bíonn daoine ag caint i gcónaí ar thaispeántas Diarmuid Marsden an lá céanna. Chuaigh cuid mhaith de ‘rang 1999’ ar aghaidh lena gcéad Sam a thabhairt abhaile leo 3 bliana i ndiaidh sin.

Tá nuachtáin na seachtaine seo lán de cholúin den chineál seo, go háirithe i gCúige Uladh, lán de chuimhní cinn ar chogadh seo na gcomharsan atá chomh corrach, teasaí le cuid mhaith de na coimhlintí móra sacair thall, a bhfuil dúshraith iontach áitiúil, agus cairdiúil, ann.

Níor cheart go ndéanfadh saighdiúirí Ard Mhacha talamh slán de dhúshlán seo an Dúin. Bhí seachtain mhór acu go dtí seo. Fuair siad an lámh in uachtar ar na Conallaigh ar an Iúr agus bhain siad Cluiche Ceannais Uladh faoi-20 i gcoinne Dhoire oíche Dé Céadaoin. Tá fuinneamh úrnua faoin chontae agus Conor Laverty i gceannas ar chúrsaí. D’éirigh leis baicle láidir ó ghaiscígh Chill Chua a mhealladh ar ais chuig an fhoireann idirchontae. Má tá aithne ar bith againn ar an Dún, bíonn siad contúirteach agus muinín acu.

Tá Ard Mhacha, áfach, ag téamh go maith sa Chraobh i ndiaidh dóibh stádas Roinn 1 sa tsraith a chailleadh, agus ba cheart, a scríobhaim go cúramach, go mbeadh go leor acu i ndiaidh 70+ bomaite le dúshlán an Dúin a shárú. Tá foireann seo Ard Mhacha píosa níos faide ar an bhóthar, agus iad ag imirt ag leibhéal níos airde le tamall maith de bhlianta. Má éiríonn leis an Dún cúl a fháil agus fuinneamh a thógáil, áfach, tá gach seans go bhfeicfidh muid ceann de choimhlintí peile na bliana agus cuirfear imreoirí Kieran McGeeney faoi scrúdú ceart.

‘Níl ann ach cluiche peile’, a déarfaidh siad linn. ‘Tá tú ag déanamh cnocán de chnapán’, a bheas léitheoirí NÓS a rá leo féin faoin am seo. Ní bheidh aon duine ón dá chontae ag aontú leat, agus tiocfaidh an t-am sa chluiche nuair a fhágfar an cairdeas áitiúil ar leataobh, nuair a bheas an cluiche idir dhá cheann na meá, cearta gaisce na bliana le baint, agus beidh an colúnaí seo ag guí go ndéanfaidh fir Ard Mhacha a sean-namhaid béal dorais a chloí.

Níos mó