Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
fisean:-uachtaran-ar-sam-le-labhairt-sa-dail-don-cheathru-huair,-conas-a-d’eirigh-leis-an-triur-eile?

FÍSEÁN: Uachtarán ar SAM le labhairt sa Dáil don cheathrú huair, conas a d’éirigh leis an triúr eile?


Óráid Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, John F Kennedy, an 28 Meitheamh, 1963

1) Cén fhad a mhair sí? 

14 bomaite, 19 soicind

2) Cad a dúirt sé? 

Ina aitheasc os comhair an Oireachtais, labhair John F. Kennedy faoi chúrsaí imirce, faoin tsaoirse agus faoi neamhspleáchas an stáit. Bhí bród air a bheith ar an chéad Uachtarán ar Mheiriceá a thug cuairt oifigiúil ar Éirinn, a dúirt sé. Dúirt sé gur ailtire as Éirinn, James Hoban, a dhear an Teach Bán. Bhí an dearadh bunaithe ar ‘stíleanna’ as Baile Átha Cliath chun go mbraithfeadh aon Uachtarán as Éirinn ar a chompord ann, arsa Kennedy. “It was a long wait, but I appreciate his efforts,” ar sé.

Bhronn sé ar an Oireachtas brat glas de chuid Bhriogáid na hÉireann i Nua-Eabhrac, dream a throid i gCogadh Cathartha Mheiriceá. ‘An tAontas, ár dtír agus Éire go brách’ an mana a bhí  acu. Le tagairt den scéal sin a chuir sé tús lena óráid a dhírigh cuid mhór ar chúrsaí saoirse agus síochána agus ar thodhchaí na hÉireann.

Labhair sé faoina shin-seanathair, arbh as Ros Mhic Thriúin i Loch Garman dó, agus a chuaigh ar imirce go Meiriceá. Seans nach rachadh sé ar imirce ar chor ar bith dá mbeadh Éire ‘saor’ an uair sin, a dúirt sé. Chuir sé síos ar an dul chun cinn a dúirt sé a bhí déanta ag Éirinn ach thug sé foláireamh do na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí a bhí i láthair. Níor leor an rachmas, a dúirt sé, chaithfeadh saoirse a bheith ann chomh maith.

3) Cé hiad na hÉireannaigh ar thagair sé dóibh? 

George Bernard Shaw, scríbhneoir agus James Joyce, scríbhneoir

4) Léirmheas? 

Óráid spreagúil fileata ó dhuine de mhór-óráidithe a linne.

5) Blaiseadh den chaint…

‘A chairde, tá tráth na hÉireann tagtha. Tá rud le tabhairt agaibh don domhan, agus sin todhchaí faoi shíocháin agus faoi shaoirse.’

6) Cad eile a rinne sé ar a thuras? 

Le linn a chuairt ceithre lá, chuaigh sé go dtí Corcaigh, Gaillimh, Luimneach agus go Ros Mhic Thriúin i Loch Garman, an áit inar rugadh a shin-seanathair. Bhailigh na sluaite le slán a fhágáil leis an Uachtarán ag Aerfort na Sionainne. Gheall sé go bpillfeadh sé san earrach, ach maraíodh é ar an 22 Samhain 1963.

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Óráid Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ronald Reagan, an 4 Meitheamh, 1984

1) Cén fhad a mhair sí? 

38 bomaite, 07 soicind

2) Cad a dúirt sé? 

Labhair sé faoi na trioblóidí ó thuaidh ach chaith sé go leor ama ag cáineadh an Aontais Shóivéadaigh agus shílfeá gur ag cosaint a pholasaí gnóthaí eachtracha i leith thíortha éagsúla a bhí sé cuid mhaith den am.  Faoi dheireadh, d’fhill sé ar théama na síochána agus chuir sé clabhsúr ar a chaint le tagairt do chaint Kennedy: ‘Is ionann mian agus a ndúirt Uachtarán óg as Meiriceá sa teach seo breis is scór bliain ó shin, nuair a dúirt, ‘Todhchaí faoi shíocháin agus faoi shaoirse’.

3) Cé hiad na hÉireannaigh ar thagair sé dóibh? 

Barry Fitzgerald, aisteoir

4) Léirmheas

‘An Great Communicator’ ceann de na leasainmneacha a bhí ar Reagan agus ba léir a bhuanna cumarsáide sa Dáil. fiú ina dhrochiarrachtaí ar ghreann. Ach óráid fhadálach a bhí inti a dhírigh cuid mhaith ar a pholasaí gnóthaí eachtracha – nó an Reagan Doctrine mar a thugtaí air.

5) Blaiseadh 

‘Tá súil agam nach gceapfaidh sibh gur ródhána an mhaise dom é a rá gurb é an cur síos is gonta a d’fhéadfainn a dhéanamh ar a mothaím anseo maidin inniu ná: ‘ag baile, ag baile arís’.’”

6) Cad eile a rinne sé ar a thuras? 

Turas ceithre lá a bhí ag Ronald Reagan in Éirinn. Chaith sé seal i mBaile Átha Cliath, bronnadh céim onórach air in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus chuaigh sé ar chuairt chuig Béal Átha Póirín, i dTiobraid Árann, an áit arbh as a shin-seanathair. Bhí go leor agóidí ar siúl le linn a chuairte mar gheall ar a pholasaithe gnóthaí eachtracha.

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Óráid Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Bill Clinton, an 1 Nollaig, 1995

1) Cén fhad a mhair sé? 

12 bomaite, 29 soicind

2) Cad a dúirt sé? 

Laethanta luatha phróiseas na síochána ó thuaidh a bhí ann agus labhair sé faoina chuairt go Béal Feirste. Bhí áthas air, a dúirt sé, a bheith ar an gcéad uachtarán ar Mheiriceá a thug cuairt oifigiúil ar an Tuaisceart. An tsíocháin, an todhchaí agus an dóchas na téamaí móra bhí aige.

Dhírigh sé chomh maith ar chúrsaí imirce. Labhair sé cúpla focal Gaeilge le linn a óráide agus é ag trácht ar na daoine as Éirinn a chuaigh ar imirce go Meiriceá ag lorg ‘caisleáin óir’.

3) Cé hiad na daoine as Éirinn ar thagair sé dóibh? 

Séamus Heaney, file, agus George Bernard Shaw, scríbhneoir.

4) Léirmheas  

Ach oiread leis an mbeirt a labhair sa Dáil roimhe, tá Clinton áirithe ar dhuine de na hóráidithe is fearr a bhí sa Teach Bán riamh. Ba aige a bhí an óráid is giorra go mór ach níor bhain sin d’éifeacht an tsárchainteora. Más é tuin Boston a mheall go leor chuig JFK níl aon amhras gur chuidigh tuin mhall dheisceart Mheiriceá le Clinton.

5) Blaiseadh 

‘Ná ligimis do chroíthe na ndaoine óga atá ag tnúth leis an tsíocháin cruachan ina leac.’

6) Cad eile a rinne sé ar a thuras? 

Thug sé cuairt ar dhaoine ar Bhóthar na Seanchille agus ar Bhóthar na bhFál a fhad is a bhí sé i mBéal Feirste. Thug sé cuairt ar Dhoire agus ar Bhaile Átha Cliath chomh maith. Ba í cuairt 1995 an chéad cheann de thrí thuras a thug sé ar Éirinn.

Níos mó