Tá ráite ag Aire na Gaeltachta nach bhfuil aon ghlacadh aici leis an maíomh go bhfuil géarchéim in earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge de dheasca titim ar líon na mban tí.
Dúirt an tAire Catherine Martin nach n-aontaíonn sí leis an méid atá á rá sna meáin faoi earnáil na gcoláistí samhraidh a bheith i mbaol mar gheall ar easpa ban tí. Dúirt Martin go bhfuil a lán tacaíochta curtha ar fáil ag a Roinn don earnáil agus do na mná agus fir tí le blianta beaga anuas agus go mbeidh níos mó daltaí in ann freastal ar choláistí Gaeilge in 2023 ná mar a d’fhreastail ar chúrsaí in 2017.
Tá an titim atá tagtha ar líon na dteaghlach a chuireann lóistín ar fáil do na scoláirí a fhreastalaíonn ar na coláistí samhraidh ina hábhar imní le roinnt blianta anuas, ach tá an scéal i mbéal an phobail an tseachtain mar gheall ar chlár faoi ábhar a craoladh ar ar TG4.
De réir na bhfigiúirí a craoladh ar Iniúchadh TG4, tháinig laghdú 30% idir 2018-2022 ar líon na dteaghlach sa Ghaeltacht a choinníonn Gaeilgeoirí.
Agus an tAire Martin os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge inné, d’fhiafraigh an Teachta Dála Catherine Connolly di ar ghlac sí leis go raibh géarchéim n earnáil na gcoláistí samhraidh.
“Níl aon bhunús leis an méid atá á mhaíomh go bhfuil géarchéim in earnáil na gcoláistí samhraidh,” a dúirt an tAire Martin.
Dúirt an tAire go raibh Roinn na Gaeltachta tar éis “roinnt bearta breise” a thionscnamh le gairid chun tacaíocht a thabhairt don earnáil – ardú ar an deontas laethúil d’fhir agus do mhná tí go dtí €12 in aghaidh an scoláire, ardú ar an líon scoláirí gur féidir le teaghlaigh a choinneáil, agus ardú ar an deontas a chuirtear ar fáil do theaghlaigh nua.
“Leis na leapacha breise istigh sna tithe i mbliana, de bharr bhearta na Roinne, beifear in ann freastal i mbliana ar thart ar an líon céanna scoláirí is a bhí ann in 2018, agus níos mó ná mar a bhí ann in 2017, agus sin in ainneoin líon na mban tí atá tar éis an earnáil a fhágáil,” a dúirt an tAire Martin.
Dúirt sí freisin, áfach, go raibh obair ar bun sa Roinn chun tuilleadh teaghlach a mhealladh chun lóistín a chur ar fáil roimh thús na gcúrsaí an samhradh seo.
“Idir seo agus an samhradh, scrúdóidh an Roinn go gníomhach an bhféadfaí bearta breise a thabhairt isteach chun soláthraithe nua lóistín a thabhairt isteach san earnáil.”
De réir na bhfigiúirí, le ceithre bliana thit líon na dteaghlach a choinníonn scoláirí na gcoláistí Gaeilge ó 712 go dtí 495.
Tá ráite ag coláistí samhraidh áirithe go bhfuil scoláirí á gcur ó dhoras ag na coláistí mar gheall nach bhfuil na leapacha ann dóibh agus na mílte ar liostaí feithimh d’áit ar na cúrsaí Gaeilge.
Bhí earnáil na gcoláistí samhraidh buailte go dona le linn na paindéime Covid-19 toisc go raibh na coláistí dúnta ar feadh dhá bhliain agus tá roinnt coláistí nár oscail arís agus roinnt eile atá fós i mbaol.
Moladh i dtuarascáil taighde a foilsíodh anuraidh go dtacódh Roinn na Gaeltachta le forbairt brúnna mar rogha ag coláistí sna ceantair is mó ina bhfuil deacrachtaí tithe lóistín a fháil.
Bhí easpa ban tí ag cur as do choláistí ar fud na Gaeltachta an samhradh seo caite.
Sé choláiste samhraidh nár oscail a ar chor ar bith anuraidh.
Thug CONCOS, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar na coláistí samhraidh Gaeilge, le fios go raibh ‘géarchéim’ ann ó thaobh lóistín de.
De réir na bhfigiúirí ó CONCOS bhí breis is 1,600 leaba agus 142 teach níos lú sa chóras anuraidh ná mar a bhí in 2019.
Dúradh i ndiaidh Bhuiséad 2023 go dtabharfadh Roinn na Gaeltachta faoi athbhreithniú ar earnáil na gcoláistí Gaeilge san fhómhar ach níor cuireadh tús leis go fóill.