Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
‘nior-chuir-airteagal-41.2-bac-ar-aon-cheart-riamh-–-nil-sa-reifreann-nua-ach-bealghra’

‘Níor chuir Airteagal 41.2 bac ar aon cheart riamh – níl sa reifreann nua ach béalghrá’

Tá sé ráite ag an rialtas go mbeidh reifreann againn i mí na Samhna 2023. Beidh an cheist bunaithe ar píosa sa bhunreacht a bhaineann le mná agus an ról atá acu sa saol mór. Tugtar ‘an reifreann comhionannais’ air agus tá sé ar intinn ag an rialtas Airteagal 41.2 a bhaint ón mBunreacht. De réir na caint cois claí deir Airteagal 41.2 gur chóir go bhfanfadh mná sa theach,  agus go ndeir sé “the woman’s place is in the home” as Béarla. Dar liomsa go bhfuilimid ar fad – an rialtas ina measc – ag léamh an Bhunreachta go mícheart agus ag bogadh róluath. Tá baol ann go gcaillfimid go leor dá bharr.

I mo thuairim, tá an chuid is mó ag léamh an téacs Béarla amháin agus  ag baint míbhrí as. Tá sé tábhachtach an téacs Gaeilge a léamh sa bhunreacht toisc go bhfuil tús aite aige má bhíonn coimhlint ann idir an bhrí Bhéarla agus an bhrí Ghaeilge.

Mar sin, cad a deirtear in Airteagal 41.2? Agus an gá dúinn é a athrú le reifreann?

Ag breathnú ar an téacs Béarla amháin, feictear go bhfuil dearcadh seanaimseartha le feiscint ann:

In particular, the State recognises that by her life within the home, woman gives to the State a support without which the common good cannot be achieved…mothers shall not be obliged by economic necessity to engage in labour to the neglect of their duties in the home.

Cinnte, mar feimineach, cuireann an frása ‘duties in the home’ déistin orm. Is féidir le bean fanacht sa teach mar bhean tí más mian léi – nílim ag rá nach féidir léi! Ach tá fadhb agam nuair a chuireann an Stát dualgas uirthi chun é seo a dhéanamh. Má tá an méid sin le fáil in Airteagal 41.2 amháin, aontaím leis an éileamh chun é a athrú. Ach, ba chóir dúinn breathnú ar an téacs Gaeilge chun an fhíorbhrí a thuiscint:

Go sonrach, admhaíonn an Stát go dtugann an bhean don Stát, trína saol sa teaghlach, cúnamh nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais…nach mbeidh ar mháithreacha clainne, de dheasca uireasa, dul le saothar agus faillí a thabhairt dá chionn sin ina ndualgais sa teaghlach.

Ar an gcéad amharc, ní feictear éagsúlacht ollmhór idir na téacsanna. Ach sa téacs Béarla, úsáidtear an focl ‘home’ chun ‘teaghlach’ an chur in iúl. Cinnte, sa ghnáthchaint, is dócha go bhfuil an t-aistriúchán seo ceart. Ach i léirmhíniú bhunreachtúil, tríd an mBunreacht, úsáidtear ‘teaghlach’ chun ‘family’ nó ‘clann’ a chur in iúl. Chun léirmhíniú bhunreachtúil a dhéanamh i gceart, bíonn comhsheasmhacht uainn tríd an téacs. Is dóigh liom go bhfuil éagsúlacht ollmhór le fáil idir an chiall a bhainimid amach as ‘teaghlach’ agus ‘home’.

Ar dtús, ó thaobh bitheolaíochta de, go ginearálta, is í an mháthair a saolaíonn pháistí. Cinnte, ní hé an t-aon slí amháin ina cruthaítear clanna. Ach go ginearálta, is féidir linn a rá nuair atá leanbh ann, tá bean nó máthair éigin freagracht as an mbreith. Agus ag glacadh leis sin, bíonn saoire mháithreachais ag teastáil. Dar liomsa, is féidir linn Airteagal 41.2 a léamh mar cheart chun saoire mháithreachais a dearbhú do mháithreacha.

Deirtear sa téacs nach féidir leis an stát brú a chur ar mhná obair a lorg taobh amuigh den obair atá le déanamh aici agus í ina máthair. Deirtear ann nach gá do mháthair obair a dhéanamh ar cúis ‘deasca uireasa’ nuair atá sí ag déanamh a cuid oibre mar mháthair sa teaghlach. Is féidir linn tuiscint nua-aimseartha a a bhaint as an bpíosa sin, toisc go mbogann an Bunreacht leis an saol. Is féidir linn é a thuiscint mar cheart ag máithreacha saoire mháithreachais a fháil, agus é a léamh mar dhualgas ar an Stát tacaíocht eacnamaíochta a thabhairt do mháithreacha.

Caithfear a rá ag an am céanna nach bhfuil saoire thuismitheoireachta ag teastáil ag máithreacha amháin. Ba chóir go mbeidh a ndóthain ama agus a ndóthain pá ag gach uile thuismitheoir, beag beann ar inscne. Agus cinnte, caithfidh mé a rá nach mná amháin atá in ann a bheith ina máithreacha, nó ina dtuismitheoirí. Is iomaí saghas clainne atá ann. Tá tacaíocht ón Stát ag teastáil agus, dar liomsa, cuireann an sort tacaíochta sin leis an saol mór ar an iomlán.

Ach is féidir linn reachtaíocht a chruthú ina ndearbhófaí saoire thuismitheoireachta do gach aon duine. Ní chuireann Airteagal 41.2 bac ar an méid sin. Ní sheasann sé sa bhealach ar aon chóras comhionannais a chur i bhfeidhm trí reachtaíocht. Níor chuir Airteagal 41.2 bac ar aon cheart riamh, níl sé ag cur isteach ar shaol nó ar chomhionannas mhná (ná fhir) na hÉireann.

Níl sa reifreann atá beartaithe ach béalghrá, mura bhfuil an Rialtas chun a dhualgas a dhéanamh agus comhionannas a dearbhú tríd an reachtaíocht. Cén fáth a bhfuilimid chun am agus airgead a chaitheamh ar reifreann, chun é a athrú, gan tuiscint cheart a bheith againn air? Tá neamhaird á dhéanamh ar an téacs Gaeilge, an phríomhtheanga a bhfuil tús áite aici, agus mar sin, táimid réidh leis an mBunreacht a athrú gan chúis.

Níos mó