Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Top tips for people looking for jobs with Irish
Information Sheet on Job Possibilities
pairc-naisiunta-eile-sa-bhreatain-bheag-lena-hainm-breatnaise-a-usaid-feasta

Páirc náisiúnta eile sa Bhreatain Bheag lena hainm Breatnaise a úsáid feasta

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Tá an cinneadh déanta ag lucht riartha na páirce náisiúnta a dtugtaí ‘Brecon Beacons National Park’ uirthi ainm Breatnaise na páirce – Bannau Brycheiniog – a úsáid feasta. Dúirt lucht na páirce go bhfuil siad ag iarraidh “cultúr agus oidhreacht” na háite a chur chun cinn.

Baineann an t-ainm Breatnaise leis an ríocht Brycheiniog, ríocht a raibh an rí Brychan i gceannas air sa chúigiú haois, agus leis na sléibhte atá le fáil sa cheantar. Is ionann ‘bannau’ na Breatnaise agus ‘beanna’ na Gaeilge, mar sin ‘Beanna (na ríochta) Brycheiniog’ is brí leis an ainm nua ar an bpáirc. Tá teorainneacha na páirce náisiúnta mar atá sa lá atá inniu ann beagnach mar a chéile le teorainneacha na ríochta ársa mar a bhí 1,500 bliain ó shin.

Dúirt príomhfheidhmeannach na páirce Catherine Mealing-Jones gur léir don fhoireann nach raibh bunús maith faoin ainm ‘Brecon Beacons’ agus gurbh fhearr a d’fheil ‘Bannau Brycheiniog’ don cheantar atá laistigh den pháirc. Níl aon fhianaise ann, a dúirt sí, go ndóití rabhchán ar bharr na mbeann.

“De réir mar a bhreathnaíomar isteach sa scéal thuigeamar nach raibh ciall ar bith leis an ainm ‘Brecon Becaons’. Is cur síos thar a bheith Sasanach é ar rud is dócha nár tharla. Ní bheadh cuma mhaith ar an eagraíocht comhshaoil [an pháirc] dá mbeadh rabhchán mór a dhónn carbón mar lógó aici.

“Tá na hainmneacha Breatnaise go hálainn. Cuireann siad síos ar rudaí. Níl muid ag éileamh ar dhaoine an t-ainm Breatnaise a úsáid, ach tá súil againn go mbeidh sé in úsáid de réir a chéile,” a dúirt sí.

Ní hiod é an chéad uair a athraíodh ainm páirce sa Bhreatain Bheag le deireanas. Rinneadh an cinneadh fáil réidh leis an ainm ‘Snowdonia’ anuraidh agus tugtar Páirc Náisiúnta Eryri ar an bpáirc sin i dtuaisceart na tíre anois. Tá an-inmní ar lucht labhartha na Breatnaise le blianta beaga anuas faoin gcreimeadh atá á dhéanamh ar logainmneacha Breatnaise ar fud na tíre, go mór mór i gceantair ina labhraítear an Bhreatnais mar phríomhtheanga.

Tá trí pháirc náisiúnta sa Bhreatain Bheag ach tá ráite ag lucht riartha na páirce eile nach bhfuil aon rún acu an t-ainm atá ar Pembrokeshire Coast National Park (Ardfordir Penfro) a athrú i láthair na huaire.

Tá Páirc Náisiúnta Bannau Brycheiniog tuairim is 1,350km² agus mealltar thart ar 4,000,000 duine chun na páirce gach bliain.

Níos mó