Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
sean-o-tuairisg,-duine-de-bhunaitheori-rnag,-ar-shli-na-firinne

Seán Ó Tuairisg, duine de bhunaitheorí RnaG, ar shlí na fírinne

| tuairisc | , , ,

Tá Seán Ó Tuairisg, an craoltóir aitheanta a bhí ar dhuine den mheitheal a bhunaigh Raidió na Gaeltachta i 1972, ar shlí na fírinne.

Bhí sé 78 bliain d’aois.

Bhí Seán Ó Tuairisg, arb as an Lochán Beag in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara dó, ar dhuine de na craoltóirí Gaeilge raidió agus teilifíse ba cháiliúla lena linn.

Bhí baint aige le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus ghlac sé páirt gníomhach san fheachtas toghchánaíochta ar son Pheadair Mhic an Iomaire, iarrthóir na gluaiseachta, i 1969.

Ba le Saor-Raidió Chonamara a thosaigh sé ag craoladh den chéad uair.

Is i dtús na 1970idí a bhí baint aige leis an stáisiún bradach raidió i gConamara a réitigh an bealach do Raidió na Gaeltachta agus, dar le mórán, do Theilifís na Gaeilge lá níos faide anall.

Bhí Seán Ó Tuairisg, mar shampla, ina chathaoirleach ar dhíospóireacht a craoladh ar an stáisiún bradach mí na Samhna 1970 faoi éileamh Chearta Sibhialta na Gaeltachta ar údarás neamhspleách Gaeltachta.

Sular thug sé faoin gcraoltóireacht ar bhonn gairmiúil, rinne sé BA agus teastas I dteagasc na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh agus thug sé tréimhse ag múineadh in Ollscoil Ruhr in Bochum na Gearmáine agus tréimhse eile ag teagasc i gColáiste Mhuire ar Chearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath.

25 bliain d’aois a bhí sé ar nuair a bhí sé ar dhuine den seachtar fear is mó a luaitear le bunú Raidió na Gaeltachta um Cháisc 1972. Bhí suim ar leith aige i gcúrsaí reatha agus sa réimse sin a bhíodh sé ag obair sna blianta fada a chaith sé leis an stáisiún Gaeltachta. Bhí sé ar an gcéad láithreoir, mar shampla, ar Admhaidin, clár cúrsaí reatha maidine RnaG, a bunaíodh i 1986.

Is iomaí polaiteoir, náisiúnta agus áitiúil, a chuir sé faoi agallamh ar Raidió na Gaeltachta. Bhíodh sé géarchúiseach ina chur chuige agus ba dheacair do pholaiteoirí éalú óna chuid ceisteanna.

Bhog sé go dtí RTÉ agus saol na teilifíse sna 1990idí nuair a iarradh air dul ag obair ar an gclár Cúrsaí a bhí faoi stiúir Chathail Goan. Bhíodh tóir ar Cúrsaí, a bhíodh á chraoladh ceithre oíche sa tseachtain agus leis an gclár sin is mó a shamhlaítear tréimhse Sheáin Uí Thuairisg mar láithreoir teilifíse. Léiriú eile ar a chumas ab é gur bronnadh Gradam Jacob’s air i 1992 as a shaothar ar an gclár.

Bhí Seán Ó Tuairisg ar dhuine de sheisear mac agus beirt iníonacha a bhí ag Máirtín Mór Ó Tuairisg agus a bhean Moya.

Níl ann ach mí ó bhásaigh an deartháir ba shine leis, Pádraig, a raibh cónaí air i gCill Éinne, Árainn.

Bhí drochshláinte ar Sheán Ó Tuairisg le roinnt blianta anuas agus cúram á dhéanamh dó in Áras Chois Fharraige. Beidh sé á thórramh amárach Dé hAoine, an 21 Aibreán, idir 6-8pm, i Marbhlann Uí Neachtain ar an gCnoc in Indreabhán. Aistreofar a chorp go Séipéal Naomh Ainnín ar an gCnoc ina dhiaidh sin agus cuirfear é i Reilig an Chnoic, tar éis Aifrinn meán lae Dé Sathairn, an 22 Aibreán.

Níos mó