Tá Seán Ó Tuairisg, an craoltóir aitheanta a bhí ar dhuine den mheitheal a bhunaigh Raidió na Gaeltachta i 1972, ar shlí na fírinne.
Bhí sé 78 bliain d’aois.
Bhí Seán Ó Tuairisg, arb as an Lochán Beag in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara dó, ar dhuine de na craoltóirí Gaeilge raidió agus teilifíse ba cháiliúla lena linn.
Bhí baint aige le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus ghlac sé páirt gníomhach san fheachtas toghchánaíochta ar son Pheadair Mhic an Iomaire, iarrthóir na gluaiseachta, i 1969.
Ba le Saor-Raidió Chonamara a thosaigh sé ag craoladh den chéad uair.
Is i dtús na 1970idí a bhí baint aige leis an stáisiún bradach raidió i gConamara a réitigh an bealach do Raidió na Gaeltachta agus, dar le mórán, do Theilifís na Gaeilge lá níos faide anall.
Bhí Seán Ó Tuairisg, mar shampla, ina chathaoirleach ar dhíospóireacht a craoladh ar an stáisiún bradach mí na Samhna 1970 faoi éileamh Chearta Sibhialta na Gaeltachta ar údarás neamhspleách Gaeltachta.
Sular thug sé faoin gcraoltóireacht ar bhonn gairmiúil, rinne sé BA agus teastas I dteagasc na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh agus thug sé tréimhse ag múineadh in Ollscoil Ruhr in Bochum na Gearmáine agus tréimhse eile ag teagasc i gColáiste Mhuire ar Chearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath.
25 bliain d’aois a bhí sé ar nuair a bhí sé ar dhuine den seachtar fear is mó a luaitear le bunú Raidió na Gaeltachta um Cháisc 1972. Bhí suim ar leith aige i gcúrsaí reatha agus sa réimse sin a bhíodh sé ag obair sna blianta fada a chaith sé leis an stáisiún Gaeltachta. Bhí sé ar an gcéad láithreoir, mar shampla, ar Admhaidin, clár cúrsaí reatha maidine RnaG, a bunaíodh i 1986.
Is iomaí polaiteoir, náisiúnta agus áitiúil, a chuir sé faoi agallamh ar Raidió na Gaeltachta. Bhíodh sé géarchúiseach ina chur chuige agus ba dheacair do pholaiteoirí éalú óna chuid ceisteanna.
Bhog sé go dtí RTÉ agus saol na teilifíse sna 1990idí nuair a iarradh air dul ag obair ar an gclár Cúrsaí a bhí faoi stiúir Chathail Goan. Bhíodh tóir ar Cúrsaí, a bhíodh á chraoladh ceithre oíche sa tseachtain agus leis an gclár sin is mó a shamhlaítear tréimhse Sheáin Uí Thuairisg mar láithreoir teilifíse. Léiriú eile ar a chumas ab é gur bronnadh Gradam Jacob’s air i 1992 as a shaothar ar an gclár.
Bhí Seán Ó Tuairisg ar dhuine de sheisear mac agus beirt iníonacha a bhí ag Máirtín Mór Ó Tuairisg agus a bhean Moya.
Níl ann ach mí ó bhásaigh an deartháir ba shine leis, Pádraig, a raibh cónaí air i gCill Éinne, Árainn.
Bhí drochshláinte ar Sheán Ó Tuairisg le roinnt blianta anuas agus cúram á dhéanamh dó in Áras Chois Fharraige. Beidh sé á thórramh amárach Dé hAoine, an 21 Aibreán, idir 6-8pm, i Marbhlann Uí Neachtain ar an gCnoc in Indreabhán. Aistreofar a chorp go Séipéal Naomh Ainnín ar an gCnoc ina dhiaidh sin agus cuirfear é i Reilig an Chnoic, tar éis Aifrinn meán lae Dé Sathairn, an 22 Aibreán.